Black Friday: Margadh Maith?

Tá sé ina thraidisiún i SAM go dtugtar ‘Black Friday’ ar an Aoine tar éis Lá an Altaithe agus gurb é tús shéasúr na siopadóireachta Nollag.

Tá an téarma in úsáid in áiteanna sna Stáit ó bhí na 1960í ann agus anois bíonn sladmhargaí ar fáil fud fad an domhain, ar líne agus sna siopaí féin.

Fiú anseo in Éirinn anois déantar go leor fógraíochta ar an lá agus na díoltóirí ar a ndícheall tuilleadh custaiméirí a mhealladh.

Ach an bhfuil margadh maith ar fáil don siopadóir i ndáiríre ar 'Aoine Dhubh' nó an é nach bhfuil ann ach cleas ag na comhlachtaí brabús a dhéanamh?

Labhair Meon Eile le Breanda Uí Chléirigh agus Aoife Nic an tSaoir faoina dtuairimí féin ar an lá mór siopadóireachta.

Close
Close