Níl an Nollag ach inár gcuimhne anois agus na maisiúcháin go léir curtha ar shiúl ar feadh bliana eile.
Táimid uilig tar éis a bheith bronnta leis an iliomad boscaí bronntanas agus stocaí breise nach féidir linn úsáid a bhaint astu uilig.
An bhfuil tú chun iad a chaitheamh i gcúl cófra le hachan ceann de na rudaí eile atá faighte agat thar na blianta, nó an bhfuil rud inteacht níos úsáidí gur féidir leat a dhéanamh leis na bronntanais seo nach bhfuil aon rud contráilte leo?
Le blianta beaga anuas tá an feiniméan ‘regifting’, nó athbhronnadh, tar éis theacht chun cinn.
Is é atá i gceist ná bronntanas atá faighte agat ach nach féidir leat úsáid a bhaint as nó níor mhaith leat é, an bronntanas sin a thabhairt do dhuine éigin eile.
Níl rud ar bith mícheart leis sin, an bhfuil?
Tá roinnt rialacha a bhaineann le ‘etiquette’ leis an athbhronnadh, ach tá ciall leis an chuid is mó acu agus tá mé cinnte go n-aontóidh tú leo:
- Ná bí ag athbhronnadh an bhronntanais sa pháipéar ina fuair tú féin é – cuir páipéar beartán úr air!
- Ná foscail é nó ná úsáid an bronntanas sula n-athbhronnann tú é.
- Ná déan athbhronnadh ar bhronntanas chuig an duine a thug an bronntanas sin duit!
Fuair Meon Eile amach ó na mic léinn i gColáiste Mhuire an ndearna siad athbhronnadh riamh…