An mbainfidh tú úsáid as an 'Hangover Delivery Service'?

Tá seachtain ‘Freshers’ faoin lán seoil in ollscoileanna mórthimpeall na hÉireann agus cáil na cóisireachta air ó cheann ceann na tíre.

Le cois an spraoi, tá olachán agus ragairneacht i mbéal an phobail agus go leor cainte faoin chóisireacht ag gabháil thar fóir.

Tá fiontraithe óga i mBéal Feirste tar éis gnó a thoiseacht bunaithe atá ar an ‘fhulaingt’, nó falsacht, a bhíonn ar dhaoine lá i ndiaidh drábhlas mór.

Tá seirbhís cúram póite nó ‘hangover delivery service’ ar bun ag roinnt céimithe de chuid Ollscoil na Ríona. Ar chostas £4, gealltar go mbeidh do rogha bia agus di ag doras do thí laistigh d’uair a chloig.

Tá an áis seo anois ar fáil i mBéal Feirste, Droichead na Banna, Lios na gCearrbhach agus ar an Lorgain, agus breis agus 30,000 ball ar leathanach Facebook s’acu.

Chuaigh Meon Eile a fhiosrú an mbainfeadh phobal na sé chondae úsáid as an tseirbhís…

Close
Close