An mbíonn 'pundits' ró-ghéar ar imreoirí CLG?

Is cinnte go bhfuil Cumann Lúthchleas Gael i mbéal an phobail i mbliana agus cluichí den scoth feicthe idir spóirt na bhfear agus na mban.

Tá daoine fós ag caint faoin gcluiche peile Leathcheannais idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí agus é ar cheann de na cluichí is bríomhaire agus is teannta le tamall. Bhí muid ar fad ar cipíní ag an nóiméad deireanach den Chluiche Ceannais Iománaíochta idir Corcaigh agus an Clár agus tá an-choimhlint romhainn arís san athimirt.

Déanann muid dearmad uaireanta nach bhfuil na himreoirí seo ag fáil íocaíochta agus caitheann an pobal, agus na ‘pundits’ leo, mar a bheadh imreoirí gairmiúla iad.

Bhí daoine ag dul ar mire tar éis do Joe Brolly trácht a dhéanamh faoi Seán Cavanagh agus an greamú cáiliúil sin a rinne sé ar Conor McManus Mhuineacháin. Ní Brolly amháin a bhíónn dian ar imreoirí CLG ach ardaíonn seo an cheist an mbíonn ‘pundits’ ró-ghéar ar imreoirí CLG?

Is cinnte go mbeidh na ‘pundits’ ar fad ag coinneáil súil ghéar ar imreoirí Mhaigh Eo agus Bhaile Átha Cliath an Domhnach seo ach an mbeidh Maigh Eo in ann deireadh a chur leis an mhallacht nó an mairfidh sé fós? Beidh le feiceáil.

Close
Close