Rinneadh cuid mhór cainte le déanaí faoi chuairt fhéideartha ón Phápa Proinsias ó thuaidh. Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le rún go gcuirfí cuireadh chun na cathrach chuig ceannasaí na hEaglaise Caitlicí.
Tháinig Pápa John Paul II go hÉirinn in 1979. Níor tháinig sé trasna an teorann as siocair cúrsaí slándála agus cogaíochta.
Thug an Taoiseach Enda Kenny cuireadh don Phápa cuairt a thabhairt ar chladaigh na hÉireann le linn dó bheith sa Róimh ar an mhí seo caite.
Chuir Meon Eile ceist ar mhuintir óga an tuaiscirt faoi fhilleadh an Phápa – an gcuirfidís fáilte roimhe agus an mbeadh tionchar aige ar a saol?