Inné cuireadh tús leis an Charghas. Scór lá agus oíche amach romhainn anois agus muid ag gealladh éirí as drochnósanna nó só-earraí nó b’fhéidir go bhfuil cuid againn ag iarraidh a bheith níos cineálta agus carthanach.
Déantar seo i gcomóradh d’Íosa a chaith an tréimhse chéanna gan aon bhia nó uisce agus é ag troscadh san fhásach. Tá an carghas in ainm an caidreamh atá ag daoine le Dia a dhéanamh níos láidre, ach an déantar dearmad ar an chuid sin?
Corruair tchíonn tú daoine ag déanamh an charghais cosúil le rúin na bliana úire – an dara seans sa bhliain le bheith níos sláintiúla.
Ar an taobh eile den scéal tchíonn tú daoine ag éirí as achan uile rud atá olc duit agus cibé cé chomh naofa is atá tú caithfidh a lán féinsmachta bheith agat mar don chuid is mó againn, cé go gcuireann muid tús leis an charghas ní bhíonn sé i bhfad go dteipeann orainn.
Chuir Meon Eile an cheist ar dhaoine ‘An gcloíonn tú leis an charghas’… seo na freagraí a fuair muid.