Tá todhchaí na Gaeltachta caite in aimsir chorraitheach, de réir saineolaithe acadúla agus lucht na Gaeltachta féin.
In 2006, d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta tuairisc a dúirt go raibh 15 bliain fágtha ag an Ghaeilge mar phríomhtheanga pobail na Gaeltachta.
Tá coistí ó cheantracha Gaeltachta i mbun na pleanála teanga i gcomhpháirtíocht na n-údarás le stádás na teanga a bhuanú ina bpobail féin.
Tá ar na coistí pobail plean teanga a ullmhú a dhéanann comhtháthú ar na príomhréimsí pleanála a bhaineann le saol na Gaeltachta.
An fiú na gníomhanna seo? An bhfuil an cath caillte nó an bhfuil muid ró-shoiniciúil faoin cheist?
D’fhiosraigh muid an scéal i measc phobal na Gaeltachta féin…