Conspóid George Hook, agus an comhrá a d'eascair aisti

Ba chonspóid náisiúnta a chruthaigh George Hook cúpla seachtain ó shin leis an méid a dúirt sé faoi ionsaithe gnéis.

Ghabh an craoltóir aitheanta a leithscéal ach bhí fearg mhór faoina chuid cainte i measc an phobail.

Rinneadh clúdach leathan ar an scéal sna meáin, lear mór cainte faoi ar na meáin shóisialta, chuir comhlachtaí stad lena gcuid urraíochta ar Newstalk agus dhiúltaigh aíonna agus láithreoirí a bheith ar chláir de chuid an stáisiúin raidió.

D'fhógair Newstalk go raibh Hook curtha ar fionraí óna chlár 'High Noon' seachtain i ndiaidh dó a thuairim chonspóideach a nochtadh agus tá fiosrúchán leanúnach ar bun.

Labhair Meon Eile le Katie McGreal agus Michaeline Donnelly faoin méid a dúirt George Hook agus faoin chomhrá a d'eascair as an chonspóid.


Close
Close