An 12ú Iúil agus na srianta sa Phoblacht

Tá an 12ú Iúil beagnach linn, tréimhnse ina mbíonn na sluaite ag imeacht ó na Sé Chontae, agus go leor acu ag tarraingt ar Thír Chonaill. Ní amhlaidh an scéal i mbliana áfach ó tharla go bhfuil na srianta go fóill ann ó dheas.

Cuireadh stop leis na bialanna agus tithe tabhairne oscailt taobh istigh an tseachtain seo agus níor tugadh dáta dóibh go fóill maidir le hoscailt taobh istigh. Labhair Meon Eile le Caoimhe Breathnach, a oibríonn i dTigh Sheáin Óig i nGaoth Dobhair, chomh maith le Fionnghuala McCotter agus Conall Breathnach a bhfuil tithe saoire acu i dTír Chonaill agus a bhíodh ann go minic roimh an phaindéim.

Deir Fionnghuala gur mór an trua é nár oibrigh an dá rialtas le chéile ó thaobh na srianta de. Tá míthuiscint i gceist i measc na ndaoine mar gheall air seo dar le Conall, ach tá Caoimhe den bharúil go bhfuil fearradh na fáilte roimh mhuintir na Sé Chontae go Tigh Sheáin Óig go fóill.

Close
Close