Inné ar Meon Eile bhí agallamh againn le Tina McKenzie ón pháirtí nua polaitíochta, NI21.
Cuid lárnach d’fhorógra s’acu ná “Polaitíocht Úr”, le béim faoi leith ar cheist na féiniúlachta.
Polasaí suntasach eile atá acu ná go bhfuil siad ag tacú le reachtaíocht don Gaeilge agus ag baint úsáide as an Ghaeilge ina gcuid fógraíochta.
D’ainneoin an dearcaidh úir seo ag teacht chun tosaigh, tá an argóint ann go bhfuil easaontas nach beag le sonrú anseo go fóill, ach go háirithe ó thaobh cúrsaí cultúrtha de.
Chuir muid an cheist ar mhuintir Bhéal Feirste “an bhfuil ‘cogadh cultúrtha’ ar siúl ó thuaidh?”