Cuimhníonn gach duine ar an gcéad uair a raibh toitín acu (má tharla sé), ach ní chuimhníonn siad ar an gcéad uair a raibh siad tugtha don tobac.
Tarlaíonn sé seo do dhaoine tar éis dóibh cúpla toitín a chaitheamh i ngan fhios dóibh féin agus is ansin a thosnaíonn an obair chrua.
Bíonn poitigéirí timpeall na tíre chomh maith leis an rialtas ag impí ar dhaoine stop a chur le caitheamh tobac go rialta, go háirithe le linn mhí Dheireadh Fómhair.
Tá an feachtas Stobtober ar siúl faoi láthair, bíonn sé ar siúl gach Deireadh Fómhair chun daoine a mhealladh chun éirí as na toitíní.
Chomh maith le Stobtober, bíonn poiligéirí áitiúla timpeall na tíre ar fáil chun cabhair a thabhairt do dhaoine éirí as na toitíní.
Tá Michael Walsh, atá i gceannas ar Walshs Pharmacy i Rinn Mhic Giolla Rua, ag cabhrú le daoine stad a chur le caitheamh tobac.
Bhíodh sé féin ag caitheamh tobac agus tuigeann sé na deacrachtaí a bhaineann leis. Tá plean 12 seachtaine ar bun aige chun cabhú le daoine éirí as na toitíní.