Concubhar Ó Liatháin
Is ait an scéal é ach nuair a saolaíodh mé na blianta fada ó shin - in 1966 le bheith beacht - fógraíodh mo bhreith le dán ag tionól bliantúil Dhámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn, ócáid a tharla idir dhá Nollaig sna míonna beaga i ndiaidh na (mion)-eachtra sin i stair na dúiche.
Ba é - agus is é go fóill - atá i gceist leis an Dámhscoil ná cúirt filíochta sa chiall thraidisiúnta ársa, fóram ina ndeintí nithe beaga agus móra a fhógairt - saolú leanaí agus imeacht den saol idir sean is óg.
Deintear a lán eile a chaoineadh is a cheiliúradh ann, gan amhras, agus tá a rian sin ar na hamhráin a cumadh chun iad a chur os comhair na Dámhscoile mar ábhar siamsaíochta dos na comharsain agus atá anois i mbéal an phobail mhóir.
Amhráin ar nós ‘An Poc ar Buile’, ‘Scoil Bharr d’Ínse’, ‘Táimse agus Máire’ is ‘An Lacha Bacach’.
Amhráin mheidhreacha iad seo a gcloistear cuid acu go minic agus go leor eile bíonn siad le clos ó am go chéile i gcomórtais cosúil le Corn Uí Riada nuair a fhaigheann iomaitheoir ó Mhúscraí an ‘glaoch ar ais’.
Anois tá an leanbh óg ar fograíodh a bhreith ag Dámhscoil 1967 tar éis fás (agus fás) agus anois is mé Cléireach na Dámhscoile, an tríú duine ar ar thit an cúram sin in imeacht breis is 90 bliain ó bunaíodh an fóram ar leith filíochta seo.
An tasc a bhíonn romham do gach dámhscoil ceist nó dán i bhfoirm ceiste a chumadh a chuirfidh na filí is na baird ag smaoineamh is ag iarraidh véarsaí a scríobh mar fhreagra.
I mbliana tá an cheist ag díriú ar ghnóthaí domhanda agus seans go mbeidh an Dámhscoil á cur ar liosta dubh Uachtarán SAM, an tUasal Donald Trump, dá bharr.
Seo véarsa uaidh is tá an dán ar fad le fáil anseo.
“Trumpa balbh néata a luaigh an file ina dhán
I dteanga nach dtuigfeadh éinne ag giolcáil dúinn bharnáil
Bagairtí ar gach taobh ag cur i gcontúirt ár slándáil
An dtabharfá slán sinn a Mhic Dé ó Oráisteach an Tí Bháin?”
I mblianta eile bhí go leor nithe faoi chaibidil sa Cheist - cúrsaí polataíochta agus ceisteanna faoin nádúr daonna, faoin Chríostaíocht is mar a chleachtar í sa saol nua-aimseartha, ceartbhrí na Nollag, an tSíoraíocht, an Tuaisceart agus mórán eile.
Cíortar go leor go mín i gCeist na Dáimhe, agus is minic a bhíonn na filí ag cáineadh gur ró-ghéar atá an Cheist!
Tháinig mise i gcomharbacht ar m’uncail, Peadar Ó Liatháin, a bhí ina Chléireach ó 1958 go dtí gur cailleadh é in 2012, agus tháinig seisean sa phost tar éis gur éirigh a uncail siúd, mo sheanuncail, Pádraig Mac Suibhne (An Suibhneach Meann), as le bheith ina Uachtarán.
Faoi láthair is í Betsy Ní Shuibhne, iníon Phádraig, atá ina hUachtarán agus tháinig sise i gcomharbacht ar an Mhoinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta, an file agus scoláire aitheanta, agus an t-aon Chiarraíoch a raibh ina oifigeach sa Dámhscoil.
Go traidisiúnta, bhíodh an ócáid ar bun idir dhá Nollaig agus is cinnte go mbíodh sé ina buaicphointe le linn na laethannta saoire.
Le blianta beaga anuas bhogadh sé thart mar gheall ar chúinsí éagsúla ach tá sé ar ais ina shuíomh traidisiúnta arís nó beidh an chéad tionól eile ann ar an 2ú Eanáir.
Cé gurb as Múscraí don bhfile is mó i saol na Gaeilge, Seán Ó Riordáin - rugadh é i mBaile Mhúirne in 1915 - deirtear nár fhreastail sé ar an Dámhscoil ach uair amháin.
Is mar gheall air sin a scrígh sé ceann dá línte is conspóidí: “Ní file ach filíocht an bhean.”
Cheap go leor go raibh sé ag tagairt dá thuairim nach bhféadfadh bean a bheith ina file cé go spreagfadh a háilleacht filíocht go cinnte.
B’fhéidir go raibh sprioc eile ar aigne aige mar b’fhada aighneas idir é agus mórfhile eile, Máire Mhac a’ tSaoi, mar gheall ar léirmheas a scrígh sise ar a chéad bhailiúchán, Eireabal Spideoige.
Mhothaigh an Ríordánach go raibh sí ag déanamh beag dá chumas filíochta agus caighdeán a chuid Gaoluinne/Gaeilge sa léirmheas sin.
Tá cuimhní agam féin ar bheith i láthair agus dánta den scoth a n-aithris - dánta aeracha ag cur síos ar eachtraí éagsúla.
Bhí ‘taibhreamh’ ag an bhfile Seán Ó Duinnín mar gheall ar thuras a thug sé ar ifreann mar a chas sé le go leor carachtairí ón saol poiblí ann a d’fhag daoine sna trithí.
Bhíodh m’athair féin, Dónal Ó Liatháin, i gcónaí gnóthach tráth na Nollag agus é ag iarraidh a phíosaí a ullmhú don dtionól.
Bíonn deora an tsuilt le mo shúile agus na cuimhní ag teacht chugham ós na hoícheannta úd, rabhcán aige mar gheall ar thuras a thug an pobal chun na Briotáine mar shampla nó cuimhne a rinne sé mar gheall ar bhás obann is ró-óg a dhearthar, Colm:
“Mhúch an bás na soilse geala
Bhíodh sa tseomra agat síoraí
Thost an gáire, d’éag an aisling
D’fhás an doircheacht im thimpeall.
D’fheoig an dubh mo ghairdín
Ní raibh aibiú dlite dhóibh
Dhóigh an sioc mo bhlatha
D’fhag mo chrann úll dearóil
Tá mo bháidín fós ag seoladh
Tá an abhainn ag sní léi síos
Ach na tonnta thiar ag briseadh
Ní fheicfeadsa leat-sa choíche ‘rís.”
Bíonn RTÉ Raidió na Gaeltachta ann gach bliain chun an ócáid ar leith seo a thaifeadadh chun é a chraoladh níos déanaí agus tá roinnt cláracha faisnéise déanta ag RTÉ i dtaobh na Dámhscoile.
Íomhánnna dubha is bána de mo chomharsain i Múscraí agus iad i mbláth a n-óige a thugann ar bhóithrín na smaointe mé, fuaim an gháire lánchroíoch ag líonadh mo chuimhne is mé ag smaoineamh siar ar na hoícheannta úd in Áras Éamoinn Mhic Suibhne i gCúil Aodha agus seanfhondúirí ag rá a gcuid saothar.
Tá an t-ionad bogtha ó na laethannta sin go hóstán áitiúil.
Ní bhíonn comórtas ná breithiúnas de shórt ar bith i gceist ag an Dámhscoil.
Oíche spraoi atá ann, oíche go bhféadfá sos a ghlacadh ó ghiolcaireacht Donald Trump is a leithéid - é sin ráite tá an Dámhscoil ar líne ag www.daimhscoil.ie.
Tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh agus tugtar moladh go héadrom ag súil go spreagfaidh sé a thuilleadh saothar agus feabhais.
Ní go dtí gur cailleadh m’athair a rith línte filíochta liom féin.
Um Nollaig seo, agus an turcaí á chogaint agam leis an gcuid eile, beidh mé im chroí istigh ag iarraidh línte a chur le chéile don Dámhscoil.
Sníonn abhainn mhór an tsaoil leis go mall agus cuirim mo bhád ar seol ann.
Má tá mo chuimhne le scríobh uair éigin (i bhfad uainn, tá súil agam), bíodh sé le haithris ag Dámhscoil Mhúscraí.