Le Michelle Nic Pháidín
Samhlaigh nach raibh Gaeilge bhinn mhilis na Gaeltachta le cloisteáil sna blianta amach romhainn?...
Nuair a bhí mise sa tríú rang ar an bhunscoil, thug ár máistreas an t-amhrán ‘Ag Geaftaí an Bhaile Buí’ dúinn le foghlaim. Thig liom a bheith measartha cinnte nach bhfuil cuid mhór scoláirí ag foghlaim an chineál amhráin seo sa tríú rang ar na saolta seo.
Is cuimhin liom gur tugadh ‘Cith agus Dealán’ dúinn le léamh sa séú rang agus threabh muid linn. Bhain muid sult as a bheith ag léamh scéaltaí inár dteanga áitiúil féin.
An amhlaidh an cás sna scoileanna san lá atá inniu ann? An bhfuil páistí scoile ag saothrú na hoiliúna luachmhaire seo?
Agus, is fiú ceist a chur an bhfuil na múinteoirí atá ag teagasc na ranganna, sna Gaeltachtaí, ó cheann ceann na tíre, ábalta an oiliúint sin a chur ar fáil do na scoláirí? Nó, muna bhfuil, tá luach agus saibhreas na teanga i mbaol.
Tá sé riachtanach go mbeadh an oiliúint seo curtha ar fáil don aos óg mar is as an tobar sin a thagann beocht agus beatha na Gaeilge.
Tá fhios agam nach mbeadh an ábaltacht chéanna agamsa ó thaobh chaint agus scríbhneoireacht na Gaeilge de ach go raibh sármhúinteoirí agam i rith mo chuid ama sna scoileanna a ndeachaigh mé orthu. Neartaigh scolaíocht m’óige grá na teanga ionam agus i mo chuid cairde.
Thuig na múinteoirí go raibh an cultúr, an ceol, an fhilíocht agus scríbhneoireacht na Gaeilge thar a bheith tábhachtach d’óganaigh na Gaeltachta.
Tá aitheantas faoi leith ag an Ghaeltacht i gcaomhnú na Gaeilge mar téann an Ghaeilge atá sna pocaí beaga seo siar na cianta.
Ní hé sin le rá go bhfuil an Ghaeilge níos fearr ná atá sé gach áit eile ach go díreach go bhfuil gné faoi leith ag baint leis agus tá muintir na Gaeltachta sásta sin a roinnt leis na scoláirí a thagann chuig na Gaeltachtaí bliain i ndiaidh bliana. Táthar buíoch chomh maith as an airgead a thagann isteach sna ceantracha dá mbarr.
Caithfear an aird agus an cúram ceart a thabhairt don Ghaeilge laistigh de na ceantracha seo agus leis sin a dhéanamh - caithfear díriú ar scoileanna na Gaeltacha.
Tá múinteoirí le hardchaighdeán Gaeilge de dhíth sna háiteanna seo agus rachfainn chomh fada le rá gur chóir múinteoirí ón cheantar féin, más féidir, a fhostú sna scoileanna áitiúla le cinntiú go bhfuil todhchaí Gaeilge na Gaeltachta tugtha slán.
Feictear go minic go mbíonn leabhair scoile ag páistí sna ceantracha Gaeltachta le focail istigh iontu nach bhfuil in úsáid sna canúintí áitiúla agus tugann seo dúshlán do pháistí agus tuismitheoirí araon - mar sin, caithfear leabhair a chur ar fáil i ngach canúint le próiseas léitheoireachta na Gaeilge a éascú. Caithfear a bheith airdeallach go bhfuil a gcuid Gaeilge féin ag gach Gaeltacht agus is gá go ndéanfaí achan iarracht diriú ar an chanúint sin.
Tá go leor oibre ag múinteoirí an Ghaeilge a theagasc i gceantracha éagsúla beag beann ar imeacht ón Ghaeilge áitiúil sna ceantracha sin. Cad chuige a mbeadh muid ag déanamh a leithéide? Níl ciall ar bith leis. Tá sé ar nós tabhairt ar pháiste, a bhfuil damhsa ar an sean-nós acu ón chliabhán, bailé nó damhsa hip-hop a fhoghlaim ar an scoil. Tá luach thar na bearta le gach canúint - fág iad mar atá. Tiocfaidh na páistí i dtír ar chanúintí agus leaganacha eile de réir a chéile le haois.
Tá cuimhne agam ar fhocail úra nach raibh i mo chanúint féin a fheiceáil sna luathleabhair scoile agus nach raibh na focail fiú ag mo chuid tuismitheoirí. Déanann a leithéid eagla a chur i gcroí an pháiste faoi Ghaeilge na scoile.
Dá mba rud é gur mhaith leo leabhair scoile a chuireann le stór focail na bpáistí, ba chóir dóibh focail nach bhfuil in úsáid mórán a thuilleadh sna Gaeltachtaí a thógáil ar ais isteach sa chóras ionas nach gcaillfear iad. Tá luach, oidhreacht agus stair ag baint le gach uile fhocal acu seo.
Sílim go bhfuil faobhar de dhíth ar fhoilsitheoireacht i leabhair na Gaeilge. Tá leabhair páistí de dhíth le scéaltaí ó na ceantracha áitiúla ionas go mbeadh suim ag na páistí ann. Sílim gur chóir díriú air sin ar an toirt agus gan am a chur amú.
Samhlaigh nach raibh Gaeilge bhinn mhilis na Gaeltachta le cloisteáil sna blianta amach romhainn?
Ba chóir dúinn a bheith chomh hairdeallach faoi thodhchaí na Gaeilge agus atá muid faoi thodhchaí na n-ainmhithe agus na n-éanacha atá i mbaol ach ar an drochuair, níl aon dealrú ar an scéal go dtarlóidh sin.