Tiocfaidh lá na meán Gaeilge go fóill!

Concubhar Ó Liatháin

Bhain sé siar asam, admhóidh mé, an leagan Béarla den mhanna míchlúiteach a d’úsáid na Sealadaigh ar feadh na mblianta a fheiscint ag léimt amach orm ó t-léine a bhí á caitheamh ar aoi a bhí ar phainéal de chuid an chláir 7 Lá chun cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a phlé. Chuimil mé mo shúile ach ní tromluí a bhí ann.

Chuir sé olc orm freisin. Dá mbeadh an bunleagan Gaeilge le feiscint chomh soiléir sin, cheistíos mé féin, an mbeadh an t-olc céanna orm? Cinnte. Bheadh olc orm mar is fuath liom an tslí a ndéanann an sluán poblachtach seo clúmhilleadh ar Lá, an nuachtán laethúil Gaeilge a raibh mé i m’eagarthóir air seal na blianta ó shin. Ach ná bacaimís leis na seanchogaí.

Ach bhí idir olc agus mhearbhall orm go raibh TG4 ag craoladh sluán gríosaitheach i mBéarla ag mealladh m’aird ó dhíospóireacht a d’fhéadfadh a bheith suimiúil faoi cheist fhíorphráinneach sa Ghaeltacht, cúrsaí pleanála. An raibh gníomhaithe teanga ar son an Bhéarla tar éis seilbh a fháil ar sheomra stiúrtha TG4 agus ag iarraidh an tairbhe go léir a bhí á dhéanamh ag an staisiún ar son na teanga a chur ó mhaith? Ceist mhire, b’fhéidir, ach bhí an radharc os comhair mo shúile ar mire leis!

Sna seanlaethanta nuair a bhíodh fíor-racadóirí beo, léimfinn trasna an tseomra is chaithfinn an teilifís amach an fhuinneog. I ré seo na ngearán sóisialta (leagan é seo a chum Séaghan Mac an tSionnaigh agus is maith liom é mar sin táim á ghoid uaidh), rinne mé tvuít.


https://twitter.com/igaeilge/status/1308712838001823745

Nílim cinnte cad é an tionchar a bhí ag an tvuít sin ar mhuintir 7 Lá ach ina dhiaidh sin ar an gclár níor chuir Máirín Ní Ghadhra aon cheist ar an aoi ar a raibh an t-léine. Dúradh, más buan mo chuimhne, go raibh fadhbanna teicniúla leis an bhfuaim i stiúideo Tír Chonaill agus leanadh ar aghaidh leis an bplé leis an mbeirt aoi eile ar an bpainéal. Ba thrua é sin mar creidim go mbeadh ionchur tábhachtach ag an aoi ó Thír Chonaill.

An lá dár gcionn (23 Meitheamh) foilsíodh an méid seo a leanas ó urlabhraí TG4 ar Tuairisc:

“Dúirt urlabhraí ó 7Lá le Tuairisc.ie go raibh eagarthóireacht á déanamh ar an gclár le go mbeadh sé ag teacht le treoirlínte RTÉ maidir le manaí, siombailí agus suaitheantais pholaitíochta a cheadú ar chláir theilifíse cúrsaí reatha amhail 7Lá."

Dúirt an t-urlabhraí go rabhthas “ag obair ar atheagar a dhéanamh ar eagrán na hoíche aréir de 7Lá agus go mbeadh fáil “go luath” air ar sheinnteoir TG4  agus ar RTÉ News Now.

"Shocraigh muid an t-atheagar a dhéanamh chun go gcloífeadh mír a bhí ann lenár dtreoirlínte maidir le comharthaí a chaitheamh ar aer,” arsa urlabhraí 7Lá.”

https://tuairisc.ie/clar-cursai-reatha-bainte-de-shuiomh-tg4-mar-gheall-ar-t-leine-tiocfaidh-ar-la/

In ainneoin na ngeallúintí sin, áfach, níl tásc ná, ahem, tuairisc ar an eagrán de 7 Lá ón 22 Meán Fómhair ar sheinnteoir TG4 go fóill.  An mise agus mo tvuít fánach ba chúis leis seo? Nár cheart dom a bheith chomh sásta le tuairisceoir an Examiner a thug #golfgate chun solais, scannal a bhris Aire Rialtais agus Coimisinéir Eorpach is eile as a bpostanna?

Ar ndóigh ní mise a chum ná a cheap an scannal áirithe seo ná an té atá ar chúl na cinsireachta ach lucht léirithe 7 Lá a lig don t-léine sin isteach sa stiúideo sa chéad dul síos.

Rinneas gearán le hArd-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, faoin eachtra ar 7 Lá. Bhíos ag iarraidh a chur ina luí ar an Ard-Stiurthóir go bhfuil gá le hathbhreithniú iomlán ar riar - nó easpa riar - TG4 ar chúrsaí reatha i gcomparáid le, mar shampla, ceol tíre.  Leathuair an chloig in aghaidh na seachtaine i gcomórtas le clár gach oíche de Opry le Daniel nó a mhacasamhail.  Dar liom gur léiriú ar easpa suime TG4 i gcúrsaí reatha an eachtra seo. Ní fheicim aon chúis, easpa acmhainní san áireamh, nach mbeadh clár cúrsaí reatha ar sceideal TG4 níos minice sa tseachtain. Is gá go mbeadh an tsúil eile ag díriú ar chúrsaí na linne seo an oiread is a dhíríonn sé go héifeachtach is le léargas ar ár stair i gcláracha ar nós ‘Cogadh ar Mhná’ a craoladh le déanaí.

Bhí léargas le braistint i bhfreagra an Ard-Stiurthóra ar mo ghearán:

“Tá aiféala orm nár thaitin clár na seachtaine seo de ‘7 Lá’ leat.  Tuigtear dom gur bhain deacrachtaí oibríochta agus eagarthóireachta leis an gclár ar an oíche.”

“Deacrachtaí oibríochta agus eagarthóireachta” - d’fhéadfá a rá. Is iarrthóir an méid sin ar an nGradam Cumarsáide Oireachtais do Chúlántacht na Bliana. Agus sinn ag caint ar ghradaim, bhí an méid seo le rá ag an Ard-Stiurthóir:

“Fuair ‘7 Lá’ dhá ainmniúchán do Ghradaim an Oireachtais i mbliana agus tá foireann láidir, ghairmiúil iriseoireachta ag plé le hábhar an chláir. Tacaím go hiomlán leo mar fhoireann. Má fheicim aon fhadhb go ginearálta le hiriseoireacht na Gaeilge, is fadhb easpa acmhainní atá ann.”

Ní fheadar cé, mar sin, atá ag séanadh na n-acmhainní cuí ar riar cúrsaí reatha 7 Lá. Chun an fhírinne a insint, ní doigh liom gur aon údar é a mhaíomh a thuilleadh go bhfuil clár ainmnithe do dhá ghradam cumarsáide mar, i bhfírinne, níl aon iomaíocht ann ó thaobh cláracha cúrsaí reatha de agus tá sé i gcomórtas le sárchláracha faisnéise agus clár do pháistí sa chatagóir ‘Sraith Teilifíse na Bliana’. Tá an dara hainmniúchán faighte ag Máirín Ní Ghadhra mar gur ‘Craoltóir Solabhartha’ í. Agus is cinnte gur craoltóir solabhartha í ach ní gradam é seo le haghaidh fiúntas cláir cúrsaí reatha agus is gradam é freisin is ceart a lua an oiread nó níos mó leis an gcraoltóir a fhostaíonn Máirín go lánaimseartha, RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

I mo bharúil féin tá Gradaim Chumarsáide an Oireachtais á meas thar a bhfíorluach ag Ard-Stiúrthóir TG4. Tá gá le comórtas ceart do mheáin chumarsáide na Gaeltachta a aithníonn ceardaíocht agus gairmiúlacht i réimsí uile na meán, iriseoireacht chlóite, mar shampla, san áireamh. Deashampla den chineál ruda atá i gceist agam ná an réimse leathan gradam a bronnadh ar chraoltóirí raidió ag Gradaim IMRO ag aa deireadh seachtaine.

Má táimíd i ndáiríre ag iarraidh earnáil fhiúntach meán cumarsáide Gaeilge a chruthú agus a chothú amach anseo, is gá a aithint go bhfuil réimse i bhfad níos leithne de shaintreithe fiúntacha ar gá tacú leo seachas ‘solabharthacht’ amháin.

Ceist é sin, b’fhéidir, do chomhaltaí an Choimisiún um Thodhchaí na Meán Cumarsáide a ceapadh an tseachtain seo caite. Tá áthas orm a fheiscint go bhfuil Gaeilgeoirí i measc na mball. Tá súil agam go n-éisteann siad le tuairimí ó réimse leathan daoine, tuairimí an chantálaí seo go fiú, agus iad ag déanamh a machnaimh faoin chúram atá orthu.

B'fhéidir go dtiocfaidh ár lá go fóill!  [Sin mise ag iarraidh athshealbhú a dhéanamh ar an sluán conspóideach ar son na hiriseoireachta is na meán Gaeilge seachas a bheith ag tacú le cúiseanna conspóideacha eile!]

Close
Close