Teipthe ar iarracht rialtas BÁC cuid dár ndrochstair a cheilt

Eoin Ó Murchú

Má bhí éinne ag lorg cruthúnas go bhfuil an rialtas ó dheas mí-éifeachtach, gearrtha amach ón saol agus tugtha do bhotúin is dearmaid, tá sé le fáil sa scéal faoin iarracht a rinneadh le cás na mban is a gcuid leanaí a rugadh i dtithe cúraim a chur faoi cheilt.

Bunaíodh Coimisiún fiosraithe faoin mbreitheamh Yvonne Murphy in 2015 le breathnú isteach sa scéal faoi mháithreacha is páistí a rugadh in institiúidí ó dheas. Cuireadh an Coimisiún ar bun i bhfianaise an eolais a bhailigh an staraí áitiúil i dTuaim na Gaillimhe, Catherine Corless, faoi na 796 pháiste a fuair bás sa teach cúraim i dTuaim is ar caitheadh go dona leo.

Bhailigh an Coimisiún eolas ó na mná féin is ó pháistí, atá ina ndaoine fásta anois, a rugadh sna tithe.

Shocraigh an rialtas go gcoinneofar an t-eolas sin faoi rún, druidte is séalaithe ar feadh 30 bliain i lámha Tusla, an áisínteacht um chosaint leanaí.

Brúdh Bille tríd an Dáil le héifeacht a thabhairt don chinneadh seo in ainneoin gur chuir an freasúra ar fad ina choinne is gur iarr na daoine ar bhain an t-eolas leo nach ndéanfaí amhlaidh. Comhairle an ard-aighne a bhí taobh thiar den chinneadh sin, dúradh.

Ba é an leithscéal a bhí ag an rialtas ná go raibh sé riachtanach, nó go mbeadh orthu, na taifid a scrios ar fad mar gheall ar Acht dlí eile, Acht na gCoimisiún Fiosraithe 2004, nach dtugann cead, dar leis an rialtas, an t-eolas a scaipeadh mar gheall ar ghealltanas rúndachta nuair a cuireadh Coimisiún Murphy ar bun.

Ar an taobh eile, ámh, bhí na daoine lenar bhain sé, meáite ar theacht ar thaifid a gcuid scéalta.  Dúirt siad go raibh siad coinnithe rófhada ó eolas fúthu féin is nach cóir go leanfar leis an gceilt.

Agus dúirt an freasúra, is eagraíochtaí na marthanóirí, go raibh an dlí Eorpach faoin Riail Ghinearálta um Chosaint Sonraí soiléir go mbaineann sonraí duine ar bith leis an duine sin.

Mar sin ní fhéadfadh taifead an Choimisiúin a cheilt ar an daoine sin. Agus bhí na mná sásta cás cúirte a dhéanamh dá mba ghá.

D’eagraigh Aitheantas, eagraíocht um chearta daoine uchtaithe, achainí a shínigh os cionn 100,000 duine ag iarraidh ar an rialtas tarraingt siar.

Tháinig sé chun solais freisin gur thug Oifig an Choimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn foláireamh don rialtas roimh vóta na Dála go raibh dlí na hEorpa á shárú acu.

Ní raibh aon dul as ansin don rialtas ach tarraingt siar.

Cuireadh an Bille tríd an Dáil Déardaoin an 22ú Deireadh Fómhair, shínigh an tUachtarán, Michael D. Higgins, ina dhlí é Dé Domhnaigh an 25ú (rud a ghnóthaigh cáineadh mór dá bharr), agus tharraing an rialtas siar é Dé Céadaoin an 28ú (ar chomhairle an ard-aighne, dúradh).

Níl sé soiléir mar sin féin cén chaoi a mbeidh rochtain ar an taifead ag na mná.  Is cosúil nach bhfuil sé sin oibrithe amach ag an rialtas, agus go raibh deifir orthu sa deireadh an cinneadh mícheart ag an tús a chur ar ceal nuair a thuig siad go raibh droch-chlú faighte acu mar gheall ar an scéal.

Rinne roinnt polaiteoirí, i bhFianna Fáil ach go háirithe, an rud dochosanta a chosaint, agus sheas an Irish Times go láidir ar son an rialtais, ach bhí an sruth ina gcoinne. Go deimhin rinne Fianna Fáil iarracht arís Sinn Féin a ionsaí faoi seo, ag rá gur iadsan a bhí taobh thiar den aighneas, amhail nach raibh sna mná ach puipéid i lámha na bPoblachtánach.

Ó d’athraigh an rialtas a bport ámh, níl tada á chlos ó na daoine céanna.

Is don Chomhaontas Glas, agus don Aire Roderic O’Gorman ón bpáirtí sin, ámh, atá an dochar is mó déanta. Go deimhin, d’éirigh roinnt comhairleoirí is oifigigh shinsearacha sa gComhaontas Glas as mar gheall ar an scéal seo.

Beidh le feiceáil cén dochar fadtéarmach a bheidh déanta, ach tá an páirtí ag dul síos go mór sna pobalbhreitheanna, agus tá sé deacair a fheiceáil cén chaoi a dtiocfaidh sé chuige féin arís.

Ach is é an rud is measa ó thaobh na polaitíochta de, agus an rud is amaidí, ná nach raibh sé riachtanach an botún ollmhór seo a dhéanamh sa chéad dul síos.

Ach léiríonn an scéal an dímheas atá ag lucht stiúrtha an rialtais ar ghnáthdhaoine, is go háirithe ar na mná a d’fhulaing dímheas sna tithe altranais is atá fós ag fulaingt.

Agus fágann sé ceist eile gan freagairt: céard is fiú comhairle dlí an ard-aighne nuair is féidir leis é a athrú chomh gasta sin?

Close
Close