Teastaíonn pobal áitiúil uainn

Katie Saoidhbh McGreal

Is iontach an gléas iad na fóin chliste le haghaidh go leor rudaí, ach feictear domsa go bhfuil siad dár baint ón bhfíorshaol.

Le tamall de bhlianta anuas, agus go deimhin le roinnt seachtainí agus míonna go háirithe, tá eachtraí nádúrtha as an ngnáth ag tarlú ar fud an domhain mar gheall ar an athrú aeráide agus ar dhrochbhainistíocht na n-údarás. Tharla tuilte uafásacha in València na Spáinne i ndiaidh stoirm ollmhór eile, chonaic muid ar fad na físeáin de na tinte fíochmhara in Los Angeles agus, an ceann is déanaí a bhain linne Éireannaigh, stoirm Éowyn a bhfuil go leor den tír go fóill ag fulaingt dá barr.

Nuair a thiteann na himeachtaí adhaimsire seo amach, bíonn daoine fágtha gan dídean, gan earraí pearsanta agus, sa chás seo in Éirinn faoi láthair, gan leictreachas, uisce, clúdach fóin agus idirlíon. Bíonn orainn a bheith ag brath ar mhaitheas na ndaoine atá thart orainn.

Is iontach an rud é pobal a bheith againn ar líne ach níl mórán is féidir leis na daoine sin ar an scáileán a dhéanamh dúinn nuar a thagann an doineann.

Tá mé féin gan leictreachas agus córas fóin ó tharla an stoirm Dé hAoine agus tá mé ag fanacht le cara liom i gcathair na Gaillimhe. Gan an cara sin, níl a fhios agam céard a dhéanfainn. Níl teas ar bith agam san árasán agus ní féidir liom fanacht ann. Tá cairde eile agam atá thar lear agus in áiteanna eile sa tír agus, cé go bhfuil mé buíoch as a gcairdeas, muna raibh an cara áitiúil ann, bheinn i bponc ceart.

Chaill muid leictreachas ar feadh dhá lá cúpla mí ó shin nuair a bhí orlach nó dhó de shneachta againn agus arís eile, bhí mé ag brath ar na daoine timpeall orm. Bhí mé in ann uisce a fhiuchadh leis an ngás a bhí ag bean an tí thíos staighre uaim, agus mar sin bhí buidéal té agam don leaba agus cupán tae deas, chomh maith le teas na tine a bhí aici. Arís eile, gan sin, níl a fhios agam céard a bheinn i ndiaidh a dhéanamh.

Go minic, sa lá atá inniu ann, tá go leor daoine ann nach mbíonn aithne acu ar a gcomharsana, go háirithe sna cathracha. Bíonn muid róghnóthach le stopadh agus ‘Dia duit’ a rá leo nó le cupán tae a bheith againn leo. Léiríonn na tragóidí agus na heachtraí seo áfach a thábhachtaí is atá sé aithne a chur ar do chomharsana, aithne a bheith agat ar dhaoine i do cheantar agus an pobal atá go fisiciúil thart timpeall ort a chothú.

Tuigim go mbíonn sé deacair do dhaoine iad féin a chur in iúl do strainséirí, agus labhairt le daoine nua ach is fiú go mór é. Bhí cónaí ormsa in go leor áiteanna ar fud na tíre agus san Áis chomh maith, agus tá cúpla moladh beag agam duit len é a dhéanamh níos éasca duit pobal a chruthú thart ort.

Freastail ar an gcaifé céanna gach seachtain. Má bhíonn tú in áit éigin go rialta, tá níos mó seans ann go gcuirfidh tú aithne ar na daoine eile atá ann. Freastail ar rang aclaíochta nó a leithéid atá cóngarach den áit a bhfuil cónaí ort. Agus má théann tú go dtí na ranganna sin i d’aonar is mó seans go labhróidh tú le daoine nua seachas má théann tú le cara, b’fhéidir.

Is fiú go mór aithne a chur ar do chomharsana nó pobal áitiúil a chruthú duit féin, go háirithe toisc go bhfuil an chuma ar an scéal go leanfaidh na teagmhais drochaimsire seo ar aghaidh agus gur measa atá siad ag éirí.

Close
Close