Fearghal Mag Uiginn
Ciarraí 0-20 Gaillimh 0-16
Idir lúcháir agus fhaoiseamh a bhí ar chaptaen Chiarraí, Seán Ó Sé, agus na focail thuas ar a theanga aige ag deireadh a óráide inné in Ardán Uí Ógáin. Den chéad uair ó bhí 2014 ann, tá an corn is clúití i spórt na hÉireann ar a bhealach ar ais siar ó dheas. Ocht mbua is tríocha anois ag Ciarraí, ag barr an mhullaigh go fóill, ach is cinnte go gcuirfear fáilte ar leith roimh an bhua slachtmhar seo ag glúin óg chumasach na Ríochta.
Bhí an t-amhrán iomráiteach An Poc ar Buile ar obair ar an fheadóg dheiridh i bPáirc an Chrócaigh le tús a chur leis an cheiliúradh agus is “ag dul i meitheal” a bhí foireann Chiarraí sa dara leath ach go háirithe, tréimhse inar aimsigh siad ceithre chúilín as a chéile - faoi dhó - le tréaniarrachtaí cróga na Gaillimhe a chur chun suain. Is iomaí fómhar a baineadh le speal agus nuair a chuir Jeaic Ó Conchúir, bainisteoir Chiarraí, an bheirt Ó Speal-áin chun páirce le chéile don dara leath, ba léir go mbeadh an mheitheal pheile ar fad de dhíth leis an bhua seo a spealadh.
Ceithre scór as a chéile nuair a bhí Gaillimh 0-14/0-12 chun tosaigh a thug an chéad bhuille trom – Ó Sé (0-3), Gréachán Ó Súilleabháin (0-1), Daithí Ó Clúmháin (0-8) ó chic saor agus a dheartháir Padaí (0-2) - ar cuireadh ina shuí sa dara leath é. 0-16/0-14 ag Ciarraí. Mianach agus teacht aniar na Gaillimhe a rinne an cluiche a chothromú don naoú huair ar an lá (0-16/0-16), sular tháinig an buille marfach. Ceithre chúilín eile as a chéile ó Chiarraí - Daithí Ó Clúmháin, Cillian Ó Spealáin (0-2), Gabhán Ó Banáin (0-1) agus an captaen é féin, Seán Ó Sé.
Chuir peil mhaith na Gaillimhe go mór leis an chluiche ceannais iontach seo. Rinne Seán Breathnach (0-9) cosaint Chiarraí a chrá ar an lá, ó thús deiridh beagnach. Draoi agus ealaíontóir. Bhí 0-5 aige faoi leath ama agus bhí an dá scór a chruthaigh is a d’aimsigh sé ón imirt sa dara leath ar ardchaighdeán amach is amach, ar chaighdeán a mbeadh laoch na himeartha agus bua tuillte aige lá ar bith eile.
Ba dheas fís Sheáin Uí Dhalaigh sa chéad leath agus a phasanna oilte tomhaiste ina ábhar dóchais ag Gaillimh. Bhí an laoch lár páirce, Cillian Mac Daibhéid ina dhúiseacht díreach roimh leath ama agus ina dhiaidh, thug fear Mhuine Mheá/Mainistir taispeántas spreagúil a shaothraigh trí chúilín eile ón imirt. Éacht eile a mbeadh laoch na himeartha agus bua tuillte aige lá ar bith eile.
Ach bhí lorg a chos is a lámh ag duine eile ar an lá inné – Daithí Ó Clúmháin (0-8) na Ríochta. Nuair nach raibh faobhar ar bith ar thosaithe eile Chiarraí sa chéad leath – seacht seans scórála a cuireadh amú – Ó Clúmháin a sheas an fód san aer, má thuigeann tú leat mé! Bhí sé ar foluain in amanna le marc a ghnóthú.
Gan é, bheadh Gaillimh níos mó ná cúilín chun tosaigh (0-8/0-7) ag leath ama. Agus leis an fhírinne a dhéanamh, ba chóir do Churaidh Chonnacht a bheith níos faide chun tosaigh ag an phointe sin agus cúpla leathsheans cúil acu sa chéad tréimhse nuair a bhí Pádraig Ó Ceallaigh agus Seán Ó hÉanna ag cruthú deachtrachtaí go leor do Chiarraí. Cé gur mhinice cic amach fada na Gaillimhe bainte ag Ciarraí i lár an ghoirt, bhí cruinneas in easnamh chun tosaigh, rud a d’fhág buntáiste ag Gaillimh le dochar a dhéanamh ag ceann eile na páirce.
Thapaigh Breathnach na deiseanna a thug a luas dó ach is dócha nach raibh tacaíocht go leor aige. Léirigh Jeaic Ó Glionn (0-1) an dóigh lena dhéanamh do na tosaithe ach bhí go leor acu gan tionchar ar chlár na scór agus é ina ábhar imní ag Gaillimh go raibh Damien Ó Ciaragáin ina thost ar fad. Moladh mór ag sluachosaint Chiarraí.
36 scór a bhí le feiceáil sa chluiche ceannais seo, sin scór achan dara bomaite, a bheag nó a mhór – luas iontach faoin teas tuirsiúil. Mar sin féin, ní cuma na tuirse ach cuma na maitheasa a bhí ag teacht ar Ghaillimh ag tús an dara leatha. Agus cúrsaí ag plubarnaigh leo faoi luas, chuir imirt chliste agus cruinneas Gaillimh dhá chúilín chun tosaigh (0-14/0-12) – Breathnach, Mac Daibhéid faoi dhó agus fiú Ciarán Ó Maolaí na gruaige fada le cúilín snasta.
Ach sa ‘cheathrú craoibhe’ sin agus an fómhar á thabhairt abhaile, d’éirigh le Ciarraí an ghaoth a bhaint amach as seoltaí na Gaillimhe. Le dua a bhí Gaillimh ag dul chun tosaigh anois, ag coraíocht le cosaint láidir Chiarraí, mórchuid iarrachtaí ach gannchuid cúilíní. Idir sin is deireadh, tháinig na buillí marfacha réamhluaite a shocraigh an choimhlint. Bua tuillte sa deireadh thiar ag fir na Ríochta.
Ag amharc siar, tuigfidh bainisteoir na Gaillimhe, Pádraig Seoighe, gur cailleadh deiseanna le ceol a bhaint as an eangach sa chéad leath sin, deiseanna nár nocht sa dara ceann.
Bhí cosaint Chiarraí ina ‘dún chaoin’ nuair ba ghá inné. Daingean. Ní bhfuair Gaillimh an cúl a shantaigh siad. Bhí doras an dúin dúnta go docht daingean – meon lúbtha agus bua cinntithe. An lúb a bhí ar lár roimhe seo.
Agus ar an phort sin, isteach i scéal an bhua seo anois le beirt nach raibh ag imirt. Bhí foighne Chiarraí leis an ghlúin óg chumasach seo ag deireadh a preibe anuraidh agus cuireadh an scairt ar an fhear a bhfuil an leabhar “Keys to the Kingdom“ scríofa aige (2007).
Jeaic Ó Conchúir. Tá eochair bhreise aige anois.
Is iomaí léamh ar leabhar. Scríobh an Sunday World faoi ag an am:
“given the searing honesty of his account, it is unlikely that O’Connor will be invited back to manage Kerry again.”
Bhal, d’imigh sin is tháinig seo! Tuigeann Ó Conchúr na buanna atá de dhíth fá choinne bua - iog eile sa mhaide mullaigh aige, 2004, 2006, 2009 agus anois 2022.
Bhí léamh eile ar an leabhar ag Kerry’s Eye san am:
“There are real gems of footballing wisdom in Keys to the Kingdom. The psychology of the Northern teams, the need to change the traditional Kerry purist approach.”
Gaois na peile. Nuair a ceapadh Ó Conchúir mar bhainisteoir arís le tabhairt faoi Sam 2022, chuir sé féin scairt – ar Phadaí Ó Taithligh Thír Eoghain. Cóitseálaí Chiarraí i mbliana ar ghabh Seán Ó Sé buíochas mór leis ina óráid inné. Cuimhnigh nach bhfuair Gaillimh an cúl a shantaigh siad. Bhí doras an dúin dúnta go docht daingean – tionchar Uí Thaithligh.
Tá bua an lae inné ina ábhar faoisimh ag muintir Chiarraí ach go mór mór ina chúis áthais. A bhuíochas le fís Uí Chonchúir, le saineolas cosanta Uí Thaithligh agus le buanna peile na meithle, bhí Seán Ó Sé in ann a chuid Gaeilge a úsáid le bród is le fírinne inné:
“Tá Sam ag teacht ar ais go dtí an Ríocht. Ciarraí go deo!”
Ailliliú!