Tá dóchas fós ann am na Nollag

Concubhar Ó Liatháin

Tá an Nollaig buailte linn nach mór agus an chuma ar an scéal go mbeidh cuid dá draíocht faoi scáth de bharr an chasaidh nua i scéal síorathraitheach na paindéime ach, deirimse, ná cailltear dóchas go fóill.

Tá a fhios agam go mbíonn caint ar ‘Nollaig normálta’ amhail is go bhfuil a leithéid de rud ann agus nach é an trua é go millfidh scaipeadh Omicron, an leagan is déanaí den víreas seo atá tar éis na céadta milliún ar fuaid na cruinne a ghalrú agus, ag am scríofa an cholúin seo, tá breis agus 5 mhilliún seolta chun na síoraíochta.

Níl sé chomh fada ó shin go raibh caint ar an solas ag deireadh an tolláin agus cuid de na daoine ag samhlú gur soilse daite an chrainn Nollag a bhí i gceist ach tá tuairimí eile ag COVID agus a chol ceathrair is nuaí, Omicron.

Bhí deireadh á chur leis an bPUP - agus ní do choileáinín beag grámhar atáim ag tagairt ach d’íocaíocht dífhostaíochta na paindéime. 

Is cuimhin liom cúpla uair agus mé ag saothrú go dian chun spriocam a bhaint amach gur chuimhníos go mbeadh sé go deas a bheith ag fáil €350 in aghaidh na seachtaine, i bhfad níos mó ná an gnáthráta dífhostaíochta agus níos mó arís ná an méid a bhí á thairiscint ag Feidhmeannas na Sé Chontae: £20 sa bhreis gach seachtain ar bharr uasmhéid £74.70 go seachtainiúil. 

Luaim na nithe seo mar sa deireadh thiar, tá bunlíne ag baint leis an Nollaig agus is é sin airgead. Má tá ioncam agat tá leat, mura bhfuil níl, agus ní bhaineann an víreas leis sa chás sin.

Chonac tuairiscí nuachtáin le linn na seachtaine agus tagairtí ann don mhéid a chaithfeadh gach clann ar an Nollaig i mbliana. Suim airgid nach lú ná €1000 a bhí á thuar. Suim nach beag é sin agus is iad an dream a bhfuil €1000 le spáráil acu a chaithfidh é agus beidh an chuid eile gann.

Chonac é ráite in áit éigin le linn na seachtaine go raibh na Nollaigeacha a bhí againn is sinn óg chomh draíochtúil sin nár tugadh faoi deara an obair chrua a rinne ár dtuismitheoirí, ár máithreacha ach go háirithe, chun a chinntiú gur ócáid lán le draíocht í an mhórfhéile seo.

Táim cinnte go mbeidh tuismitheoirí fud fad na tíre seo agus timpeall na cruinne ag obair chomh crua is a d’oibrigh ár sinsir féin chun draíocht na Nollag a chinntiú dá dteaghlaigh.

Tá mo chuimhne féin lán de na -íomhánna iontacha des na Nollaigeacha a chuir mo thuismitheoiri ar fáil dom. Bhí siad lán le grá agus ní raibh ganntanas ar bith ag baint leo.

Sin a spreagann mé agus go leor eile agus aghaidh á tabhairt againn ar an Nollaig i mbliana, bíodh víreas ann nó ná bíodh.

Agus an oiread is gur féidir beidh Nollaig normálta ag go leor againn. Turcaí líonta le gach cineál spíosra is ábhar, liamhás lonraithe is mil ag sileadh leis, iliomad glasraí rósta is prátaí, bachlóga na Bruiséile cócaráilte ar shlí a meallfadh an páiste is lú chun iad a thriail. 

Ná bí ag caint ar fhíon, ar thosaitheoirí agus ar mhilseoga. Bíonn go leor cainte faoi phutóg na Nollag ach tá go leor nach n-íosfadh a leithéid anois agus bíonn iliomad oideas sna nuachtáin is ar an teilifís chun milseoga uachtarúla seacláide spioradálta a chumadh a d’fhágadh maróg na Nollag in áit na leathphingine!

Agus nílim fiú tar éis bronntanais a lua. Táim féin san áit nach bhfuil ach cúpla bronntanas fánach ceannaithe agus níos lú ná coicís fágtha. Ní easpa airgid an deacracht i mbliana – b’shin mo leithscéal blianta eile - ach ní fheadar cad a cheannóinn do dhaoine nach bhfuil rud ar leith ar bith ag teastáil uathu. Dearbhán leabhair an freagra go minic ar a leithéid d’fhadhb. Ach nuair atá daoine ag léamh leabhair ar innill anois níos mó ná riamh - an bhfuil brí leis sin níos mó?

Chonac mé clár ar an dteilifís le déanaí faoi bhean a dhéanann seacláidí lámhdhaite agus, de bharr go raibh ceiliúradh mo phósta ag teannadh liom, cheannaigh mé bosca de na seacláidí seo, ‘Grá’.  Tá dealramh chomh gleoite orthu go mbeadh eagla ort iad a ithe ach mo mhairg nár choimeádas don Nollaig iad!

Fadhbanna iad seo gan amhras ach ní géarchéim atá i gceist ar nós bochtaineachta nó ocrais nó easpa dídean nó breoiteachta nó a bheith brúite faoi chois agus i mbraighdeanas. Níl a fhios agam chomh maith is atáim nach bhfuil d’údar imní agam ach cén rud le ceannach do na daoine i mo shaol a bhfuil meas agus grá agam dóibh agus acu dom.

Tá an iomarca daoine ar domhan agus is Nollaig normálta a bheidh acu agus is cuid den ‘normáltacht’ san ná iad a bheith ocrach, bocht, gan dídean, breoite, uaigneach agus/nó faoi chois.

Nílimid ar an bpláinéad céanna leo agus sinn ag caint ar normáltacht s’againne agus a leagan.

An rud is mó, is dócha, gur féidir linn roinnt le daoine am ar bith ná sinn féin. Cuirimís ár ngléasanna nuabhronnta a fuaireamar don Nollaig ar leataobh ar feadh seal le comhrá a bheith againn, comhrá atá fior seachas fíorúil, agus labhraímis faoin Nollaig agus chomh speisialta is atá an t-am seo ag deireadh na bliana a thugann an misneach dúinn tabhairt faoi thuras eile timpeall na gréine.

Ba mhaith liom go mbeadh mo pháistí, ar déagóirí iad anois, ábalta labhairt faoin na Nollaigeacha a chaitheamar le chéile agus cuimhní ceanúla den tsórt céanna a bheith acu is atá agam féin ar laethanta m’óige.

Close
Close