Tá comhar na gcomharsan de dhíth arís in am seo an ghátair

Michelle Nic Pháidín

Is beag a shíl muid go mbeadh muid i gcruachás eile i ndiaidh na paindéime, go mbeadh tithe tábhairne, caiféanna agus bialanna ag druid arís agus daoine ag gearradh siar ar ábhair chomh bunúsach le teas ar mhaithe le hairgead a shábháil agus bia a cheannach.

Bítear ag súil le saol gan bhuaireamh, le dinnéaracha móra le cairde, le laethanta saoire thar lear ag na teaghlaigh agus an ghrian ag spalpadh anuas, le siopadóireacht gan teorainn - ach ní sin mar atá sé, a mhalairt ar fad atá fíor.

Tá daoine trom le buaireamh, tá fulaingt ar chúl na gcuirtíní, tá baol ann go bhfuil páistí ag gabháil a luí ar bhoilg fholmha - tá coimhlint agus briseadh croí ar ais arís ar thairseach an dorais.

Le cúpla seachtain anuas, tá gnólachtaí i mBéal Feirste ag tarraingt a gcomhlaí agus gan iomrá acu a dtogáil arís. Seo gnólachtaí fadbhunaithe lena bhfuil dámh agus ceangal ag na daoine agus ag an cheantar. Is ionaid iad seo a bhí níos tábhachtaí ná mar a thuig daoine sna pobail - seo áiteanna inár chruinnigh daoine, áiteanna ar pléadh cúrsaí an tsaoil agus a ndearnadh ceiliúradh ar bhua, áiteanna ar leagadh lámh ar ghualainn in amanna an bhróin.

Tá an tionscal i ngéarchéim gan aon amhras agus tá gá le plean a chur i gcrith a déanfas tarrtháil orthu.

Tá an scéal céanna amhlaidh i gcathracha agus i mbailte eile fud fad na hÉireann. Rinne an Independent cur síos ar na deacaireachtaí a bhí ag úinéirí Cafe Poppy Fields i mbaile Átha Luain nuair a fuair siad bille leictreachais €10,000, nár chlúdaigh ach dhá mhí, i rith an tsamhraidh.

Níl siopa ar bith a leagann tú ladhar iontu nach bhfuil daoine ag gearán faoin chostas maireachtála. Tá sé ráite ag an charthanacht Naomh Uinseann de Pól go bhfuil ar dhaoine an rogha a dhéanamh idir tiomáint chuig coinne otharlainne nó páistí a thiomáint chun na scoile. Agus i gcásanna eile idir an teas a chur ar siúl nó bia a chur ar an tábla.

Dúirt oifigeach de chuid an chumainn, Tricia Keilthy, go bhfuil oibrithe deonacha leo ag gabháil isteach i dtithe ina bhfuil daoine ina suí san fhuacht, gan teas agus coinnle lasta - amhail scéal de chuid Charles Dickens - agus is measa a éireoidh sé i rith an gheimhridh. Dúirt sí gurb olc uilig an scéal é do thuismitheoirí single agus do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Is beag a thig déanamh i láthair na huaire a mbeadh mór-éifeacht aige ar shaol na ndaoine. D’ainneoin sin tá rudaí beaga a thig déanamh - is féidir oideachas a chur ar dhaoine faoin dóigh is fearr le fuinneamh a chaomhnú. Ba chóir cinntiú go mbíonn doirse agus fuinneogaí ag feidhmiú mar is ceart i dtithe an údaráis áitiúil - go háirithe tithe ina bhfuil daoine faoi mhíchumas ina gcónaí iontu. Ba chóir do thiarnaí talún agus daoine eile a bhfuil tionontaí acu an rud céanna a chleachtadh - dearbhú go bhfuil gach duine atá faoi dhíonta a dtíthe te agus go bhfuil gach píosa oibre déanta ar an fhoirgneamh leis sin a chinntiú.

Tá sé thar am ag pobail thart ar an tír uilig theacht le chéile. Chonaic mé clár ar an teilifís ina raibh daoine ag cuidiú le chéile trí cheirdeanna agus talamh a mhalartú. Thaispeáin an clár fear a bhí ag péinteáil tí do bhean agus ise ag tabhairt ceachtanna dó ar dhóigheanna le suim a chothú i bpáistí. Is smaoineamh iontach atá ann. Sílimse gur chóir dúinn uilig a bheith ag cleachtadh an nóis seo.

Is gá dúinn iompú ar an tseanam: nuair a chuaigh comharsana i dtarrtháil ar dhaoine, nuair a thug na comharsana isteach an fhéir don bhean a chaill a fear ar an fharraige, agus a leithéid sin.

In am an ghanntanais, tagann daoine le chéile. Tugann siad tacaíocht dá chéile. Nuair a thiteann an dorchadas bíonn muid ag súil le breacadh an lae, agus níl rud ar bith chomh cinnte agus éirí na gréine ag bun na spéire.

Close
Close