Tá ceisteanna tromchúiseasacha le freagairt ag ár n-ionadaithe poiblí tráth an toghcháin seo

Dónall Mac Giolla Chóill

Nuair a bhí mise níos óige, mé i mo thachrán, dúradh liom go raibh an córas is fearr oideachais againn ar dhroim an domhain, níos fearr ná áit ar bith eile.

Nuair a bhí mé i mo thachrán, dúradh liom go raibh an córas sláinte is fearr againn, agus thiocfadh leis an dochtúir theacht chun tí, fiú nuair nach raibh orm ach sceadamán nimhneach.

Nuair a bhí mé sna déaga, dúradh liom go raibh an rialtas is fearr againn, fhad is nach raibh na ‘Blue-Shirts’ i gceannas.

Is iomaí rud a chuala mé, agus is iomaí rud a chreid mé.

Tá mé níos sine anois, agus tá gach duine a d’inis na bréaga sin domh marbh, agus tá súil agam, ar shlí na fírinne.

Chonaic mé pictiúirí le seachtain anuas ar líne de bhean inteacht ag ithe a cuid ó leac fuinneoige inteacht nach dtig aithne a chur air.

Chonaic mé an pictiúr, níor aithin mé an fhuinneog, agus níor aithín mé an bhean, óna cúl.

An chéad rud a rith liom, nuair a tchím rudaí ó na meáin shóisialta ná gur bréagnuacht atá ann, agus ó thárla nach raibh mé ábalta an áit a aimsiú, thosaigh rud inteacht taobh istigh domh go domhain ag rá nach raibh ann ach an bréagscéal céanna a fheicim achan lá, ó éirí go luí na gréine,

Tá sé de nós ag Meon Eile iarraidh orm píosa a scríobh thart ar achan sé seachtainí, rud inteacht a scríobh a bheas gealgháireach nó scigmhagúil, faoi cibé scéal atá sa nuacht.

Agus deánaim sin de ghnáth go furasta.

Tá go leor rudaí in Éirinn a thig an mún a bhaint as sa lá atá inniu ann, má amharcann tú le súil ghéar ar na rudaí seo, ach inniu, tá sé doilligh orm a bheith gealgháireach agus eadrómchroíoch.

Coinnigh leis an alt seo go dti an deireadh agus beidh rún scaoilte chugat.

De ghnáth iarrann siad orm scríobh faoi chúrsaí aerachais, ó tharla go bhfuil mé aerach, rud nach bhfuil neart agam air.

Uaireanta iarrann siad orm scríobh mar gheall go bhfuil mé i mo chainteoir dúcháis i mo chónaí i mBéal Feirste, i measc na gcoimhthíoch, mar gur sin mar atá mé.

Uaireanta eile iarrann siad orm scríobh faoi bheith cantallach, mar tá mé cantallach, srl…

D’iarr siad orm scríobh faoin bhean seo, ag ithe a dinnéir ó leac na fuinneoga, léi féin, agus gan duine thart uirthi.

Nuair a d’iarr siad sin orm, smaoinigh mé ar mo dhuine, an fear sin a tógadh idir chorp chleite is sciathán, agus é i bpuball lena mhála codlata thart air agus é ar thaobh na Canála Móire i mBaile Átha Cliath, agus a fágadh in otharlann agus é gortaithe go holc.

Do dhuine ar bith atá ag léamh an phíosa seo, agus a bhfuil taithí acu ar an stíl a chleachtaím de ghnáth, beidh sibh (Eagarthóir, fo-eagarthóir agus muintir Bhun an Leaca san airéamh) ag rá libh féin; “Cá bhfuil an greann?”

Níl ábhar grinn anseo.

Fágadh bean inteacht ag ithe cibé suipéar a bhí aici le hithe aici ó leac fuinneoige.

Bhí fear inteacht ag cur faoi ar bhruach canála agus sciobadh le huirlís mhór é óna oíche chodlata.

Tiocfaidh ionadaithe poiblí chugaibh sna Sé Chontae is Fiche, mar a thug m’athair air tráth, chugat sna seachtainí seo amach romhainn, agus iarrfaidh siad do vóta.

Cuir ceist amháin orthu nuair a thagann siad chugat.

An cheist sin, an tiarna talún thú?

An bhfuil maoin agat, an bhfuil tithe agat amuigh ar cíos, an tú duine den cheathrú cuid de Theachtaí Dála a bhfuil seo amhlaidh daoibh?

Ceist is fiú a chur.

Is minic a shiúlaim thart ar lár na cathrach fá Bhéal Feirste, nó i mBaile Átha Cliath agus fiú fá Londain.

Is minic a tchím daoine gan dídean, gan chró, gan áit don oíche.

Iad ag ithe a gcuid ó leac fuinneoige.

Iad le puball a chuireann olc ar lucht na cathrach, lucht na slabhraí órga agus na gcótaí síoda le bóna fionnaidh.

Iad siúd a déarfadh nach ionann iad agus mise.

Daoine a bhfuil drochrudaí ar siúl ina saol.

Lá den tsaol b’ionann iad sin agus mise.

Close
Close