Conchubhar Ó Dálaigh
Is comhalta taighde é Conchubhar Ó Dálaigh i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bíonn sé ag tabhairt léachtaí faoi stair, cultúr, litríocht agus scannánaíocht thíortha Lár agus Oirthear na hEorpa.
Trí ‘ghairm shlógaidh pháirteach’ a fhógairt sa Rúis an 21 Meán Fómhair, chaith Uachtarán na Rúise Vladimir Putin i dtraipisí d'aon bhuille amháin an margadh sóisialta leochaileach idir réimeas na Rúise agus pobal na tíre atá á chur i bhfeidhm go céimiúil agus go cúramach aige le 22 bhliain anuas.
Mar bhunchloch dá réimeas bhíodh teachtaireacht shimplí, a thuigeadh gach duine ina gcroí istigh ach nár labhraíodh riamh os ard: "Fágaigí fúmsa na cúraimí stáit ina n-iomláine, a shaoránacha dhile", a deireadh Putin, amhail cogar, os íseal. "Mar chúiteamh beidh saol rachmasach ciúin agaibh". Margadh so-ghlactha, shilfeá, do phobal géillsineach nár bhlais an daonlathas le 500 bliain, seachas le linn na hidir-ríochta ó 1991 go dtí 1999 tar éis don Aontas Sóivéadach titim as a cheile agus Boris Yeltsin teacht ina chomharba ar Mikhail Gorbachev mar cheannaire. Dé réir mar a chuaigh praghsanna na mbreoslaí iontaise in airde, agus caighdeán maireachtála na Rúiseach in airde in éineacht, thugtaí cead do Phutin agus dá leathbhádóirí san FSB, san arm agus i Rosgvardia, na hinstitiúidí daonlathais a bhíodh i mbéal fáis le linn na 1990í a tharraingt ó chéile agus a chur faoi chois. An córas polaitiúil, na meáin chumarsáide (go hairithe an teilifís), an reachtas, na breithiúna agus an córas gnó - baineadh a neamhspleáchas díobh go léir.
Bhíodh saoránaigh na Rúise, an formhór mór acu, sásta cur suas leis sin, agus lean siad ar aghaidh lena saol príobháideach pearsanta. Ach na daoine glóracha nár ghlac leis an margadh sin, sáraíodh orthu spás a aimsiú dóibh féin sa tsochaí sin: maraíodh cuid acu (Anna Politkovskaya, Alexandr Litvinenko, Boris Nemtsov), díbríodh cuid eile (Mikhail Khodorkovsky), cuireadh i bpríosún neart eile (Alexei Navalny, Andrei Pivovarov, Vladimir Kara-Murza), d’imigh daoine eile ar deoraíocht (Boris Akunin, Garry Kasparov, Sergei Guriev, Vladimir Milov) agus - sa chás nach raibh aon rogha eile ann - d'fhan siad sa bhaile ina dtost.
D’fheadfadh Putin leanúint ar aghaidh mar cheannaire uathlathach na Rúise mar sin go ceann i bhfad – ar feadh 22 bhliain eile fiú. Bhí an deis ag Putin an status quo a choinneáil – a chumhacht mar cheannaire na sócmhainní a charnaigh sé dó féin agus dá chairde mar capo dei capi a choimeád – agus b’fhéidir leis na coimhlintí éagsúla, sa Donbas san áireamh, a fhágáil “reoite” mar a bhí, agus - cá bhfios - stádas oifigiúil a bhaint amach don gCrimé. Bheadh meas airithe (más go drogallach féin é) ar an Rúis dá bharr, bheadh an tIarthar in ann gás agus ola a cheannach uaithi gan srian, leanfadh saoránaigh na Rúise ag taisteal thar lear, ag baint sult as na brandaí trasnáisiúnta McDonald's, IKEA, Renault, Apple agus na mílte branda eile nach iad. Agus chuirfeadh pobal na Rúise suas leis na laincisí thuasluaite ar a gcuid saoirse gan mórán agó.
Ach chuir an t-ionsaí míleata gan choinne a rinne an Rúis ar an Úcráin an 24 Feabhra an margadh sóisialta sin i mbaol. Ba léir ón lá sin ar aghaidh go mbeadh tionchar nach beag ag na smachtbhannaí idirnáisiúnta ar chaighdeán maireachtála na ngnáth-Rúiseach – ceal comhábhair iompórtáilte ón Iarthar, thiocfadh laghdú diaidh ar ndiaidh ar an táirgeacht i ngach earnáil san gheilleagar - sna hearnálacha déantúsaíochta ach go hairithe. Le cúpla mí anuas tá eacnamaithe ag tagairt don bhfeiniméan ‘dífhostaíocht faoi cheilt’ i gcás na Rúise (nuair a laghdaítear uaireanta oibre agus nuair a ghearrtar siar pá na n-oibrithe dá réir).
Ach níor thug pobal na Rúise suntas iomlán fós do na próisis sin. Rotha mór an tsaoil a bhí ann, dar leo: “Thíos seal, thuas seal, ach is féidir linn corr-dheacracht a sheasamh”. Níor thug, go dtí an Céadaoin seo caite, nuair a d'fhógair Putin an ‘ghairm shlógaidh pháirteach’ sin. De phreab tháinig an cogadh isteach an príomhdhoras chuig gach Rúiseach. Cuairteoir a raibh doicheall roimhe, forbairt nach raibh aon fháilte roimpi. Agus is cosúil nach bhfuil sé i gceist ag an gcuairteoir lofa sin an teach a fhágáil. Tá lucht cáinte Putin ar aon tuairim gur tubaiste uafásach é an fógra seo. De réir Pavel Lokshin, iriseoir leis an nuachtán Die Welt agus duine atá lonnaithe i Moscó, "bhuail scaoll" na Rúisigh a bhfuil aithne aige orthu: anbhá iomlán orthu agus iad ag iarraidh an tír a fhágáil. "An gcuirfidh Putin deireadh linn...?” a d'fhiafraigh duine éigin ar Twitter, “...nó an gcuirfidh muidne deireadh le Putin roimhe?" Is samplaí ionadaíocha iad den mhéid atá le cloisteáil.
Is léir don dall gur bréag-théarma é an coincheap 'gairm shlógaidh pháirteach' - go díreach mar is sofhriotal é an frása 'obráid speisialta mhíleata' a úsáideann Putin seachas an focal lom 'cogadh'. Is gairm shlógaidh iomlán atá i gceist anseo. Seo a leanas na trí chritéar a leag an Roinn Cosanta síos ar chóir gach ceann acu a shásamh sular féidir le duine a bheith roghnaithe sa ghairm shlógaidh:
1. seirbhís mhíleata a bheith déanta agat
2. saineolas míleata ábhartha a bheith agat, agus
3. "taithí choimhlinte" a bheith agat.
Tá an-amhras léirithe ag saineolaithe míleata go bhfuil 300,000 saighdiúir sa Rúis a bhfuil taithí choimhlinte acu: is fíor gur throid 63,000 saighdiúir sa tSiria suas go 2018, ach is cosúil go bhfuilimid breis is 200,000 gann. Ach is léir ó thuairiscí ar na meáin shóisialta go ndéanfar neamhaird iomlán ar na treoracha sin. Líonfar na liostaí trí mheán cuótaí réigiúnacha. Béarfar ar gach duine is féidir leis an arm a shú isteach - go hairithe as na comhphobail mhionlaigh - san réigiúin iargúlta cosúil le Túva, an Dagastáin, an Chailmíc, an Bhuiriáit. Anuas air sin, níl aon bhunús leis an bhfigiúir '300,000 saighdiúir' a luaigh Aire Cosanta na Rúise Sergei Shoigu agus é faoi agallamh Dé Céadaoin. An líon a bheadh ag teastáil ón gcoinscríobh, de réir lucht faisnéise SAM agus RA, ná idir 700,000 agus 1.2 milliún duine.
An nglacfaidh pobal na Rúise i gcoitinne leis an ngairm shlógaidh seo? An mbeidh siad sásta dul leis? Nó an bhfuil aon seans go leanfaidh siad comhairle lucht an fhreasúra Rúisigh atá ar deoraíocht thar lear – an polaiteoir Leonid Volkov, mar shampla, comhairleoir de chuid Alexei Navalny, a impíonn ar Rúisigh an próiseas a scriosadh. Deacair a thuar céard a bhéas mar thoradh air sin. Ag an staid seo is cosúil go bhfuil formhór an phobail fós sásta dallamullóg a chur orthu féin: “Níor tháinig siad i mo dhiaidh go fóill, ní bhaineann sé liomsa, beidh mé togha”. Tá na meáin chumarsáide oifigiúla ag scaipeadh an scéala gur mionlach beag iad na ‘fealltóirí’, lucht an achrainn, a bhfuil drogall orthu ‘seirbhís cosanta’ a thabhairt dá dtír dhúchais. Agus nach mbíonn sé fréamhaithe go domhain i gcroílár shícé an duine go mbíonn eagla bhunúsach orainn roimh bheith inár n-aonar, mar mhionlach, scoite amach ónár dtreibh? Ná bíodh iontas orainn, mar sin, mura n-éireoidh cosmhuintir na Rúise amach, in ainneoin a scéine roimh an mbás a d’fhéadfadh a bheith i ndán dóibh ag an bhFronta Thiar san Úcráin. Is éard a thagann chun cinn in am an ghátair ná meon aigne fulangach, géilliúil na nglún Rúiseach a chuaigh rompu – iad a d'fhulaing sna 1930í faoi Stalin ach go háirithe.
Cén fáth ar ghlac Putin an chéim seo? Dé réir an anailísí Andrei Piontkovsky, bíonn dhá dhream éagsúla i Moscó ag iarraidh dul i gcion ar Phutin - “páirtí an chogaidh” agus “páirtí na gcainteanna” mar a thugann Piontkovsky orthu. Is duine é Putin, is cosúil, nach mbíonn sé éasca dó cinneadh a dhéanamh, agus bíonn sé de shíor ag iarraidh an dá thrá a fhreastal idir an dá dhream úd dá bharr.
Sa chás áirithe seo, áfach, is dócha nár mhothaigh Putin go raibh an dara rogha aige. Tar éis dó a bheith náirithe faoi dhó taobh istigh d'achar gairid le coicís anuas – go míleata maidir le haistarraingt na bhfórsaí Rúiseacha ó Kharkhiv (6,000 ciliméadar cearnach talún géillte ar ais don Úcrain) agus go polaitiúil i Samarkand ag cruinniú de chuid Eagraíocht Chomhair Shang-hai (idé béil tugtha do Phutin ag Xi Jinping na Síne agus ag Narenda Modi na hIndia araon as an gcogadh místuama seo san Úcráin a thosú, cogadh a dhéanann léirscrios ar gheilleagar an domhain) – agus é faoi smál, chinn Putin taobhú le ‘lucht an chogaidh', seasamh atá gar go leor, shílfeá, dá dhearcadh pearsanta féin.
I measc lucht an chogaidh tá náisiúnaithe antoisceacha coimeádacha cosúil leis an ‘scarúnaí’ Igor Girkin (deirtear gurb é Girkin a thosaigh an cogadh sa Donbas in 2014 agus gurb é a bhí freagrach as an eitleán MH17 a thabhairt go talamh), Nikolai Patrushev (rúnaí ar Chomhdháil Slándála na Rúise), Yevgeny Prigozhin (bunaitheoir an eagrais pharaimíleata Wagner Group), Zakhar Prilepin (scríbhneoir, iartheachta sa Duma) agus Aleksandr Dugin (fealsamh ar feallmharaíodh a iníon Darya i Moscó mí ó shin). Tá an grúpa antoisceach seo thar a bheith sásta le cinneadh Putin beart mór a dhéanamh arís: más mall is mithid. Maireann siadsan sa réaltacht fhíorúil chéanna a chuir Putin os ár gcomhair san óráid a thug sé Dé Céadaoin - go bhfuil Neo-Naitsithe i gcumhacht i gCív ó 2014, gurb iadsan amháin atá ag scriosadh fhoirgnimh na sibhialtach, ag marú cainteoirí Rúisise sa Donbas, ag iarraidh dúmhál núicléach a dhéanamh ar an domhan trí shliogáin a scaoileadh i dtreo stáisiún núicléach in Zaporizhia, go bhfuil críocha na Rúise féin faoi ionsaí ag NATO (luaigh sé faoi leith na réigiúin Belgorod agus Kursk, atá gar don teorainn leis an Úcráin), go gcuireann sé fáilte roimh na ‘reifrinn’ maidir le Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhia a aontú leis an Rúis, agus go mbeadh sé sásta ‘aon arm’ a úsáid chun sláine críche na Rúise a chosaint.
Cuimsíonn “páirtí na gcainteanna”, de réir Piontkovsky, roinnt seanchairde le Putin ón tréimhse a chaith siad le chéile ag riar i gCathair Pheadair sna 1990í, billiúnaithe, olagarcaí den chuid is mó: na deartháireacha Rotenberg, Dmitry Kozak, agus go háirithe Yuri Kovalchuk, baincéir pearsanta Putin. Cé gur náisiúnaithe móra iad an dream seo chomh maith, gan fonn dá laghad orthu go leanfadh an Úcráin ar aghaidh mar stát ceannasach neamhspleách, tá siadsan den tuairim gur theip ar an iarracht an Úcráin a ghabháil agus réimeas Zelensky a chloí. B’fhearr leo gan an choimhlint a ghéarú a thuilleadh agus ina áit sin iarracht a dhéanamh na críocha gafa sa Donbas agus an Chrimé a choinneáil don Rúis trí shos cogaidh a fógairt agus sraith cainteanna a ghairm leis an Úcráin agus le tíortha an Iarthair, ag baint leas as Recep Tayyip Erdoğan, uachtarán na Tuirce, mar eadránaí.
Tá ar ‘pháirtí na gcainteanna’ faire ar an seans anois, mar tá lámh in uachtar faoi láthair ag ‘páirtí an chogaidh’. Is dócha, áfach, gur gearr go dteipfidh ar iarrachtaí lucht an chogaidh. Deir saineolaithe míleata, an ginearál Meiriceánach Ben Hodges san áireamh, nach mbeidh aon éifeacht ag an ngairm shlógaidh, fiú má éiríonn le húdaráis na Rúise é a chur i gcrích, go ceann sé mhí ar a laghad: caithfear na foirne nua a thraenáil, fearas cuí (gunnaí, éadaí, buataisí srl) a thabhairt dóibh – rud a ghlacann suas le dhá bhliain in airm san Iarthar, fiú in aimsir na síochána – agus gurb í easpa na lóistíochta cogaidh, seachas líon na saighdiúirí, an laige is mó atá ag arm na Rúise. Ní le gairm shlógaidh a rinneadh faoi bhrú a réiteofar fadhbanna córasacha den chineál sin.
Is dócha go dtuigeann Putin é sin ina chroí istigh. Cad a spreag sé, mar sin, na geallta a ardú chomh mór sin an tráth áirithe seo? Is cosúil nach bhfuil sa bhforógra sin um ghairm shlógaidh ach cuid thánaisteach dá phlean. Is léir go bhfuil Putin i sáinn ar bhonn pearsanta. Léiríonn a iompar níos mó agus níos mó comharthaí éadóchais. Ní bhíonn an leibhéal céanna féinmhuiníne le brath ina chuid cainte mar ba ghnáth. Bíonn cuma fhuarchúiseach ar Phutin agus é ag míniú a réasúnaíochta ach ní mar a shiltear a bítear i gcónaí. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé sásta rudaí baothdhána a dhéanadh an tráth seo. ‘Místuama, ainchríonna, meargánta’ a thug urlabhraithe NATO ar na leideanna a thug Putin ina óráid Dé Céadaoin go bhfuil sé toilteanach arm núicléach a úsáid. Tá a chaisleán cártaí carntha go hard sa spéir ag Putin anois. Bímis ag súil nach mbeidh fonn aige dul rófhada le coincheap an ollscriosta núicléach a chuir sé in iúl agus é faoi agallamh ag Vladimir Solovyov in 2018. Ag déanamh tagairt d’ionsaí núicléach réamhchoisctheach nó ‘cosanta’ a d'fhéadfadh deireadh a chur leis an gcine daonna, dúirt Putin: “Mar shaoránach Rúiseach agus mar cheann stáit na Rúise, ba mhaith liom an cheist seo a chur: cén fáth an mbeadh an domhan seo ag teastáil uainn ar chor ar bith, mura mbeadh an Rúis ann?” Le teann gaisce a dúirt sé an méid sin, is dócha, ach beidh pleanálaithe míleata an Iarthair go mór ar an airdeall má thagann crú ar an tairne, agus mura gcuirfear deireadh le riail Vladimir Putin roimhe sin - riail a mhairfeadh i bhfad níos faide, murach na cinntí – atá tubaisteach dó féin agus dá phobal – a ghlac sé an 24 Feabhra (an Úcráin a ionsaí go leanúnach) agus arís an 21 Meán Fómhair (na hionsaithe leanúnacha sin a thiontú ina gcogadh dearg, agus aon tarraingt siar óna phlean meargánta impiriúlach curtha as an áireamh).