Tírghrá nó Tírghráin?

Cathal Ó Manacháin

Agus sinn ag druidim le deireadh 2016, is fiú an cheist a chur: “Cad é mar a amharcfaidh na stáraithe siar ar an bhliain seo?”

An mbeidh cuimhne ar 2016 mar an bhliain ar éirigh an eite dheis agus an Faisisteachas arís amach as an luaithreach a d’fhág leithéidí Hitler, Mussolini, Franco agus Eoin Ó Dubhthaigh ina ndiaidh? An rud is annamh is iontach, ar ndóigh.

Is annamh beagnach gach saineolaí polaitiúil agus geallghlacadóir mícheart, ach bhí siad contráilte faoin Bhreatimeacht, nó Brexit, agus bhí siad contráilte arís fá thoghchán uachtaránachta SAM.

Cá mhéad duine a thomhaisfeadh ag tús na bliana seo go mbeadh Donald Trump ar chlúdach tosaigh irisleabhar ‘Time’ mar phearsa na bliana? Ar ndóigh, is dócha go raibh an t-iontas céanna ar go leor daoine sa bhliain 1938, nuair a roghnaigh irisleabhar ‘Time’ Adolf Hitler mar phearsa na bliana

Luaigh mé Eoin Ó Dubhthaigh cheana féin, ach, ó bhí aimsir na Léintí Gorma ann, níl aon iomrá ar Éirinn mar thír ina gcuirfí fáilte roimh an eite dheis, buíochas do Dhia.

Agus níor cuireadh. Ar a laghad in Óstán an Merrion i mBaile Átha Cliath traidhfil seachtainí ó shin, níor cuireadh aon fháilte roimh an Pháirtí Náisiúnach agus a uachtarán Justin Barrett.

Bhí an Páirtí Náisiúnach ag brath a bpáirtí úr a sheoladh ag preasócáid i mBaile Átha Cliath i lár Mhí na Samhna, ach chuir an tÓstán Merrion an ócáid ar ceal.

Ba é uachtarán an pháirtí, Justin Barrett as Tiobraid Árann agus an leasuachtarán James Reynolds, a bhí le labhairt ag an seoladh.

Ní chualathas iomrá ar bith ar Barrett le deich mbliana anuas nuair a bhí sé páirteach sa ghrúpa Youth Defence, grúpa a throideann in aghaidh an ghinmhillte.

Má tá meas ag Barrett ar an leanbh sa bhroinn, áfach, is beag meas atá aige ar go leor acu nuair a thagann siad ar an saol.

Tá uachtarán an Pháirtí Náisiúnaigh i bhfách le próifíliú ciníoch, is é sin le rá go mbeidh daoine áirithe faoi amhras ag an stát, ag brath ar cén tír nó cén cine lena mbaineann siad.

Is é atá i gceist ag Barrett le próifíliú ciníoch, ar ndóigh, ná toirmeasc a chur ar Mhoslamaigh teacht go hÉirinn, ar a laghad go ceann tamaill. Tá sé den bharúil go bhféadfadh gach Moslamach bheith contúirteach.

Ní saoirse cainte atá ann seo, i mo bharúil féin, ach fuathchaint agus níor chóir go dtabharfaí aon ardán dó.

Ceapann an Páirtí Náisiúnach gur chóir d’Éirinn níos mó saoirse agus neamhspleáchas a bheith againn ó dheachtóireacht an Aontais Eorpaigh, mar a fheiceann Barrett é. Tá sé de nós ag an eite dheis, ar ndóigh, nach mbíonn ciall ró-iontach don íoróin acu. Is beag amhras atá ar aon Ghael ciallmhar gur deachtóireacht dá chuid féin a bheadh ar siúl ag Justin Barrett dá ligfí dó.

Folaíonn grá gráin, a deirtear. Bímis ag súil agus ag guí nach bhfuil muintir na hÉireann chomh dallta sin ag ár dtírghrá nach gcuirfimid fáilte Uí Cheallaigh i gcónaí roimh chuairteoirí agus imircigh chun na tíre seo. Ná déanaimis dearmad ach an oiread gur imircigh a bhí agus atá in go leor dár muintir agus dár sinsear ar fud an domhain.

Close
Close