Concubhar Ó Liatháin
Táimid tagtha slán go dtí seo i mbliana agus ní beag san. A leithéid de bhliain mar 2020, is ar éigean go ligfear i ndearmad é. Níl sé thart fós. Tá cúpla seachtain eile le dul ach nár bhreá linn ar fad athbhliain a bheith ann agus é fé mhaise agus sinn go léir ar ais ar ár seanléim. Is bliain é seo a bheidh breactha i stair na cruinne, mothaím, bliain a rith sé deacair orm breith air i bhfocail, amhail is go rabhas ag iarraidh speirling a cheapadh i gcupán.
Ag tús na bliana seo, bhíomar lán dóchais, ag súil go mbeadh réiteach sásúil ar an mBreatimeacht, go mbeadh bata agus bóthar tugtha do Donald Trump agus, anseo sa bhaile, go mbeadh toghchán ann a shocródh ár gcúrsa polaitiúil féin. Bhíomar ar mhuin na muice, cheapamar, cé go raibh éiginnteacht áirithe san aer.
Ní raibh aon súil againn go dtiocfadh scéal an víris aniar - nó anoir - aduaidh orainn. Is cuimhin liom a bheith ag tuairisciú faoi i mí Eanáir - is amhlaidh go raibh mo mhac le dul ar chuairt staidéir go dtí an tSín agus de bharr ráig den aicíd nua seo thall, bhí ar na húdaráis an chuairt a chur ar ceal, údar díomá do mo mhac agus go leor daltaí iar-bhunscoile ar fud an chontae a roghnaíodh le dul ar an turas.
Níor thuigeas ag an am go mbeadh an t-oileán seo chomh plúchta ag an víreas i gceann cúpla mí is a bhí an tSín ag an am sin. Agus, fiú, go mbeadh an víreas ceannsaithe, a bheag nó a mhór, sa tSín ag an am a raibh lucht meánscoile Chorcaí ceaptha a bheith ag taisteal chun na hÁise.
Is cosúil gur shleamhnaigh an víreas isteach go hÉirinn. Agus na capaill ag taisteal thar chliatha Cheltenham sa Bhreatain bhíomar ag cur cúpla Euro ar roghanna na n-údar sna rásaí éagsúla.
An t-aon gheall cinnte ná gur dóichí ná a mhalairt go mbeadh an víreas in Éirinn de thoradh ar fhilleadh lucht tacaíochta na gcapall. Ní hamháin sin ach bhí na sluaite ag teacht go hÉirinn chun bheith i láthair ag cluiche idirnáisiúnta rugbaí idir foirne na hÉireann is na hIodáile i gCraobh na Sé Náisiún. Cuireadh an cluiche ar athló ach bhí tacadóirí na Azzurri in Éirinn ar aon nós agus thug siad leo an aicíd ó thír ina bhí ina lár don ghalar san Eoraip ag an am.
Ar eagla na míthuisceana, ní ar mhaithe le locht a chur ar éinne a luaim na samplaí seo ach le béim a leagadh ar an ndúil mharfach atá ionainn sa chine daonna a bheith beo agus ag sóisialú le daoine eile agus go bhfuilimid sásta dul sa bhearna bhaoil más gá chun amhlaidh a dhéanamh.
Agus luaidreáin faoin víreas ag teacht inár dtreo, bhí gnó eile idir lámha ag vótóirí na tíre agus feachtas olltoghcháin ar bun i ndúluachra an Gheimhridh agus polaiteoirí ag póirseáil timpeall ó dhoras go doras ag lorg Uimhir 1 uainn. Toghchán é a chroith ár ndomhan polaitiúil ó bhun go barr. Bhí Sinn Féin ag iarraidh ar an dtoghlach ár nguth a thabhairt don ‘athrú’ agus dheineamar amhlaidh.
Fuair SF an líon is mó vótaí is suíocháin dá n-iarrthóirí ó bhí Olltoghchán 1918 ann. Ach dá mb’athrú suntasach é sin - agus dob ea - bhí athrú cinniúnach eile ar an dtírdhreach pholaitiúil in Éirinn nuair a tháinig Fianna Fáil agus Fine Gael, céilí comhraic le céad bliain anuas ó Chogadh na gCarad, agus an Comhaontas Glas, le chéile chun comhrialtas a bhunú. Ná cuirtear as an áireamh gur ghlac sé geall leis cúig mhí an Rialtas nua a bhunú agus ní túisce i gcumhacht iad go raibh siad báite i scannail agus conspóid. Ní raibh sé seachtaine caite go raibh an tríú hAire Talamhaíochta le ceapadh. Bhí ar bheirt eile éirí as de bharr conspóidí éagsúla - fuarthas amach go raibh Barry Cowen ag tiomáint fé thionchar an óil agus gan ach ceadúnas sealadach aige, agus bhí Dara Calleary i láthair ag ócáid mhíchlúiteach ar a dtugtar Golfgate. Tá a fhios agat go mbíonn fearg ar dhaoine faoi rud éigin nuair a bhronntar an t-aguisín ‘-gate’ air. Is cinnte go raibh aiféala ar Dhara Calleary mar ní imríonn sé galf - is é a mheall an chonspóid ná a rannpháirtíocht i ndinnéar ag a raibh breis is 80 i láthair (i dhá sheomra éagsúla) tráth a raibh cosc ar a leithéid de bharr shrianta chun COVID-19 a chur faoi chois.
Nuair a thug an saoi Síneach, Confucius, beannacht dá lucht leanúna go mbeadh siad beo in am suimiúil, níor shamhlaigh sé riamh go mbeadh siad chomh suimiúil leis an mbliain atá caite againn. Is cinnte gur bliain shuimiúil a bhí ann do thuairisceoirí - cé go raibh go leor againn ag obair go dian dícheallach ó oifig tí.
Ní hamháin gur cuireadh cosc ar dhaoine obair ina ngnáthláithreacha oibre - ach is ar éigean a bhí cead thar theorainn chontae againn de bharr na n-iarrachtaí scaipeadh na haicíde a mhaolú.
Chaitheas féin cúpla saoire in Éirinn le linn an tsamhraidh cé gur imíos thar sáile le haghaidh ceann acu - cúpla oíche álainn ar Inis Oírr ag sú na gréine, ag snámh agus ag ithe is ag ól mo sháith. Bhíos i gCiarraí freisin, ar thrá Dhoire Fhíonáin a fuaireas fuascailt ó ghaoth ghránna an víris ar feadh lá breá gréine ag deireadh an tsamhraidh.
Beidh cuimhne ag ár bpáistí ar feadh i bhfad ar an tsaoire gan choinne a fuair siad ó ghéibhinn na scoile - d’fhag siad an scoil ar an 12 Márta is níor fhill siad go tús mhí Mheán an Fhómhair. Tá siad sa chéad líne chatha ó shin agus tá siad ag seasamh ann go cróga agus le haoibh an gháire go fóill ar a n-aghaidh, cé go bhfuil gach rud sultmhar a bhaineann le saol na scoile, an chraic a bhaineann le himeachtaí iarscoile is a leithéid, srianta go mór.
Bhí an oiread sin rudaí ann nach dócha go dtarlóidh arís - atáimid ag súil nach dtarlóidh arís - ag titim amach inár saol féin gur ar éigean gur thugamar faoi ndeara na sorcais eile a bhí ar bun - toghchán uachtarántachta SAM mar shampla. Tá Donald Trump ar a bhealach amach as an dTeach Bhán ach, cosúil leis an leagan fada de COVID, is eagal liom go mbeidh iarmhairtí a pholasaithe drochaigeanta is lomchaipitileacha á n-iomrascáil ag a chomharba, Joe Biden, agus an domhan trí chéile go ceann i bhfad eile.
Tá taoide an Bhreatimeachta ag líonadh agus seo á scríobh agus gach seans go mbrisfidh sé ar an dtrá roimh i bhfad - ar shamhlaigh éinne go mbeadh sé chomh fadalach leis seo an t-aoi nár theastaigh uaidh a bheith ag an gcóisir a sheoladh abhaile? Níor cheart beag a dhéanamh den aimhréidh a chruthaigh an Bhreatain lena chur chuige leithleasach agus an claonadh gan beartú de réir briathair, is dócha.
Tá an Nollaig ag teannadh linn, séasúr ceiliúrtha faoi shrian agus faoi scáth i mbliana.
Tá línte ó dhán a scrígh m’athair, Dónal Ó Liatháin, a ritheann liom ag an am seo.
“Nó an dtiocfaidh eochair an Nollaig, a réiteoidh dúinn an glas,
go déanfaimid ár gcúrsa, thar táirseach amach.”
Táimíd dóchasach nach leanfaidh an tríú tonn den ghalar san Earrach agus go mbeidh an vacsaín mar dhíon cosanta againn sar i bhfad. Tá teist curtha ar ár gcreideamh ionainn féin mar phobal, ní áirím ar ár gcreideamh i gcumhacht níos cumhachtaí arís, agus is cosúil go bhfuilimid tagtha tríd go dtí seo. Ní beag san, agus seasfaidh sé sin linn.
Ach mothaím i mo chnámha gur mó arís na teisteanna atá romhainn san am atá le teacht agus, mar shampla amháin den dainséar atá os ár gcomhair, an t-athrú a bhí ag teacht ar an aeráid i rith an ama go léir a raibh ár n-aird dírithe ar rudaí eile. B’fhéidir gur níos dúshlánaí fós a bheidh na blianta atá romhainn.