Súil eile ar an saol i ndiaidh na paindéime

Michelle Nic Pháidín

Nuair a thagann muid amach ar an taobh gheall den phaindéim dhamánta seo is cinnte go mbeidh seoid bheag saibhris linn uilig. Ó tháinig Covid chun cinn tá an domhan faoi smál. Tá na milliúin curtha den saol seo ag an diabhal rud agus mar sin tá sé de dhulgas orainn, mar dhaoine, foghlaim ón méid a tharla agus fás agus forbairt dá réir.

Le linn an ama seo, d’athraigh mise agus an dóigh ar smaoinigh mé ar an saol. Nuair a bheinn ag obair i mbaile Leitir Ceannain, thiocfadh tráthnóna Dé hAoine agus bheinn ar an bhealach faoin sé ag cuardadh craic agus ceoil don deireadh seachtaine.

Bheinn i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus níos faide ó bhaile le suí thar dhinnéar le cairde agus an méid a thiocfadh liom a bhaint as an deireadh seachtaine - gach deor a shú as. Shíl mé go raibh sin tábhachtach agus tá, ach anois tuigim go bhfuil rudaí eile atá ní ba thábhachtaí.

Leis an phaindéim seo fágfadh muid sa bhaile. Ní raibh muid ábalta dhul níos mó nó cúig chiliméadar ón tigh. Bhí sriantaí agus teorainneacha curtha orainn uilig. Rinne an phaindéim príosúnaigh dínn inár mbailte beaga féin ach tháinig cuid mhór maitheasa leis sin ag an am céanna.

Inniu féin agus mé ag gabháil ag siúl d’aithnigh mé nach raibh mé ag éisteacht le ceol fríd na cluasáin agus mé i mbun spaisteoireachta nó i mo rith. Sin nós a chleachtaigh mé le blianta. Ach ina áit bhí mé ag éisteacht le ceol na n-éanach agus ag fáiltiú roimh scréachach na bhfaoileán nó chuir siad i gcuimhne domh nach raibh an trá ach ag bun an chabhsa, d’aithnigh mé nead sabhaircíní faoi chrann agus mhothaigh mé fréamhaithe i mo bhaile féin.

Tháinig mé isteach chun tí agus bhí an cál á bhruith ag mo mháthair agus mheabhraigh mé cé chomh hádhúil agus a bhí mé go raibh an boladh sin sa chistineach. Go raibh sise ag ullmhú dinnéir. D’fhiafraigh mé di cén dóigh a ndéanann sí an cál agus gheall mé domh féin sna blianta a thiocfas amach romham go mbeidh an boladh sin sa chistineach uair sa tseachtain.

Casadh bean ón bhaile orm agus mé ar mo chuid siúil. Bean áitúil. Bean í nach raibh mórán aithne agam uirthí roimhe an tréimhse seo ach anois gach uair a chasann muid ar a chéile labharann muid le chéile. Inniu chaith muid ár súile thar na tithe sa cheantar agus chuimhnigh orthu seo atá imigh uainn leis na blianta. Chuimhnigh muid ar mo gharuncail John Dhónaill Chita agus an fonn a bheadh air ag gabháil chun aifrinn Lá Fhéile Pádraig. Bhí a chroí istigh sa lá de bharr an cheoil. Bhuaileadh sé féin an fhliúit agus tá an fhliúit sin ar crochadh ar an bhalla sa seomra suite againn anois. Chuir sí ceist orm an raibh a thobar go fóill in úsáid. D’inis mé di nach raibh mé ábalta theacht ar an tobar níos mó cé gur rith mé an pad fríd an choill chun an tobair dó go minic agus mé i m'óganach óg. D’inis sí dom go raibh tobar ar ár gcúl. Labhair sí liom faoin uisce a gheofá ann ar an nós céanna agus a labharfadh duine eile faoin fhíon is déise a bhlais siad ariamh. “Faigheann tú an t-uisce is fuaire dá dtiocfadh leat lá te samhraidh,” ar sí liom ag taispeáint domh cá raibh an tobar.

Cén chloch is mó ar mo phaidirín-se amárach? Tobar uncail John a chuardach agus suí leis agus cuimhneamh ar cé chomh hádhúil agus a bhí muid é a bheith linn lá den tsaol. Cá bhfios duit nach dtiocfar ar an tobar agus go mbeidh an t-uisce uaidh le hól ag daoine eile arís. Sin nós a d’imigh uainn ach anois agus an saol athraithe seans go gcaithfear pilleadh ar an nádúr agus ar an bhaile agus buíochas a bheith againn as gach a raibh againn lá de na laethannta. Thit mise ar an chiall sin a bhuíochas don drochthréimhse seo.

Close
Close