Strus: cad é go díreach agus cad is féidir a dhéanamh faoi?

Katie McGreal

Cloiseann muid go mion minic faoin strus agus go gcaithfimid an méid struis inár saol a laghdú, ach céard go díreach atá i gceist leis?

Agus muid faoi strus, is é an rud atá ag tarlú sa cholainn ná go gceapann muid go bhfuil muid faoi ionsaí agus go bhfuil baol báis ann.

Nuair a tharlaíonn seo téann muid isteach i modh coirp ina mbítear ag iarraidh troid, teitheadh nó ina mbíonn an corp fágtha ina staic (nó an fhreagairt ‘Fight, flight or freeze’). Is ea an t-amagdala, an chuid is sine dár n-inchinn a rialaíonn an fhreagairt seo. Nuair atá an t-amagdala ag obair agus nuair atáimid faoi strus, stopann an chuid dár n-inchinn a dhéanann an smaointeoireacht, is é sin an coirtéis réamhthosaigh. Lena chois sin, cruthaíonn an cholainn go leor cortasóil agus scaoileann sí isteach sa fhuil é ag an am céanna. Tugann an cortasól neart fuinnimh duinn le gur féidir linn troid nó teitheamh go tapa agus le go dtiocfaidh muid slán as an chás strusmhar. Ach, má tá an iomarca cortasóil i do cholainn agus má bhíonn sé ann an t-am ar fad, is féidir leis dáinsear a dhéanamh.

Tarlaíonn an méid seo sa cholainn agus muid faoi strus mar gheall ar an gcaoi ar fhorbair an cinne daonna: i lár an dúlra faoi bhagairt ainmhithe fiáine. Bhí orainn a bheith in ann troid nó rith ionas go bhfanfadh muid beo. Sa lá atá inniu ann, áfach, ní gá dúinn troid nó teitheadh ar son ár n-anama an oiread céanna. Na cineálacha strús a bhíonn orainn san iarthar anois ná brú oibre agus brú-ama agus muid ag iarraidh saol na hoibre, an saol sóisialta, an saol teaghlaigh a bhainistiú. Bíonn brú airgeadais orainn, nó brú mar gheal ar chaidreamh. Is ábhar struis iad ach ní minic gur ceist bás nó beatha atá ann. Codanna den phróiseas a tharlaíonn sa cholainn agus muid faoi strus den chineál seo, cabhraíonn siad linn ach ní chabhraíonn siad ar fad. Anuas air sin, is minic is strus leanúnach é, rud a chiallaíonn go mbíonn cortasól ag rith tríd an gcolainn an t-am ar fad. Is hormón tábhachtach é cortasól ach níl sé sláintiúil nuair a bhíonn an iomarca de ann inár gcóras.

Bímid chomh cleachtaithe sin i saol na linne seo le bheith faoi strus nach mbíonn a fhios againn go minic nuair a bhíonn muid faoi strus. Mar sin de, céard is féidir linn a dhéanamh muna bhfuil a fhios againn fiú go bhfuil strus orainn?

Tá nóta agam in aice leis an ríomhaire a deir ‘tóg anáil’ agus, gach uair an chloig nó nuair a fheicim é, cuirim mo dhá lámh ar mo bholg, tógaim anáil mhall isteach trí mo shrón agus amach trí mo bhéal. Déanaim sin trí huaire agus ansin téim ar ais ag obair.

Rud eile is féidir leat a dhéanamh ná an cholainn a chroitheadh. Seas suas agus croith amach gach rud - croith lámh amháin agus ansin an lámh eile, cos amháin agus ansin an chos eile srl, cibé bealach a n-oibríonn duit go bunúsach. Bogfaidh sin an fuinneamh thart ar do cholainn agus cabhróidh sé leat an strus a laghdú.

An tríú moladh atá agam duit ná seas ar an bhféar cosnochta. Nuair a dhéanann tú seo imíonn d’aird go hiomlán isteach sa cholainn agus ní bhíonn d’intinn chomh gnóthach céanna. Mothóidh tú an strus agus an bhuairt atá ort ag laghdú dá réir.

Tá siúl agam go gcabhraíonn na moltaí sin agus má bhíonn moltaí agat féin ba bhreá liom iad a chloisteáil!

Close
Close