Seoladh Oifigiúil Chleamairí Bhéal Feirste

Tá clú an chultúir Ghaelaigh ar Bhéal Feirste le tamall, go háirithe as beocht phobal na Gaeilge sa chathair, ach anois tá gné eile curtha leis an scéal sin: Cleamairí Bhéal Feirste!

Is faoi dhíon Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain i dtuaisceart na cathrach a bheidh an bhuíon lonnaithe agus is ann a seoladh an grúpa go hoifigiúil an tseachtain seo caite.

Ba í Caoimhe Ní Chathail ó Blas Ceoil a sheol an tionscadal agus bhí Meon Eile i láthair le labhairt leis na healaíontóirí faoin tábhacht a bhaineann leis an seantraidisiún seo a athbheochan agus a choinneáil ag imeacht sa lá atá inniu ann…

Close
Close