Concubhar Ó Liatháin
RABHADH DON LEITHEOIR: Bhí na firicí ar a bhfuil an t-alt seo bunaithe fíor ag an am a scríobhadh é (tráthnóna Dé Sathairn). Ní féidir leis an scríbhneoir a bheith freagrach as réabhlóidí páirtí, círéibeacha ar na sráideanna, bagairtí báis d’Airí Rialtais, toghcháin cheannaireachta, toghcháin Chéad-Aireachta, crith talún i Westminster nó Teach Laighean nó as imeachtaí polaitiúla eile dá leithéid a tharlaíonn i ndiaidh an ama sin.
BHÍOMAR anseo roimhe. Tá grianstad an tSamhraidh buailte linn agus giúmar maith ar gach éinne. Bhuel, beagnach gach éinne. Tá an Samhradh tagtha agus gach éinne ag smaoineamh ar uachtar reoite agus beoir fhuar agus rudaí deasa de gach sórt.
Agus anois seo chugainn geallúint ó Rialtas na Breataine go gcuirfidh siad reachtaíocht le cosaint don Ghaeilge san áireamh ann i láthair Pharlaimint Westminster i mí Dheireadh Fómhair sa chás nach n-aontaítear ar a leithéid a reachtú i bhFeidhmeannas Stormont idir seo agus sin.
Mar sin tá gliondar san aer agus níor cheart aon ionadh a bheith ar éinne faoi sin. Is cosúil gur éirigh le ceannaire Shinn Fein, Mary Lou McDonald, geallúint pholaitiúil móide amchlár reachtaíochta a mhealladh ó Rialtas na Breataine agus is súntasach an rud go bhfuil sé i gceist go mbeidh na Coimisinéirí Ultaise agus Gaeilge ina bpost roimh mhí Márta na bliana seo chugainn.
Ach... tá an DUP in aimhréidh agus is féidir go mbeidh an Feidhmeannas is na hinstitiúidí roinnte cumhachta eile go domhain faoin gcré faoin am a bheidh an Fómhar ann. Tá sé ráite ag Rialtas na Breataine go gcomhlíonfaidh siad an gheallúint fiú mura mbíonn na hinstitiúidí roinnte cumhachta ar fionraí sa bhFómhar. (Ní chreidim sin ach dúirt siad é!)
Táimid ag caint faoi Rialtas na Breataine anseo. Nach cuimhin linn an uair dheireannach – cúig bliana déag ó shin – a gheall Rialtas na Breataine go tabharfaidís Acht Gaeilge isteach.
Is cuimhin liomsa an oíche go maith. Bhí Gaeil Bhéal Feirste ag dinnéar céiliúrtha i Halla na Cathrach agus labhair Ard-Sirriam na Cathrach, Ruth Patterson, comhairleoir de chuid an DUP, linn faoina ham ag foghlaim rince Gaelach. Mura bhfuil dearúd orm, d’úsáid sí focal Gaeilge. Aon duine a thuigeann cúrsaí polataíochta Bhéal Feirste, tuigfidh siad gur tharla scoilt idir seo agus sin agus gur scar Ruth Patterson ón DUP. Seans ná raibh an pairtí antoisceach a dhóthain di ar cheist na mbratach.
Ar aon nós agus sinn ag déanamh iontas faoin mhéid a bhí le rá ag Ruth, tháinig scéala chuig duine dár mbuíon a raibh ceangal aige le foireann idirghabhála Shinn Féin ag Cill Rímhinn go raibh Acht Gaeilge geallta ag Rialtas na Breataine. Bí ag caint ar ruaille buaille agus gliondar croí. Scaip an scéal ar fuaid an tslua agus bhí sé ar nós go raibh bolgam de ghás gáire an fhiaclóra faighte againn go léir.
Sna míonna a lean, thángamar ar thuiscint faoin mbob a bhí buailte orainn. Bhí sé ráite ag Rialtas na Breataine go tabharfaidís isteach Acht Gaeilge (is é sin: “we will introduce an Irish Language Act”) ach dúirt siad leis an DUP dá mbeadh an Feidhmeannas ar ais i Stormont, go bhfágfaidís faoi na hinstitiúidí é agus thugadar cumhacht toirmiscthe don DUP agus Sinn Féin araon. Ba sin 2006 agus faoi 2007 bhí an DUP agus Sinn Fein ag roinnt cumhachta i Stormont. Ba dhochreidte an radharc é Ian Paisley agus Gerry Adams ina suí ar dhá thaobh de chúinne boird agus iad ag geallúint go roinnfeadh siad cumhacht le chéile agus, lá níos faide anonn, Ian Paisley agus Martin McGuinness, céad-airí an Tuaiscirt ag gáire le chéile an oiread san gur tugadh ‘the Chuckle Brothers’ orthu.
Ach go fóill bhí moill á cur ar an reachtaíocht Ghaeilge, agus ní raibh Sinn Féin ag brú na ceiste. Bhí aighneas ann ag deireadh 2007 faoi scéal a thugas chun solais ar Lá Nua go raibh Edwin Poots (an fear céanna!) tar eis an tua a thabhairt don Chiste Craoltóireachta Gaeilge, ciste a bhí á mhaoiniú ag Rialtas na Breataine ach go raibh an maoiniú sin ag teacht tríd an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Foillíochta agus go raibh Aire na Roinne sin, an tUasal Poots, tar éis an cinneadh mailíseach seo a dhéanamh. Fad is a bhí seo ag titim amach shuigh Sinn Féin agus an SDLP ar a lámha, dhealraigh sé, agus ní go dtí go raibh bata agus bóthar tugtha ag an DUP do Paisley agus Peter Robinson le toghadh ina Chéad-Aire – agus Sinn Féin faoi bhrú tréan ón bpobal – gur tugadh ar ais an Ciste agus, sa mhullach air sin, bunaíodh an Ciste Infheistíochta atá tar éis tacú le go leor tograí Gaeilge fud fad na Sé Chontae ó shin. Ach, go fóill, ní raibh Acht Gaeilge ar na bacáin ná baol air.
Tá cuimhne agam freisin ar ócáid eolais a reáchtáil Oifig Thuaisceart Éireann do na meáin sna Sé Chontae i dTeach Stormont idir 2006 agus 2008. Bhíos agus cúpla iriseoir eile ann ó na meáin Ghaeilge – Lá Nua, an Irish News, TG4. Bhí na hiriseoirí ó na craoltóirí móra is na nuachtáin Bhéarla ann freisin, sinne ag iarraidh a fháil amach cén fath a raibh an reachtaíocht bunaithe ar ‘scéimeanna’ Acht na dTeangacha ó dheas, cur chuige a bhí ag teip ag an am sin, agus iad san ag fiosrú faoi chostais agus iad den bharúil gur cheart go mbeadh an reachtaíocht molta níos laige arís.
Cén fiúntas atá leis an méid sin a thabhairt chun cuimhne anois? Cén bhaint atá ag stair ársa na reachtaíochta seo leis an gcás ina bhfuilfimid anois?
Bhuel, tá ceacht amháin a bhainim as, nach bhfuil aon mhaitheas a bheith ag ceiliúradh go bhfuil an bhó thar abhainn agus nach dóigh liom go bhfuil sé stuama in aon slí an obair seo a fhágaint ag Rialtas na Breataine.
Tá Sinn Féin ag ceiliúradh go bhfuil an ‘tic’ curtha sa bhosca seo ach i bhfírinne is le peann luaidhe atá an marc déanta agus furaist é sin a ghlanadh amach arís. Buíon bheag iad an DUP i Westminster ach tá comhghuaillithe ann acu agus is feidir go mbeidh sé deacair an bhó a thabhairt thar abhainn gan stiallacha toirtiúla feola a bheith bainte as.
B’fhéidir gur cuma mar tá daoine ann a deir gur réiteach sealadach é ar aon nós. Má chuirtear Acht na Gaeilge i Leabhar na Reachtanna beidh cosa an DUP agus eile nite agus ní fada go mbeidh Éire Aontaithe ann.
Tá an DUP faoi bhrú agus is amanna mar sin a tharlaíonn na rudaí mire. Bíodh is gur mionlach de mhionlach iad an dream a bhí amuigh ar shráideanna Bhaile Nua na hArda Dé hAoine seo caite, faigheann siad ardán as cuimse lena gcuid agóidí a dhéanamh in éadan gach tréasa atá déanta orthu – tréas Rialtas na hÉireann, gan amhras, Rialtas na Breataine, Sinn Fein, an DUP, Boris Johnson, an tAontas Eorpach, an tUachtarán Joe Biden. Seo an dream ná raibh sásta mascanna a chaitheamh níos túisce agus COVID-19 i mbarr a réime ach a chaithfidh anois ionas nach n-aithneofar iad ar cheamraí na Seirbhíse Póilíneachta.
Tá seo ar fad ag titim amach i ré na feirge (‘age of rage’), an aois sin i sibhialtacht an chine dhaonna ina ndealraíonn sé go bhfuil sciar níos mó den daonra ag dul le báiní i dtaom feirge. Ní fheadar an faoiseamh iad na meáin shóisialta ar an strus seo, nó an éascaíonn sé é. Ach seo cuid de phatrún, samhlaím, a nocht é féin go follasach don domhan le vóta Brexit agus toghchán Trump agus atá anois á nochtadh féin arís leis an gclampar seo agus Acht Gaeilge i lár báire.
Chomh haiféiseach is a bhí an tseachtain seo caite, dá scríobhfaí an méid a thárla mar script i Hollywood, is iad na Deartháireacha Coen a bheadh i mbun pinn. Tuigeann siad an meascán d’aiféis agus foréigean is bagairt a cheanglaíonn an lucht féachana leis an scáileán.
Cé hiad a scríobhfaidh an script do na seachtainí atá romhainn? Tá casadh drámatúil nó trí fágtha sa scéal seo go fóill. Is í an cheist chuí ná: An dtiocfaimid go léir slán?