Rachael Ní Leannáin
Tá na duilleoga seargtha is ag titim de na crainn, dath flannbhuí agus donn orthu. Tá an ghrian ag imeacht uainn, píosa ar phíosa, ag géilleadh don dorchadas. Tá sioc cruálach agus gaoth nimhneach ar tí bualadh linn, agus tá na hainmhithe ag crapadh go dtí an codladh fada. Tá an domhain ag athrú timpeall orainn. Deireadh an Fhómhair atá ann.
Sa lá atá inniu ann, is ionann an t-am seo den bhliain agus scéalta taibhse, aghaidheanna fidil, tintreacha lasracha agus milseáin, ach ní mar sin a bhí sé i gcónaí. Is tráth den bhliain é seo a raibh tábhacht ar leith ag baint leis in Éirinn fadó. Tráth a thagann deireadh an fhómhair agus tús an gheimhridh, tráth a bhíonn an teorainn idir an saol seo agus an saol eile níos tanaí ná mar a bhíonn de ghnáth.
Do na daoine a tháinig romhainn, ba ea Samhain an athbhliain agus is iomaí scéal a bhaineann léi. Ceann de na scéalta is coitianta ná gur lasadh tine ollmhór gach Oíche Shamhna, thart ar an 31 Deireadh Fómhair, ar Thlachta, cnoc naofa i gContae na Mí a bhfuil clú agus cáil air mar shuíomh deasghnátha.
I ndiaidh ligean don tine ghleadhrach seo fás, múchadh é go hiomlán, agus múchadh gach tine eile ar oileáin na hÉireann fosta. Sa bhealach seo, cuireadh fáilte roimh an dorchadas, agus roimh na spiorad ón saol eile. Creideadh - agus creidtear fós - go bhfuil spioraid dhrochaigeanta ann ach freisin dea-spiorad: spioraid an dúlra agus déithe na bpágánach. Bhí siad ag súil go gcabhródh agus go gcosnódh na spiorad seo leo i rith dhorchadas an gheimhridh.
Ansin, tar éis gach solas a bheith múchta, lasadh an tine ar Thlachta arís mar chomhartha go raibh an claí idir an dá shaol briste. Bhíodh cnámha ainmhithe sa tine mar íobairt - is é an nós sin is bunús le ‘tinte cnámh’ an lae inniu. Faoi dheireadh, úsáideadh tóirsí chun an tine mhór a scaipeadh ó theaghlach go teaghlach, ionas go raibh tine chnámh i ngach coirnéal den tír. Creidtear go raibh damhsa, ceol, agus ofráil do na déithe i gceist leis an fhéile ar an cnoc; an damhsa deireanach roimh an dorchadas.
Bhí sé ina gheimhreadh anois, agus leis sin tháinig fuacht, gorta, agus éiginnteacht. I ré nach raibh leictreachas ná teas lárnach ann, bhí an dorchadas i bhfad níos suntasaí ná mar atá sé dúinne inniu. Ní haon ionadh, mar sin, go raibh baint ag an tráth seo den bhliain leis an mbás, leis an saol eile, agus le fórsaí osnádúrtha.
I measc na spiorad éagsúil, tá an Chailleach, pearsa i mbéaloidis na hÉireann agus na hAlban, agus sa Bhreatain Bheag chomh maith. Is í Danu/Anu máthair an dúlra ach is minic a bhíonn an Chailleach nasctha le stoirmeacha, drochaimsir agus deacracht. In Éirinn, creidtear gur as Béarra - leithinis i gCorcaigh - dí agus gurb í Samhain go Bealtaine an tréimhse s’aici chun an talún a rialú.
Ar Oíche Shamhna, bhíodh eagla ar daoine roimh na spioraid ar nós na Caillí, mar sin chaith siad aghaidheanna bréige chun dul i bhfolach uathu. Chomh maith leis sin, tugadh bia do na spioraid mar thairiscint dea-thola. Is dócha gur uaidh seo a tháinig an nós ‘bob nó breab’ nó ‘bob nó bia’ as,páistí an lae inniu ag gléasadh suas mar spioraid dhorcha is ag dul ó dhoras go doras ag lorg milseán. I roinnt tithe cuirtear ‘Pláta na Caillí’ amach ar leac na fuinneoige fós Oíche Samhna mar ofráil do spioraid an gheimhridh.
Ní hionann Oíche Shamhna na linne seo agus féile na Samhna mar a bhíodh sí ann fadó. Tá nósanna nua tagtha isteach, agus tá nósanna eile athraithe. Ach tá cuid de na snáitheanna céanna le feiceáil i gcónaí: an dorchadas, an cheilt, an scéalaíocht, an bia a roinntear, agus an spéis sa saol nach bhfeicimid. B'fhéidir gurb é sin an rud is suimiúla faoin bhféile. Fiú agus athrú mór tagtha ar an saol, tá áit fós againn do na sean-scéalta agus don mhistéir.
Agus na laethanta ag éirí níos giorra agus an geimhreadh ag druidim linn, is fiú cuimhneamh ar an tábhacht a bhí ag an Samhain dár sinsir. Ní deireadh an fhómhair amháin a bhí i gceist, ach tús tréimhse nua, tréimhse a raibh a contúirt, creidimh agus dóchais féin ag baint léi.
An chéad uair eile a bheidh tú istigh cois teallaigh, agus stoirm uafásach ag croitheadh na gcrann, is féidir smaoineamh ar an Chailleach atá amuigh ar shléibhte Bhéarra ag reáchtáil na haimsire. Má bhíonn tú amuigh Oíche Shamhna, smaoinigh ar an lasair ar Thlachta agus ar dhamhsa na daoine a tháinig romhainn. Agus, cosúil lenár sinsir, bíodh creideamh agat sa nádúr, mar cé go bhfuil na hoícheanta ag éirí níos dorcha, tá dóchas le fáil sa timthriall céanna a bhí ar eolas acu fadó.
Dá fhad an geimhreadh, tagann an t-earrach.



