le Ciarán Ó Pronntaigh
Dá dtarlódh cás Stardust ó thuaidh, seans maith go mbeadh léamh eile againn ar an scéal. Tá níos mó taithí ag daoine ó thuaidh le rialtas a amharcann ar an phobal, nó i gcás Rialtas na Breataine, cuid den phobal, mar an namhaid. Is polasaí é sin a bhí i bhfeidhm le linn na coimhlinte agus ina diaidh, suas go dtí an lá inniu le cinneadh an Ionchúisitheora Phoiblí gan aon ionchúiseamh a dhéanamh ar shaighdiúirí Briotanacha ar cuireadh ina leith gur thug siad an t-éitheach ag fiosrúchán Saville ar Dhomhnach na Fola. Ní raibh an taithí chéanna ag an phobal ó dheas agus bhí obair mhór ar ghaolta an 48 duine a maraíodh in 1981 a léiriú nach raibh an rialtas ná na húdaráis ag gníomhú ar a son.
Is ar na gaolta a d’fhulaing an oiread sin a dhírímid ár n-aird ag an am seo. Ag éisteacht leo, is léir go bhfuil idir fhearg agus fhaoiseamh orthu. Fearg gur ghlac sé 43 bliain teacht ar an fhírinne agus faoiseamh go raibh toradh ar na blianta stocaireachta a rinne siad. Bhí blas beag den bhrón ann chomh maith nó cailleadh cuid de na tuismitheoirí sula raibh deis acu an lá seo a fheiceáil.
Agus tá tábhacht le breith an choiste cróinéara an tseachtain seo a chuaigh thart. Sna seachtainí beaga i ndiaidh na tubaiste, cuireadh smál ar chlú na ndaoine a fuair bás an oíche dhorcha úd. Tugadh le fios gur d’aon ghnó a tharla an dóiteán, rud a d’fhág go raibh an locht ar dhuine a bhí sa slua, b’fhéidir duine de na daoine a fuair bás. Tharla an rud céanna sa dóigh ar caitheadh le muintir Hillsborough tamall de bhlianta ina dhiaidh.
Chaith na gaolta blianta uaigneacha ag iarraidh fiosrúcháin a ghlanfadh clú na ndaoine óga agus a d’inseodh go díreach cad é a tharla. Sa deireadh, d’fhógair an coiste cróinéara go neamhbhalbh nach raibh locht ar bith ar an slua agus gur thosaigh an dóiteán i bprios te. Léirigh sé go raibh locht ar thíleanna sa halla agus go raibh na bealaigh éalaithe faoi ghlas fosta, i measc rudaí eile.
Is cuimhin liom nuair a tharla an dóiteán go raibh na gaolta míshásta ach níor thuig mé cad chuige nó bhí mé ró-óg. Ag amharc siar anois, tá rudaí níos glinne. Is é ról an rialtais, ar ndóigh, daoine a chosaint ar an chineál tubaiste seo trí rialúcháin a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm. Is cinnte nár tharla sin sa chás sin agus bhí ábhar feirge ag na gaolta. Cluinimid go minic faoi na clúdaigh dhonna na laethanta seo agus bíonn daoine ag scig-gháire fúthu ach, ag deireadh na dála, thiocfadh go mbeadh tionchar marfach acu chomh maith.
An amhlaidh gur tugadh súil dhall do na rialúcháin sábháilteachta nó an raibh rialúcháin éifeachtacha ann fiú? Sin iad na ceisteanna is gá a fhreagairt amach anseo. Tuigimid go dtagann forbairt ar na rialúcháin de réir a chéile agus cuidíonn fiosrúcháin ar thubaistí leis an fhorbairt sin. Ach níor tharla sin nó ní dhearnadh fiosrúchán ceart.
Feicimid an rud céanna le húsáid míoca i dtithe i nDún na nGall agus áiteanna eile. Chlis ar an rialtas an gnáthdhuine a chosaint agus tá amhras ar dhaoine atá ina gcónaí i dtithe atá ag titim as a chéile go raibh baint ag clúdaigh dhonna lena gcás. Is ceist í seo atá i bhfad níos leithne ná an dá chás seo, téann sé go croí an phróisis pholaitiúil trí chéile agus an fhreagracht a bhaineann leis an saol poiblí.
Tá an Taoiseach, Simon Harris, le leithscéal a ghabháil Dé Máirt ach níl sé soiléir, agus mé á scríobh seo oíche Dhomhnaigh, cén cineál leithscéil a bheidh ann. Beidh air leithscéal a ghabháil as an mhoill ach an mbeidh sé sásta an mhoill a mhíniú? Ní raibh an Taoiseach fiú ar an saol nuair a tharla an tragóid seo ach tá an dá mhórpháirtí atá i gcumhacht anois freagrach as an chóras a bhí ann 43 bliain ó shin. An míneoidh sé cén fáth ar throid na húdaráis chomh fíochmhar sin in éadan na ngaolta, an dream a raibh cosaint uathu? Níor mhaith liom a smaoineamh go raibh an drogall faoi fhiosrúchán ann le daoine ciontacha a chosaint.
43 bliain ina dhiaidh, is dócha go bhfuil sé rómhall a bheith ag smaoineamh ar chás coiriúil ach tá na bearnaí fós sa chóras pholaitiúil agus níl aon chinnteacht nach dtiocfadh leis an rud chéanna tarlú arís amárach. A bhuí leis na gaolta a throid go cróga, thig linn anois aird a dhíriú ar cheisteanna mar seo go hionraic.