Rud maith ag teacht as rud olc...

Katie McGreal

Tá mé ag dul a bheith i mo chomhairleoir mar thoradh ar ionsaí a rinne fear orm bliain go leith ó shin.

Ar bhealach, níl mé ag iarraidh a admháil go bhfuil rud maith ag teacht amach as an oíche sin i mBaile Átha Cliath nuair a rug strainséir greim ar mo mhála, a bhí thar mo ghualainn. Tharraing sé síos an bóthar mé agus é ag rothaíocht uaim.

Níor éirigh leis an mála a fháil ach fuair sé neart eile uaim: fuair sé mo mhuinín, mo chrógacht agus m’ábaltacht siúil síos an bóthar liom féin san oíche.

De bharr an ionsaithe seo, chaith mé míonna ag cur an chairr faoi ghlas agus mé ann, gan mála lámha a ghlacadh liom in áit ar bith, ag tiomáint go háiteanna a rachainn ag siúl chucu cheana, ag caoineadh nuair a bhí orm dul amach sa dorchadas.

Os cionn bliain go leith ar aghaidh agus tá mé go fóill airdeallach ar cé atá thart orm agus mé ag siúl liom féin sa dorchadas, má tá fear thart tá a fhios agam cá bhfuil sé, cé chomh sciobtha is atá sé ag siúl agus an bealach a rachainn le héalú uaidh, ach ar a laghad nach mbíonn orm an bóthar a thrasnú.

Uaireanta má bhíonn mala lámha liom agus mé ag siúl – sa lá agus san oíche – bíonn an mála sin taobh istigh de mo chóta mar níl mé ag iarraidh trioblóide a tharraingt orm féin, ach ní bhím ag caoineadh a thuilleadh, ní thosaíonn mo chroí ag preabadh agus mé liom féin sa dorchadas agus ní chuirim an carr faoi ghlas.

D’inis mé don chomhairleoir faoin bhfear seo a bhí ar an tsráid romham agus mé ag dul síos go Dunnes maidin amháin. Dúirt mé léi go raibh orm an tsráid a thrasnú le fáil a fhad leis an siopa ach toisc go bhfaca mé é chas mé thart agus d’fhan mé ar an taobh ar a raibh mé.

Mhol sí dom an buaireamh agus na smaointe seo a aithint an chéad uair eile a tharlódh sé. Mhol sí dom iad a aithint agus ansin an smaoineamh a bheith agam ‘an bhfuil seans anseo anois go ndéanfaidh sé ionsaí orm? An bhfuil mé i gcontúirt i ndáiríre?’.

Bhuail sé ansin mé. Sin ceann de na rudaí a bhíonn á mhúineadh ag múinteoirí aireachais. Sin ceann de na rudaí a bhím féin a mhúineadh – tabhair do smaointe faoi deara, agus ní hionann gach smaoineamh agus an fhírinne i gcónaí.

Le cúpla bliain anuas bhí mé ag cur níos mó suime in iompar an duine agus sna fáthanna taobh thiar de rudaí a dhéanann muid.

Ach níor thuig mé an nasc idir an t-aireachas agus an chomhairleoireacht go dtí sin agus le bliain anuas tuigim anois go bhfuil nasc níos mó idir an dá rud.

Bhí léachtóir againn i mbliana a mhínigh dúinn nuair a tharlaíonn ionsaí do leon, imíonn siad ón ngrúpa agus fanann siad leo féin go dtí go n-imíonn an aidréanailín ar fad atá ag rith trína chorp.

Dúirt sí gurb é an fhadhb atá againn mar dhaoine ná go bhfuil inchinn níos mó againn. Le linn ionsaithe stopann an cuid den inchinn a bhíonn ag smaoineamh agus úsáideann muid an chuid atá againn ón tús, an chuid atá in ann muid a shábháil gan chabhair ónár smaointe.

Agus an chuid seo ag obair leis féin, ritheann muid ón ionsaí, níl muid in ann bogadh, nó troideann muid. I ndiaidh an ionsaithe agus muid slán sábhalta arís, tosaíonn ár n-inchinn ag smaoineamh arís. Táimid in ann an t-ionsaí a fheiceáil arís is arís eile in ár n-intinn. ‘Cén fáth a ndearna mé sin? Cén fáth nach raibh mé in ann é a stopadh? Bhí an locht ormsa.’ a deir an intinn linn.

Mhínigh an léachtóir dúinn go bhfuil an ceart ag an leon sa chás seo. Tuigeann an leon go bhfuil am ag teastáil le dul i ngleic leis an méid a tharla, ní rud é sin a thuigeann muidne.

Síleann muid go bhfuil sé de cheart againn a bheith in ann leanacht orainn leis an ngnáthshaoil arís. Fiú más sin an príomhrud atá le foghlaim agam le linn m’aistir fhada atá romham le bheith i mo chomhairleoir, b’fhiú é.

Tuigim anois an fáth nach raibh mé in ann dul i ngleic leis an méid a tharla dom. Ní raibh a fhios agam an chaoi lena dhéanamh, agus bhí sin ceart go leor. Gan an t-ionsaí sin, gan Victim Support NI agus gan an comhairleoir, ní bheinn ag tabhairt faoin gcéim seo.

Tá sé deacair dom a admháil go bhfuil rud éigin maith le teacht amach as an ionsaí sin ach tá sé doiligh gan é a admháil. 

Close
Close