Réiteoidh an déimeagrafaic an scéal mura nglacann Protastúnaigh páirt sa díospóireacht

Eoin Ó Murchú

Tá sé á aithint anois, go drogallach ach á aithint mar sin féin, ag tráchtairí is polaiteóirí ó dheas go bhfuil athaontú na Éireann ar an gclár polaitiúil.

Ó thuaidh tá an t-éileamh ar reifreann faoin teorainn ag dul i méid i measc vótóirí náisiúnacha, ach tá an pobal Protastúnach, ar Aontachtóirí iad den chuid is mó, ag diúltú páirt ar bith a ghlacadh sa díospóireacht faoi athaontú ar fhaitíos go lagódh a leithéid seasamh an Aontais.

Ach cé chomh fada is féidir cluas bhodhar a thabhairt don díospóireacht seo, is cá bhfuil go fírinneach leas an phobail Phrotastúnaigh sa bhfadtéarma?

Tá tráchtairí ar nós Gerry Moriarty san Irish Times ag iarraidh beag a dheanamh de na hathruithe déimeagrafacha atá ar siúl ó thuaidh, agus gach cosúlacht ann go mbeidh Protastúnaigh ina mionlach faoi cheann sé bliana, nó b’fhéidir níos luaithe an bhliain seo chugainn féin nó gar dó.

Ach is léir nach dteastaíonn ón mheánaicme atá i gceannas ó dheas aon chéim a thógail i dtreo athaontú na tíre.

Tá an Taoiseach, Micheál Martin, go háirithe ag déanamh argóint láidir nach féidir glacadh le reifreann teorainn ach amháin sa gcás go mbeidh móramh Protastúnach ag taobhú leis, nó arís gar dó.

Ar ndóigh, níl a leithéid scríofa i gComhaontú Aoine an Chéasta nach luann ach móramh glan (50% +1 más mian leat). Ach ag an am céanna is léir go mbeadh athaontú na tíre ar bhonn níos fearr dá mbeadh ar a laghad céatadán suntasach den phobal Protastúnach ag tacú leis.

Ach in ionad iarracht a dhéanamh Éire roinnte ag an dá phobal a chruthú, tá sé ag cúngú an éilimh go dtí comhoibriú ar an oileán. Tá tábhacht gan dabht leis an gcomhoibriú céanna, ach ní shásóidh a leithéid na náisiúntóirí ó thuaidh, go háirithe nuair a bheidh siad ina móramh.

Mar sin ní féidir leis an bpobal Protastúnach ligint don scéal, ag súil go mbeidh an lámh in uachtar i gcónaí ag Aontachtóirí. Caithfidh siad soiléiriú a dhéanamh ar na mianta atá acu go fírinneach.

Creideann an pobal sin i gcoitinne gur chun a leasa é an ceangal le Sasana, nó leis an mBreatain. Ach beidh sé riachtanach dóibh a thaispeáint go bhféadfadh sé a bheith chun leasa an dá phobal.

Mar sin, in Éirinn athaontaithe, i dTuaisceart ceangailte i gcónaí le Sasana, nó i dTuaisceart neamhspleách – ní feidir saol ceart a bhaint amach ach ar bhonn cothromais is cómheasa.

Filleann an fhírinne sin ar na bunphointí: cé acu is fearr do gheilleagar an Tuaiscirt, agus do chomhshaol sóisialta is cultúrtha an dá phobal, an ceangal le Sasana nó leis an Deisceart?

Le freagraí inmharthana a fháil ar na ceisteanna sin tá díospóireacht ag teastáil.

Tá sé ráite ag roinnt Aontachtóirí nach fiú díospóireacht nach bhfuil mar chríoch air ach Éirinn athaontaithe, ach ní fiú díospóireacht ina bhfuil an chríoch sin rialaithe as.

Agus mura bhfuil díospóireacht ar bith ann, réiteófar an cheist ar bhonn an mhóraimh – agus is cosúil gur móramh náisiúnaíoch a bheidh sa Tuaisceart sara fada.

Cinnte ní bheidh stát Protastúnach do phobal Protastúnach ann arís, agus ceapaim gur chun ár leasna i gcoiteann é go dtuigfear sin go luath is go dtosófar ar an bplé.

Ar ndóigh, tá Sinn Féin ag cur an argóint ar aghaidh go mbeidh fonn ar roinnt Aontachtóirí ceangal leis an Deisceart mar gheall ar Bhreatimeacht. Ní doigh liom go bhfuil móran bunúis leis an tuairim sin.

Ach níos tábhachtaí, cén mhaith athrú ó impireacht amháin go dtí impireacht eile, agus Eorpaigh i gceannas a chur in áit na Sasanach a bhí i gceannas go dtí seo?

Mar tá níos mó i gceist le Poblachtánachas ná athaontú. An rud is mó a bhaineann leis ná cumhacht a bheith ag an bpobal le chéile ar gach gné dá saol – eacnamúil, polaitiúil, sóisialta is cultúrtha.

Agus is cóir go dtuigfeadh Aontachtoirí nach bhfuil an oiread sin measa ag náisiúntóirí an Tuaiscirt ar rialtas an deiscirt, mar gheall ar an tréigean leanúnach a rinneadh orthu.

Ní bheidh sé éasca teacht ar aon tuairim faoi todhchaí na hÉireann, ach má thugtar faoi i gceart níl fáth ar bith ann nach bhféadfadh an dá phobal ó thuaidh réiteach a aimsiú agus é sin a bhrú ar an Deisceart.

Ach beidh ar an bpobal Protastúnach dul isteach sa díospóireacht seo leis an aigne oscailte chéanna a mbíonn á lorg acu ó náisiúntóirí.

Ach sin é an rogha: páirt a ghlacadh sa díospóireacht ar mhaithe le leasanna bunúsacha a chosaint, nó fanacht ar an taobh líne ag ligint don déimeagrafaíocht réiteach a bhrú ar gach duine.

Close
Close