Rachaidh mé go Versailles agus íosfaidh mé cáca milis

Michelle Nic Pháidín

Maidin Dé Satharn seo chugainn beidh mé ag fagáil aerphort idirnáisiúnta Bhéal Feirste le haghaidh a thabhairt ar Londain. Ní Londain mo cheann scríbe dar ndóigh. Maidin Dé Domhnaigh, le breacadh an lae ghil, beidh mé ag léim isteach i gcarr agus déanfaidh mo chara mé a thiomaint go Versailles na Fraince, ar feadh cúpla uair an chloig, le haghaidh greim bia agus gloine nó dhó fíona, b’fhéidir.

Tá go leor daoine den bharúil nach bhfuil mé leath i gceart ag imeacht go Versailles agus gan agam ach cúpla uair an chloig le caitheamh ann, ach is cuma liom. Tá mé ag tnúth go mór leis.

Bhí mé in Versailles roimhe. Ní raibh ionam ach scoláire ag an am. Chuaigh cúigear againn anonn chun na Fraince ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair agus d’fhan muid le scoláirí sa Fhrainc ar feadh seala.

Chuaigh cuid againn chun na scoile ann, fiú. Ceann de na cuimhní is buaine atá agam ón am sin ná a bheith istigh i seomra ranga agus múinteoir ceist a chur orm píosa Béarla a léamh as leabhar. Ní raibh me críochnaithe leis an phíosa léitheoireachta nuair a thosaigh gasúr sa rang ag caoineadh. Nuair a chuir an múinteoir ceist air cad chuige a raibh sé ag caoineadh, dúirt sé gur de bharr gur shíl sé nach mbeadh a chuid Béarla choíche chomh maith le mo chuidse.

Bhí sé deacair agam a thuigbheáil, ag an am, cad chuige a raibh sé chomh buartha sin faoin Bhéarla.

Is taithí iontach a bhí ann domh agus chothaigh sé forbairt i m’intinn óg. Thug sé dearcadh eile domh ar an saol agus thug sé orm rudaí airithe a phlé i m’intinn.  

Is cuimhin liom a bheith i mo shuí ar dhroim ghluaisrothair agus girseach óg do mo thiomaint thart chathair Bordeaux san oíche, na soilse sráide ag caitheamh a gcuid solais tharainn. Soilse a raibh sise cleachtaithe leo ach domhsa, nach bhfaca a leithéid, bhí draíocht ag baint leo. Bhí daoine óga ina séasamh amuigh ar na sráideanna agus an t-aer te, tais, ina luí ar ár gcraiceann. Bhí saol eile ag na hóganaigh ansin a bhí ar comhaois linn. Seans go raibh siad níos saibhre ach níos mó ná sin bhí uchtach acu astu féin, agus cé go raibh siad chomh hóg céanna linn bhí aibíocht ag baint leo - aibíocht a thuig mise ag an am nach raibh ionamsa.

Cé nach raibh an cailin a raibh mise ag fanacht léi ach ina déagóir, ar comhaois liom fein, d’ól sí fíon leis an dinnéar. Bhí gluaisrothar aici agus bhí éadach galánta aici, smideadh á chaitheamh aici agus cumhráin ina suí ar thábla ina seomra leapa.

Bhí cultúr eile ar fad ann, bhí bianna úra ann le blaiseadh agus is mé a bhain sult astu. Cluichí úra le himirt agus le foghlaim.

Ar philleadh chun an bhaile domh, bhí mé brónach nach raibh ach méid áirithe tógtha liom ón cheantar ghalánta inár fháiltigh teaghlaigh, comharsana agus seomraí ranga romham. Thuig mé an maitheas a dhéanann áit úr, daoine úra agus cultúr úr.

Tá mo chroi istigh ina bheith i mo chonaí i nDún na nGall ach uaireanta bíonn sé deas imeacht uaidh. Nuair a thagann tú ar ais bláthaíonn buíochas úrnua don bhaile ar ais i do chroi.

Is deacair an tír seo a shárú maidir le cairdeas na ndaoine, na radharcanna agus an cultúr. Go minic, smaoiním gur trua do na daoine a thagann anseo ar chuairt agus a mbíonn orthu pilleadh ar a mbailte féin agus an áit seo a fhágáil.  

Seans go mbeidh mise mar sin Dé Domhnaigh ach tá rún agam gach maitheas a fháisceadh as gach soicind den lá. Níos mó ná sin, tá cinneadh déanta agam taitneamh a bhaint as gach soicind den turas ó Bhéal Feirste go Londain chomh maith.

Mar a deirtear go minic, is é an turas an chuid is tábhachtaí den iomlán, ach ba mhaith liomsa cur leis an ráiteas sin - tá an turas tábhachtach ach tá an turas intinne a théann in éineacht leis ar an cheann is tábhachtaí uilig.

Close
Close