Kerron Ó Luain
Tá Veiniséala faoi ionsaí ag Stáit Aontaithe Mheiriceá le roinnt míonna anuas.
Gabh mo leithscéal, tá dul amú orm – tá Veiniséala faoi ionsaí ag SAM leis na blianta.
Faraor, is é seo an taithí fhuilteach atá go leor tíortha i Meiriceá Theas.
Má tá an clár faisnéise le RTÉ, a craoladh ar dtús sa bhliain 2002, The Revolution Will Not Be Televised, feicthe ag éinne, beidh tuiscint mhaith acu ar cé chomh fada siar is a théann cur isteach SAM sa tír úd.
Rinneadh iarracht coup d’état a chur ar bun an t-am sin agus an tUachtarán cléach Hugo Chavez i gcumhacht.
D’éirigh le Chavez an lámh in uachtar a fháil ar iarrachtaí SAM agus an CIA an tráth sin.
Bhásaigh Chavez, a raibh grá mór ag an bpobal dó de bharr a bheartais sláinte agus tithíochta, sa bhliain 2013.
Tháinig Nicolás Maduro, iartiománaí bus, i gcomharba air go luath i ndiaidh a bháis agus bhuaigh sé toghchán a dheimhnigh an t-athrú sin ar ball.
Is é siúd atá ann go fóill, tar éis toghchán eile a bhuachan, agus Veiniséala anois in adharca le SAM in athuair.
Bhí SAM ionsaitheach i leith Veiniséala i gcónaí, ach le déanaí tá an t-ionsaí sin imithe i dtreise.
Ní aon chomhtharlú é go bhfuil na stoic ola is mó ar domhan ar fáil sa tír.
Ba ar an gcúis cheannann chéanna a rinne SAM, faoi cheannas George Bush Jr, ionradh ar an Iaráic sa bhliain 2003.
Meastar go bhfuair os cionn 1,000,000 duine bás de dheasca an bheartais sin.
Cé gur gheall an Trumpach go mion minic go gcuirfí deireadh le polasaithe ionsaitheacha Mheiriceá thar sáile agus é i mbun toghchánaíochta le linn 2016, ní hamhlaidh atá anois.
Is é Veiniséala atá thíos leis an mbréag sin faoi láthair.
Tá SAM, le cabhair lucht rachmais na tíre, ag brú polasaí idirghabhála ar an stát neamhspleách.
I mí Eanáir, tháinig polaiteoir de chuid an fhreasúra darb ainm Juan Guaido chun cinn.
Roimh an Nollaig, ní raibh tráchta cloiste ag formhór chosmhuintir Veiniséala ar an bpolaiteoir seo go fiú.
Sular chaith sé culaith dheas, bhí sé lárnach sna guarimberos.
Is grúpaí agóideoirí frithrialtais de chuid na heite deise iad an dream seo, agus is ríchuma leo na Chavistas a mharú chun a gcuid spriocanna a bhaint amach agus an tír a fhágáil ina cíor thuathail.
Ina ainneoin seo, is ceannaire dlisteanach na tíre é Guaido anois, dar leis féin agus a chairde i Washington – leithéidí Mike Pompeo, an Státrúnaí, agus John Bolton, “Comhairleoir Slándála Náisiúnta” SAM.
Tá an tAontas Eorpach agus stát na Sé Chontae Fhichead tar éis a dtacaíocht a ghealladh do Guaido freisin.
Ar cuireadh ceist ar mhuintir na hÉireann an dtacóidís leis an gcoup seo?
Le filleadh ar Bholton – ní bhacann an feidhmeannach macánta le mianta Washington a cheilt go fiú.
I mí Eanáir d’admhaigh sé go lom “go ndéanfadh sé difear mór do na Stáit Aontaithe go heacnamaíoch dá mbeadh comhlachtaí ola Mheiriceá in ann infheistíocht a dhéanamh agus tairbhe a bhaint as na hacmhainní ola i Veiniséala”.
Níos measa fós, ceapadh Elliot Abrams ina “thoscaire speisialta” ag SAM do Veiniséala le déanaí.
Bhí Abrams bainteach leis an scannal Iran-Contra siar sna 1980í nuair a bhí SAM ag seoladh armlóin go buíonta maraithe i Nicearagua.
Shéan Abrams go raibh baint ag SAM leis seo ar dtús, ach tháinig sé faoi bhrú é a admháil ar ball agus ciontaíodh é as bréaga a insint os comhair choiste Comhdhála.
Sna meáin agus sa tsochaí i SAM, leanann an formhór “Comhréiteach Washington”.
Is cuma an ar an eite dheas nó eite chlé atá na tráchtairí ó thaobh pholaitíocht na tíre de, aontaíonn siad go bhfuil ceart morálta ag SAM cinnirí nach maith leo a dhíbirt ó cibé tír.
Tá an fhimíneacht dochreidte.
Bíonn na meáin liobrálacha, ar nós MSNBC, ag trácht – gan fianaise – ar an Rúis ag “cur isteach” ar phróiseas daonlathach Mheiriceá lá amháin.
An lá dár gcionn, tacaíonn siad go hoscailte le coup i gcoinne Maduro.
Mar sin féin, tá eisceachtaí cróga ag seasamh an fhóid, amhail Ilhan Omar, Feisire Comhdhála don Pháirtí Daonlathach as Minnesota.
Ní bhíonn scáth ná eagla uirthi an fhírinne shearbh a insint maidir le polasaithe impiriúlacha SAM.
Ach, ar an drochuair, tá Omar ag snámh in aghaidh easa – uair ar bith a labhraíonn sí amach, dírítear ionsaithe Ioslamafóibeacha agus bagairtí báis ina coinne.
An fhírinne lom ná go bhfuil SAM ag dul i mbun cogaidh le Veiniséala.
Bíodh sin trí na agent provacateurs a stiúradh laistigh den tír agus ar an teorainn, smachtbhannaí eacnamaíocha a chur i bhfeidhim, nó comhcheilg a chur ar bun leis an Araib Shádach chun praghas an bhairille ola – ar a bhfuil geilleagar Veiniséala ag brath go trom – a ísliú.
Níl i Veiniséala ach an chéad chéim i bpleananna SAM sna críocha sin.
D’admhaigh Bolton – arís go hoscailte agus gan náire – go bhfuil Cúba agus Nicearagua ar an liosta acu chomh maith.
Is é seo an t-am le dlúthpháirtíocht a léiriú le cosmhuintir Veiniséala.
Ní chabhraíonn an modh smaointeoireachta a deir “nár chóir cur isteach ar an tír, ach tá Maduro go dona”.
Tugann sin leithscéal do na himpiriúlaithe a gcuid beartais a chur i gcrích.
Caithfear seasamh ar son an fhlaithis – óir d’fhéadfadh tír ar bith eile goimh Mheiriceá a tharraingt orthu féin lá éigin anonn.