Dónall Mac Giolla Chóill
Bhí sé i gcónaí ráite ag an seandream go raibh an Nollaig ag teacht níos luaithe agus níos luaithe, bliain i ndiaidh bliana, agus dálta gach rud a bheadh á rá ag seandaoine, ní mórán iontais a chuirfeadh an dream óg ann.
Mar an gcéanna, dúradh go raibh na samhraí i bhfad siar níos fearr agus níos faide, go raibh na geimhrí níos faide agus níos géire.
Ní raibh anseo, dar linne, ach rámhaille seandaoine.
Ach anois agus mé níos sine (ach gan a bheith sásta mé féin a áireamh – go fóill beag – i measc an tseandreama), caithfidh mé a admháil go bhfuil mé féin ag saothrú faoi chuid den rámhaille chéanna sin.
Mhothaigh mé i mbliana nach raibh Oíche Shamhna tagtha go fóill, go raibh corr-fhógra bradach teilifíse ag sleamhnú isteach sa scéideal agus go raibh stáisiún siopadóireachta amháin ar Freeview a bhí mórtasach go leor le laethanta iomlán de chláir a chur ar siúl faoin teideal “Christmas comes early to…”
Ansin a luaithe agus Oíche Shamhna agus na tinte cnámh agus tinte ealaíne muchta, tháinig mar a bheadh rabharta fógraí ar an teilifís agus ar an raidió, ag méadú lá i ndiaidh lae, ag éirí níos leithne agus an rabharta ag dul i méid agus an mhí ag dul i léig.
Lasadh soilse na Nollag faoi Halla na Cathrach i mBéal Feirste agus mar a bheadh lasc eile a bhrú, thoisigh an chaint uilig faoi léirsithe maidir leis na bratacha.
Tá an baol ann anois, ní amháin gur fógra Coca Cola nó Guinness ar an teilifís a bheas mar luath-chomhartha rabhaidh don Nollaig, ach na léirsithe taobh amuigh de Halla na Cathrach a bheas ag cur in iúil dúinn go bhfuil an Nollaig buailte linn chomh maith.
Tá gach duine agus a bhuaireamh féin acu faoin am seo den bhliain, agus ar cheann de na buarthaí agamsa ná an lasfar na soilse sa Cheathrú Ghaeltachta i mbliana mar pháirt de Fhleadh Feirste gan stró?
Nuair a chuntaisfear síos ó deich, le cúpla céad páiste taobh amuigh, bíonn tú ag súil faoin am go scroicheann tú “a Dó, a hAon…” go lasfaí na soilse.
Caithfear a bheith dóchasach, agus ansin go mbeidh go leor feiríní beaga ag Daidí na Nollag a bheas i láthair ag an ócáid chéanna an Aoine beag seo ag an Chultúrlann, do na páistí beaga.
D’éirigh linn go dtí seo agus tá mé dóchasach go leor go rachaidh ócáid na hAoine gan aon mhórthubaiste.
Agus an ócáid ‘jinxáilte’ i gceart agam anois, thig a bheith buartha faoi rudaí eile, cosúil leis an aimsir srl.
Ach tá daoine eile amuigh ansin, agus iad buartha faoi chúrsaí airgeadais um Nollaig seo, agus ard-chostas ar gach rud, le pingineacha gann ar fud na tíre.
Ní thuigeann páistí beaga cúrsaí eacnamaíochta, agus níor chóir go dtuigfeadh, go háirithe le linn thréimse dhraíochta seo na Nollag.
Tá go leor acu nach dtuigfidh go mbeidh Mamaí agus Daidí faoi bhrú i mbliana, cosúil leis an bhliain anuraidh, agus an bhliain roimhe, ag iarraidh theacht ar go leor leis an draíocht sin a aimsiú maidin Lá Nollag.
Ach tá tuismitheoirí faoi bhrú, agus brú leanúnach, bliain i ndiaidh bliana, cuid acu go fóill i bhfiacha ó bhí Nollaig na bliana anuraidh ann.
Ach chonaic mé fógra amháin ar an teilifís ar na mallaibh, fógra a chuireann buaireamh orm, fógra ag gríosadh tuismitheoirí le bheith ullmhaithe do Nollaig 2014!
Anois tá luath ann, agus tá luath ann, ach cuireann an fógra seo in iúl do dhaoine ar bhealach mioscaiseach, mímhacánta, go mbeidh Nollaig saor in aisce ag daoine, ach iad toiseacht leis an chaitheamh anois.
Agus má chaitheann siad méid airgid ó seo go mí na Nollag seo chugainn, go mbeidh siad níos fearr as.
Anois, ar an drochuair, tá daoine ann a bheas anois buartha faoi Nollaig 2014, agus gan an ceann seo curtha thart go fóill.
Sa mhéid sin, tá me anois leis an seandream, tá séasúr na Nollag ag teacht níos luaithe agus níos luaithe leis.