Ciarán Ó Pronntaigh
Bíonn cathú orainn uilig amharc siar ar bhóithrín na smaointe go maoithneach. I gcás Chomhaontú Aoine an Chéasta, bíonn cúis againn an lá sin a chomóradh nó thug sé deis dúinn an choimhlint a chlaochlú. Ní bheadh an cogadh ar siúl ar na sráideanna a thuilleadh agus thig linn a bheith buíoch as gur tháinig deireadh leis an mharú.
Ach ná ligimis don mhaoithneachas muid a dhalladh ar fad. Go cinnte, mhothaigh an chuid is mó den phobal go raibh rud éigin stairiúil i ndiaidh tarlú, go raibh daoine ag croitheadh láimhe le daoine nár labhair oiread agus focal leo riamh. Mhothaigh muid go raibh deis againn comhoibriú le daoine ón taobh eile ar mhaithe leis an phobal uilig. Ach is é fírinne an scéil nach raibh gach duine ar bord ón chéad lá.
Craoladh trí chlár ar shaol Ian Paisley ar an BBC ar na mallaibh agus ba é an teachtaireacht shoiléir a tháinig tríd nach raibh an DUP ar son comhroinnt cumhachta mar mhodh rialtais ó thuaidh. Go deimhin, sheas siad go láidir ina éadan agus níor athraigh a bport, i ndáiríre, ó shin.
Tuigim go maith gur shuigh Ian Paisley síos le Gerry Adams mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn agus gur roinn sé cumhacht le Martin McGuinness agus ní gan dua a glacadh an cinneadh taobh istigh den pháirtí. Bhain an DUP tús áite amach sa toghchán i ndiaidh na mblianta ag rá go mbrisfeadh siad Sinn Féin. Agus, mar a tharlaíonn i gcónaí nuair a bhíonn géarchéim sa phróiseas, ba iad an dá rialtas a bhrúigh an dá pháirtí le chéile. Bíodh geall go raibh bagairtí ann don DUP agus seans maith gur luadh an focal comhúdarás áit éigin le linn na margála.
Má ghlac Paisley lena ról nua mar Chéad-Aire go fonnmhar, ní raibh an páirtí go hiomlán i dtiúin leis, agus sa deireadh, fuarthas réitigh de. ‘Troid gach lá’ an mana nua a bhí i réim nuair a tháinig Peter Robinson i gcomharbacht air. Mar cheannaire géarchúiseach, thuig seisean an tábhacht a bhí le comhoibriú agus tháinig sé ar chomhaontú le Sinn Féin. Ach b’éigean dó cúlú den chlár oibre sin go gasta agus é sna Stáit Aontaithe, agus deis ag an eite dhiúltach sa bhaile neart a bhailiú ina éagmais.
Agus sin an patrún a lean i ndiaidh imeacht Robinson. Bhí Arlene Foster ag troid cogadh ar dhá fhronta: ag iarraidh beagán a ghéilleadh do chlár Shinn Féin agus ón taobh eile den bhéal ag spalpadh faoi na crogaill. Ceann de na rudaí a bhí ina chnámh spairne an gheallúint go mbeadh acht Gaeilge ann. Measaim féin go ndearna sí féin agus Edwin Poots iarrachtaí ionraice an ghoimh a bhaint den cheist ach, sa deireadh, bhí an lámh in uachtar ag lucht ‘níl’.
Tá mé ag dul a bheith conspóideach anseo agus a mhaíomh gur bhain na trí bliana d’easpa feidhmeannais nuair a tharraing Sinn Féin amach as le meon diúltach an DUP chomh maith. Glacann comhroinnt cumhachta le dhá pháirtí a bheith sásta rudaí áirithe a ghéilleadh ar mhaithe leis an mhórsprioc. Ní raibh sin ag tarlú leis an DUP agus gach uair a chaith an ceannaire culaith na comhurraime tugadh bata agus bóthar di.
Níl an tsáinn ina bhfuil rudaí anois pioc níos difriúla. Bhí seans ag an DUP buaileam sciath a dhéanamh faoi Chreat Windsor, lena rá gurbh é seasamh an pháirtí ba chúis leis an athrú suntasach sa Phrótacal. Ach ní ligfeadh an dream diúltach dá leithéid. Agus is beag duine a chreideann nach mbaineann cuid de sin le bheith sa dara háit do Shinn Féin san Fheidhmeannas. Beidh le feiceáil an mbeidh teacht ar ais drogallach ann i ndiaidh na dtoghchán áitiúil.
Tá athrú tagtha ar an áit seo a bhuí le Comhaontú Aoine an Chéasta agus tháinig biseach éigin ar chúrsaí le 25 bliana anuas ach tá go leor le bisiú go fóill, gan bheith ag smaoineamh ar na fadhbanna móra sa chóras sláinte agus na ciorruithe atá á gcur i bhfeidhm ag rialtas Londan faoi láthair.
Bhí lúb ar lár sa phróiseas síochána ón tús agus is mithid dúinn sin a aithint agus muid ag iarraidh é a leigheas. Arís agus arís eile, léiríonn an treo a bhfuil rudaí ag dul gur chóir aird níos mó a thabhairt ar an ghné den chomhaontú a thugann deis athaontú leis an chuid eile den tír. Ní mór don dá rialtas sin a thuigbheáil.