Le Katie McGreal
Cuireann sé iontas agus brón orm nuair a chloisim faoi agóidí i gcoinne ionad soláthar díreach nó faoi ionsaithe ar dhaoine nach de bhunú na hÉireann iad. Anuas air sin, tá daoine i ndiaidh a rá liom nach ‘de bhunú na hÉireann iad, eachtrannach a bhí ann ’mar leithscéal agus míniú ar an ‘fáth ’ar tharla ionsaí nó drochrud don duine sin.
Tá muintir na hÉireann le fáil fud fad an domhain. Chuaigh muid ar imirce le linn an Ghorta Mhóir de bharr easpa bia, oibre agus saol sábháilte in Éirinn. Tá daoine ag dul ar imirce anois mar gheall ar easpa oibre agus an costas maireachtála. Ní féidir leat dul go tír ar bith sa domhan gan Éireannach nó Éireannaigh a bheith ann romhat, ina gcónaí ann le fada.
Cloiseann muid scéalta go fóill faoin drochchaoi ar chaith muintir na Stát Aontaithe, na Sasanaigh agus eile lenár muintir agus iad ar imirce. “No Dogs. No Blacks. No Irish” le feiceáil i siopaí agus i mbialanna. Cuardach déanta ar dhaoine san aerfort toisc gur Éireannaigh iad. Daoine ag gáire faoin mblas Éireannach nó níos measa — faoin nGaeilge. Tá scéal ag gach duine a chuala siad nó rud a ndeachaigh siad féin tríd, ach ansin, ar ais in Éirinn…
“Deir na Gardaí gur thóg siad seisear – ceathrar fear, bean agus ógánach – agus go ndearnadh damáiste do thrí scuadcharr ag agóid a bhí ar siúl aréir taobh amuigh d'ionad i gContae Chill Mhantáin a gcreidtear go bhfuil iarrthóirí tearmainn lena gcur ina gcónaí ann.”
Agus níl anseo ach an agóid is déanaí.
Cuireadh óstán trí thine i nGaillimh i ndiaidh seachtainí d’agóidí. Bhí agóidí sa bhaile céanna ach lasmuigh d’óstán difriúil cúpla bliain ó shin agus ní dheachaigh na teifigh isteach san óstán sin mar gheall ar na hagóidí. Bhí agóid ag tús na bliana i mBaile Munna agus bhí agóid eile i mí an Mhárta i gcoinne ionad soláthar díreach a dhéanamh as ionad sa Chúlóg.
Fágann na daoine a thagann anseo a mbailte. Fagann siad cairde, clann agus saol agus iad ag lorg todhchaí níos fearr dóibh féin agus dá dteaghlaigh agus an chéad rud a fheiceann siad ná agóidí taobh amuigh den ionad ina mbeidh siad ina gcónaí.
Tá na meáin agus an riatas ag cur inár leith go bhfuil an locht ar na teifigh mar gheall ar an nganntanas tithe, an méadú costas, scuainí fada sna hospidéil agus easpa seirbhísí. Ach ní bhaineann aon chuid de na fadhbanna sin leis na daoine bochta seo atá ag lorg tearmainn. Is iad an rialtas atá lochtach mar gheall air sin ar fad. Is tír shaibhir muid. Íocann go leor leor daoine go leor cánach ach ní fheiceann muid an maitheas ba cheart go ndéanfaidh an cháin sin. Ba cheart go mbeidh an rialtas in
ann an t-airgead a bhailíonn siad uainn i gcáin a chur i dtreo seirbhísí níos fearr, tithe feiliúnacha agus eile a chur ar fáil. Ach níl siad á dhéanamh sin agus mar sin, tá sé éasca fuath a chruthú i measc na ndaoine. Ansin, tá an chuma air go bhfuil an locht ar na teifigh bhochta a brúdh as a dtíortha féin.
Níl an locht orthu ar chor ar bith. Ní bhaineann easpa bainistíochta agus drochrialtas le daoine atá díreach i ndiaidh teacht isteach sa tír. “Céad míle fáilte” mo thóin agus tá sé náireach a chloisteáil agus a fheiceáil cé chomh gránna is atá muid ag caitheamh le daoine nach bhfuil aon rud as bealach déanta acu.
Ach mar a deirim, tá an rialtas breá sásta leis - cé go ndeir siad a mhalairt - go bhfuil an fuath ar fad dírithe ar dhaoine eile agus go bhfuil siad in ann ligint orthu féin go bhfuil siad ag déanamh maitheas don tír agus maitheas do mhuintir na hÉireann, cé nach bhfuil. Dá mba rud é go raibh siad, ní bheadh na pubaill ar fad le feiceáil i gcathracha na tíre, áit a bhfuil cónaí ar na céadta agus na mílte daoine, mar gheall ar an bhfadhb tithíochta a chruthaigh an rialtas.