Eoin Ó Murchú
I lár ghéarchéim Covid, agus ag am atá easaontas faoin gcaoi le deighleáil leis na scoilteadh san Fheidhmeannas, níl mórán airde á tabhairt ar cheisteanna a bhaineann le hAcht Gaeilge.
Mar chúlra don dul chun cinn drogallach atá á dhéanamh, deir na hAontachtaithe go bhfuil uirlis chogaidh déanta den Ghaeilge ag Poblachtánaigh agus ag náisiúntóiri i gcoitinne.
Ach deir an taobh eile go bhfuil uirlis pholaitiúil sheicteach déanta den teanga ag na hAontachóirí féin.
I ndáiríre, ní bhaineann an Ghaeilge le pobal amháin ó thuaidh. Díreach mar nach mbaineann an Gháidhilg in Albain le lucht an neamhspleáchais amháin, nó an Bhreatnais le Plaid Cymru sa mBreatain Bheag.
Is cuid d’oidhreacht an uile phobail ó thuaidh agus ó dheas í.
Tá a fhios againn go stairiúil gur bhain an eaglais Phreispitéireach níos mó úsáide as an nGaeilge ná mar a bhain eaglaisí eile in amanna, an eaglais Chaitliceach ina measc .
Ach, in ainneoin go bhfuil leithéidí Linda Ervine is Ian Malcolm ag léiriú nach gá go gcuirfeadh an teanga isteach ar dhearcadh polaitiúil Aontachtach, tá móramh an phobail Phrotastúnaigh ag glacadh le líne an DUP gur bagairt don Aontachtachas í an teanga.
Ar ndóigh, sin é atá taobh thiar den dul chun cinn mall is srianta atá ann do chearta Gaeilge. Fiú nuair a aithnítear go bhfuil reachtaíocht úr nó reachtaíocht leasaithe ag teastáil, ní chuirtear aon fhuinneamh leis. Breathnaíonn an DUP ar aon chéim ar aghaidh don Ghaeilge mar bua ag Sinn Féin.
Ach léiríonn sampla an Deiscirt nach é críoch an scéil an reachtaíocht is fearr ar aon chuma mura gcuirtear i bhfeidhm í.
Tá caint ar siúl faoi láthair ag Coiste Gaeilge an Oireachtais ó dheas i leith reachtaíocht bhreise a thabairt isteach, agus leithéidí Éamon Uí Chuív ag rá, maidir le comhlachtaí poiblí, nach fiú reachtaíocht ar bith mura bhfuil pionós airgid le cur orthu siúd a dhéanann neamhní den reachtaíocht chéanna.
Mar an gcéanna a labhair an t-iarchoimisinéir teanga, Seán Ó Cuirreáin, a dúirt nach í an easpa reachtaíochta teanga an deacracht is mó atá ag an nGaeilge ach “an teip thubaisteach a bhaineann leis an reachtaíocht sin a fhéidhmiú”.
Is fiú cuimhneamh air sin nuair a fhilleann muid ar chaint faoin Acht Teanga ó thuaidh.
Mura bhfuil an toil ann reachtaíocht a chur i bhfeidhm ní fiú mórán an reachtaíocht.
Agus tá an DUP sásta gan a dtoil a thabhairt don Acht.
Is léir nach gcreideann an DUP go bhfuil an argóint seo tugtha chun críche. Níl aon fhianaise ann, in ainneoin chaint an iar-cheannaire Peter Robinson, go bhfuil na páirtithe agus na díograiseoirí Aontachtacha sásta cearta na Gaeilge a dhearbhú.
Tá sé riachtanach mar sin go ndéanfar iarracht an díospóireacht faoin teanga a leathnú amach i measc an phobail Phrotastúnaigh i gcoitinne, ag léiriú nach bagairt ar bith atá sa teanga dá bhféiniúlacht mar Aontachtóirí más mian leo sin.
Is ceart labhairt leis na páirtithe, sea, ach tá sé níos tábhachtaí go rachadh lucht na Gaeilge amach ag caint leis an bpobal, leis na ceardchumainn, leis na heaglaisí, le Caitlicigh agus le Protastúnaigh, ag míniú:
1) gur buncheist an daonlathais é. Is é sin nach féidir an teannas a bhaint ón gcomhrá polaitiúil mura nglactar leis go bhfuil rudaí tábhachtach do dhaoine eile b’fhéidir nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leo do phobail áirithe eile.
2) go bhfuil an Ghaeilge thart orainn i ngach gné den saol, logainmneacha, stair, agus macalla de le clos sa gceol.
Ní gan fáth a cuireadh Oidhreacht Éireann mar mhana ar bhratach de chuid lóiste faoi leith den Ord Oráisteach.
Ag an am céanna is léir go mbeidh muid ag fanacht an-fhada sula mbeidh an tAontachtachas polaitiúil sásta na cearta sin a aithint.
Fillimid mar sin orthu siúd atá in ainm is a bheith ina ráthóirí ar na comhaontaithe a bhunaigh an Feidhmeannas agus an córas nua polaitíochta.
Sa gcéad áit ansin, tá rialtas Bhaile Átha Cliath – rialtas, sea, atá ag déanamh beag den teanga ó dheas ach atá oscailte do cháineadh faoin bhfaillí sin.
Agus is mó i bhfad an tionchar a bheadh ag comhéileamh ó Chaitlicigh agus ó Phrotastúnaigh, ná guth aonair; agus is mó an deacracht a bheadh ag rialtas ar bith ó dheas neamhaird a thabhairt ar an éileamh más comhéileamh é.
Agus arís, mura féidir dul chun cinn a dheanamh leis na páirtithe mar pháirtithe, is cóir an díospóireacht a leathnú amach leis na heagraíochtaí áitiúla pobail, na ceardchumainn agus na heaglaisí; agus brú a chur orthusan faoin scéal.
Ní gá go gcuirfeadh Covid stop le gach díospóireacht eile.