Eoin Ó Murchú
Tuairiscítear go bhfuil toscaireacht traspháirtí as Tuaisceart na hÉireann le dul anonn go Sasana le fadhbanna trádála idir an Tuaisceart agus an Bhreatain i gcómhthéacs an Bhreatimeachta a phlé, in éineacht le hionadaithe gnó is eile.
Níl a fhios agam cé chomh hionadaíoch is a bheidh an toscaireacht traspháirtí seo, nó go deimhin cén teachtaireacht a thabharfaidh sé do rialtas Westminster, ach i bhfianaise na gcainteanna trádála idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach tá sé tráthúil a leithéid a bheith ar na bacáin.
Ar ndóigh, tá a fhios againn go léir go bfuil difríochtaí móra – maidir le Brexit agus athaontú na hÉireann – idir na páirtithe i Stormont. Bhí sé ina thosaíocht ag Sinn Féin i gcónaí nach gcothódh an Breatimeacht bacanna in athuair i gcoinne saorghluaiseacht earraí is daoine thuaidh theas.
Maidir leis an DUP, thacaigh siadsan cuid mhaith leis an mBreatimeacht ar an dóchas go ndaingneodh sé an ceangal le Sasana. Ach níor theastaigh is ní theastaíonn uathu go mbeadh bac nó srian ar bith ar thrádáil an Tuaiscirt le Sasana.
Tá siad 100% i gcoinne aon teorainn eacnamúil a bheith ar Mhuir Éireann, is beidh siad ag iarraidh a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid. Go deimhin, tá leideanna ann go dtabharfaidh Boris Johnson éitheach don phlean sin cé gur cuid lárnach é den Chomhaontú Imeachta ar ghlac sé féin agus parlaimint Westminster leis.
Sin é atá ag teastáil ón DUP, ach cuirfidh Boris a leas agus leas na Breataine mar a fheiceann sé féin é sa túsáit i gcónaí – ní féidir leo brath air.
Maidir le Sinn Féin ba chóir go mbeadh siadsan ag iarraidh teorainn ar Mhuir Eireann a chinntiú ach ar shlí nach gcuirfi isteach ar thrádáil an Tuaiscirt le Sasana.
Lena leithéid a bhaint amach bheadh sé riachtanach go bpléifeadh rialtas Bhaile Átha Cliath agus rialtas Westminster an scéal eatarthu féin, is cuma cén ról atá ag an Aontas Eorpach ann.
Agus mar a tharlaíonn, toisc cúrsaí iascaireachta a bheith ina gcnámh spairne anois sna cainteanna móra, d’fhéadfadh an dá rialtas an ghné sin den scéal a phlé freisin. Bheadh se ciallmhmar agus loighciúil, má tá an teorainn eacnamúil ar an Muir, go mbeadh comhchóras ann d’iasacairí ó gach taobh.
Ní thuigim mar sin cén fáth nach bhfuil brú á chur ag Sinn Féin ar na húdaráis ó dheas le páirt níos gníomhaí a ghlacadh sna cainteanna trádála, agus a gcuid éilithe féin a chur chun cinn mar chuid den bhrú sin.
Ar ndóigh níl aon rialtas ann ó dheas go fóill, cé go bhfuil an chuma ar an scéal go dtiocfaidh Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile in iarracht chun an brú ar son athraithe a mhaolú. Agus ar ndoigh tá Sinn Féin sáite sna cainteanna faoin iarracht le rialtas clé a bhaint amach.
Laigeacht mhór í nach bhfuil rialtas ann ó dheas, agus níor léir go raibh spéis ag an rialtas a bhí ann nó ag an dream is dóichí a thiocfaidh i gcumhacht (Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile) sa scéal seo. Ar a bharr sin tá faitíos an domhain orthu beirt aon rud a dhéanamh ach mura gceadaíonn an Coimisiún Eorpach dóibh é.
Mar sin féin, i bhfianaise na ndifríochtaí doimhne i dtaobh thodhchaí an Tuaiscirt ba chomhartha maith é go raibh an Chéad-Aire, Arlene Foster, agus an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill, in ann aontú faoin nascacht idir an Tuaisceart agus Sasana i ndiaidh theip Flybe.
Mhínigh siad na fáthanna a bhí acu i dtéarmaí difriúla ach bhí siad aontaithe faoin riachtanas go gcuirfeadh rialtas na Breataine a chuid airgid leis na focail bhreátha a thainig ó Boris Johnson maidir le nascacht na reigiún – mar a thug sé orthu – agus Tuaisceart na hÉireann ina measc.
Is fiú tógáil ar an gcaint choiteann sin. Cinnte is chun leas na hÉireann ina hiomlán é go mbeadh socrú compordach trádála idir Éirinn ar fad agus Sasana.
Ach sa gcaoi nár chóir do rialtas Bhaile Átha Cliath luí siar is ligean don Aontas Eorpach cinneadh a dhéanamh faoi gach uile ní, ní cóir do pháirtithe an Tuaiscirt ach an oiread luí siar is ligean do Bhaile Átha Cliath an rud céanna a dhéanamh, go háirithe nuair nach bhfuil an misneach ag Baile Átha Cliath labhairt nó gníomhú ar son na hÉireann ar fhaitíos go dtiocfaí salach ar an Aontas Eorpach.
Is é sin, ag deireadh thiar, is cóir leas a bhaint as Stormont ní hamháin le naimhdeas idir an dá phobal a mhaolú is a scríos, ach chun riachtanais eacnamúla an dá phobal a chosaint freisin.