Movember – deis iontach le sláinte na bhfear a phlé

Seán Ó Dubhchon

Táimid i lár mí na Samhna, agus cráite cheana féin ag na hamhráin Nollag atá le cloisteáil sna siopaí, na maisiúcháin a fheiceáil sna fuinneoga, agus ár n-aird ar Aoine Mhór na Siopadóireachta, a bheidh ag tarlú seachtain ón Aoine seo, ar an 24 Samhain.

Ach, i measc na rudaí sin ar fad, tá feachtas tábhachtach ar siúl: Movember. Is feachtas é Movember le daoine a chur ar an eolas faoi mheabhairshláinte na bhfear, chomh maith le fadhbanna sláinte eile ar nós ailse mhagairle agus ailse phróstataigh.

Ní féidir a shéanadh nach dtugtar tús áite do shláinte na bhfear, agus muid ag smaoineamh ar shláinte i gcoitinne sa tír seo, agus is amhlaidh an scéal i dtíortha eile.

Fástar croiméal le haghaidh Movember, agus is comhartha iontach é go bhfuil níos mó agus níos mó daoine ann atá sásta labhairt amach faoi mheabhairshláinte agus fadhbanna sláinte na bhfear go cróga agus go hoscailte.

Bíonn neart feachtais ann le linn Movember le fir a spreagadh le dul chun scagthástáil a fháil. Caithfidh mé a admháil go mbíonn an-drogall orm faoi na cúrsaí seo, agus go dtugann Movember spreagadh dom cuairt a thabhairt ar an dochtúir. Bíonn fir, i gcoitinne, drogallach dul chuig an dochtúir, agus tá moladh tuilte ag aon chineál feachtais a thugann an spreagadh dóibh sin a dhéanamh.

Go pearsanta, táim go mór ar son Movember mar go dtarraingíonn sé aird ar eipidéim mheabhairshláinte na bhfear agus ar na rátaí arda féinmharaithe. Chuir beirt chara liom lámh ina mbás féin, agus tá slaod mór cairde agus gaolta liom i ndiaidh a bheith ag streachailt le cúrsaí meabhairshláinte, mé féin san áireamh. Tá cultúr ciúnais ann, agus is iontach an rud é go gcruthaíonn Movember deiseanna labhairt faoi dheacrachtaí meabhairshláinte, rud ba chóir leanúint ar aghaidh i rith na bliana.

Bhí sé de phribhléid agam mo scéal féin ó thaobh na meabhairshláinte de a insint dhá bhliain ó shin, mar chuid den tsraith Istigh Liom Féin, a stiúir Tadhg Óg Mac Dhonnagáin go máistriúil agus go héifeachtach do Bloc TG4. Labhair mé féin faoin streachailt a bhí agam le neamhord itheacháin ar cheann de na trí eagrán a rinneadh mar chuid den tsraith.

Ba dheis eisceachtúil é, go háirithe mar gur bhraith mé nach raibh an deis agus an t-ardán ann labhairt faoin ábhar riamh roimhe. Bíonn stiogma ag baint le hábhair mar sin, agus bhí mé faiteach agus eaglach labhairt amach ar dtús. Ach, ós rud é gur láimhseáladh an scéal ar bhealach a bhí thar a bheith cúramach agus dílis, bhí muinín agam an scéal a insint. Is cuimhin liom an t-aiseolas dearfach tacúil a fuair mé ó dhaoine i ndiaidh dom an scéal a roinnt. Thaispeáin sé dom gur rud maith, tacúil agus fiúntach é labhairt faoi nithe mar seo, agus go mbeadh bród le mothú, seachas an náire a bhí orm le blianta. Is cinnte gurb é sin an rud is mó a thug an fhéinmhuinín agus an neart dom a bheith níos oscailte mar dhuine, agus labhairt faoi rudaí eile a mbíonn sé deacair uaireanta labhairt fúthu go hoscailte. Beidh mé i gcónaí fíorbhuíoch as an deis iontach sin a fháil.

Léirigh an taithí sin dom chomh maith go mbíonn gá ann uaireanta na deiseanna a chruthú labhairt faoi chúrsaí meabhairshláinte. Ní tharlaíonn sé go héasca, agus mura bhfuil cúis nó leithscéal ann labhairt faoi ábhar tromchúiseach, coimeádtar faoi cheilt é. Mothaíonn go leor daoine go bhfuil sé níos éasca sin a dhéanamh, ach níl.  

Is beag am a bhíonn againn labhairt faoin mheabhairshláinte. Gluaiseann an saol an-tapa sa lá atá inniu ann. Bímid ag rith timpeall, ag iarraidh coimeád suas le gach rud, idir an saol oibre, imeachtaí sóisialta, ár dteaghlaigh agus ár gcairde. Is beag am a bhíonn againn dúinn féin, nó le bualadh le daoine ar bhonn duine ar dhuine. Ach tá sé ríthábhachtach an t-am sin a chruthú dúinn féin.

Ó labhair mé féin amach faoi mo chuid deacrachtaí meabhairshláinte féin, mothaím go bhfuil níos mó de mo chairde agus mo ghaolta níos oscailte agus níos compordaí labhairt liom faoina gcuid deacrachtaí féin, agus is iontach an rud é sin. Ach bíonn an deis ag teastáil, agus sa domhan gnóthach gasta ina bhfuilimid, caithfear na deiseanna a chruthú.

Tá cumhacht ar leith ag ‘an pionta amháin’ idir beirt i dteach tábhairne ciúin, a mhaireann ar feadh na hoíche, nó ag siúlóid ar an trá a théann ar aghaidh níos faide ná mar a shíl tú ag an tús. Ó mo thaithí féin, ní tharlaíonn na comhráite tábhachtacha seo i ngrúpaí móra, nó ag ócáidí gnóthacha. Tarlaíonn siad in áiteanna ciúine compordacha.

Feicfimid go leor postálacha ar líne sna seachtainí amach romhainn, agus tá géarghá leo. Cabhraíonn an fheiceálacht linn normalú a dhéanamh ar chabhair a lorg, nó labhairt amach, faoin mheabhairshláinte agus sláinte na bhfear. Más féidir, tabhair airgead do charthanachtaí a bhaineann le Movember. Ach, mura ndéanann tú ach rud amháin i rith na míosa seo, déan coinne le cara, díreach an bheirt agaibh. Cruthaigh an deis chainte. Gach seans go dtiocfaidh comhrá fiúntach as a chabhróidh libh beirt.

Close
Close