Michelle Nic Pháidín
Caidé an rud is mó a bheadh ina chúis aiféala dom agus mé ar leaba an bháis?
Sin í an cheist a chuir cara liom orm an lá fá dheireadh. Níl an bás agam agus tá súíl agam gurb amhlaidh a bhéas an scéal ar feadh i bhfad ach, go foill beag, is ceist thar a bheith suimiúil í. Cé acu óg nó aosta muid is fiú go mór dúinn an cheist a fhiosrú agus, ag deireadh an ailt seo, inseoidh mé daoibh cad chuige a sílim sin.
Dá mbéinnse ag fulaingt an bháis tá fhios agam go mbéinn buartha gur obair mé an oiread agus a d’obair mé. Fiú agus mé á scríobh seo, oíche Dhomhnaigh atá ann agus ní dheachaigh mé ag siúl ar an trá níos luaithe inniu siocar go raibh obair tí le déanamh. Muna ndéanfainn an méid a ndearna mé inniu bheadh sé romham arís amárach agus seans gur sin rud nach mbeadh le rá ag an té a bhí ag fáil bháis. Mar sin, sílim go gcaithfidh mé a bheith níos faichillí le mo chuid ama. An méid oibre agus atá mé ábalta a dhéanamh a dhéanamh taobh istigh d’achar ama na hoibre agus é a fhagáil aige sin.
Is é an rud is luachmhaire atá againn uilig nó am agus, cé go ndeirtear sin go minic linn, ní dhéanann muid faic fá dtaobh de. Caitheann muid ár saol buartha fá rudaí nach fiú faic iad i ndaríre - ag scrolláil tríd na meáin shosíalta ag fáil spléachadh de shaoil ár gcomharsan, ár gcairde agus buartha faoin dearcadh atá ag daoine orainn, ach is seafóid cheart sin. Is trua an t-aos óg atá ag éirí aníos sa chultúr éadomhain seo. Caitheann muid an iomarca ama ag smaoineamh ar dhearcadh daoine eile agus is cur amú ama ceart é sin - agus ag deireadh ár gcuid laethanta anseo sin rud amháin a mbeidh aiféala orainn uilig faoi.
Nuair a thagann deireadh mo chuid ama anseo beidh aiféala orm nach ndéarna mé na rudaí a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh. Bhí mé i gcónaí ag iarraidh a bheith i mo scríbhneoir ach ina áit sin is iriseoir mé. Ní hionann an dá rud ar chor ar bith ach tá beaguchtach orm an obair a fhágaíl agus mian mo chroí a leanstan. Beidh mé buartha go cinnte fá sin go deireadh an róid.
Tá a fhios agam fosta go mbeidh mé buartha nár chaith mé níos mó ama le mo chuid cairde. Is iomaí sin seanchara liom a raibh mo chroí istigh iontu nach ndearna mé iarracht dhul i dteagmhál leo ná labhairt leo leis na cianta.
Ba mhaith liom a bheith ábalta an rud atá i mo chroí a rá amach agus gan eagla a bheith orm go ngortóidh mo chuid focal duine inteacht. Mar dhaoine is deacair duinn labhairt fánár mothucháin - b’fhearr linn iad a choinneál faoi ghlas - cnapán faoin chraiceann ag dul i ndainséar agus beidh aiféala orainn lá inteacht nár labhair muid amach nuair ba chóir duinn. Tabhair moladh an áit a bhfuil sé tuillte agus tabhair comhairleach san áit a bhfuil dochar a dhéanamh. Rud amháin a chuireann aiféala orainn uilig nó focail a dúirt muid nuair nár chóir dúinn - déan cinnte go mbeidh an méid a bhíonn á rá agat ar an bheagán agus ar mhaithe leis an aidhm cheart.
Sula bhfágaim an saol seo ba mhaith liom oíche go maidin a chaitheamh ar an trá i dtír the inteacht. Ba mhaith liom éirí na gréine a choimhéad agus an gaineamh idir mo chuid ladhra agus aoibh an ghaire ar mo aghaidh. Déanfaidh mé sin, bíodh cinnte de.
Dúirt mé ag tús an phíosa seo go n-inseoinn daoibh cad chuige a bhfuil an cheist sin tábhachtach agus is é sin siocar go dtugann sé ort amharc ar an todhchaí agus ar an am i láthair gan baol an bháis romhat. An Domhnach seo chugainn fágfar an obair tí siocar nach bhfuil amárach geallta d'aon duine againn. Déanfaidh mé na laethanta saoire sin atá i mo chroí a phleanáil an bhliain seo chugainn agus beo slán a bhéas mé beidh tuilleadh le cur leo thar na blianta. Níl muid anseo ach ar feadh achar gairid agus níorbh fhiú duinn an saol seo a fhágáil gan mianta ár gcroí a chomhlíonadh. I ndáiríre ba chóir go mbeadh ár gcupán ag cur thar maol agus is againne amháin atá an chumhacht sin a dhéanamh.