Marbh le Trump...

Ciarán Ó Pronntaigh

Ní raibh ceachtar acu sa rás an tseachtain seo a chuaigh thart ach bhí ainm Biden agus Trump ag barr beagnach gach ballóide ag an am céanna. Bíonn na toghcháin lárthéarma do Theach na nIonadaithe agus don Seanad mar bhreithmheas ar an Uachtarán reatha agus tugann siad deis don phobal cumhachtaí an Uachtaráin a shrianadh nó a láidriú, de réir mar is mian leo. Bhí feachtas ag na Poblachtaigh lena léiriú gur seanfhear mí-éifeachtach a bhí in Biden nach raibh ábalta na cinntí cearta a ghlacadh agus go mbeadh tromlach de dhíth sa Seanad agus sa Teach lena stopadh.

Teist a bhí ann do Trump, chomh maith, agus bhí seisean i dtús cadhnaíochta san fheachtas lena dhíorma de lucht MAGA ag iarraidh ní hamháin na Daonlathaithe a chaitheamh amach ach ag dúil lena thaispeáint gurb é a chineál féin Poblachtachais, branda Trump, is fearr a dhéanfadh an gortghlanadh.

Cé go bhfuil an chuma chéanna ar an chóras sna Stáit agus an córas atá againne sna hoileáin seo, déanaimid dearmad go mbíonn dinimic iomlán difriúil thall. Tá córas parlaiminteach againn anseo agus baineann socruithe le tromlach a bheith ag an pháirtí is mó. Sin an fáth a raibh trí phríomh-aire againn sa Bhreatain gan aon olltoghchán. Nó ó dheas, tógfaidh Leo Varadkar maide an Taoisigh i lár mhí na Nollag gan aon cheist a bheith ann. Bíonn an ceannaire ann le toil an pháirtí agus thig leis an pháirtí fáil réitithe den cheannaire cibé uair is mian leis, cé gur deacra fáil réitithe le ceannairí áirithe, ar ndóigh.

Is é an pobal a thoghann an tUachtarán sna Stáit agus tá údarás faoi leith aige (nó aici amach anseo, tá súil againn). Ach bhí dréachtóirí an Bhunreachta thar a bheith faichilleach nach deachtóir tofa a bheadh acu agus shocraigh siad go mbeadh cumhachtaí móra ag na tionóil reachtacha agus ag na cúirteanna. Agus ó shin i leith bhí tábhacht leis na toghcháin lárthéarma. Vóta muiníne a bhíonn ann gach ceithre bliana.

D’éirigh leis na Daonlathaithe seilbh a choinneáil ar an Seanad ach is cosúil go mbeidh tromlach éigin ag na Poblachtaigh i dTeach na nIonadaithe.

Agus i gcóras na Stát Aontaithe sin bua do Biden, go háirithe cionn is nach greadadh iomlán a fuair na Daonlathaithe mar a bhí á thuar. Ach beidh impleachtaí ann don Uachtarán agus tromlach Poblachtach sa Teach. Beidh deis acu dul siar ar chuid den obair atá déanta ag Biden cheana, an obair ar an timpeallacht agus cánacha arda ar ollchomhlachtaí, mar shampla. Beidh seans acu an fiosrúchán ar an ionsaí ar an Capitol a chur ó mhaith nó thiocfadh leo fiosrúcháin dá gcuid féin a thosú, ar mhac Biden, Hunter, cuir i gcás.

An caillteoir ba mhó ar an oíche, áfach, Donald Trump. Níor éirigh le mórán de na hiarrthóirí a roghnaigh sé an dul chun cinn a bhí uaidh a dhéanamh. D’ionsaigh sé iarrthóirí measúla Poblachtacha a bhí ag iarraidh seasamh don pháirtí mar rogha ar a bhaicle féin.

An Poblachtach ba mhó a bhain, Ron DeSantis, is namhaid do Trump é agus tá an páirtí anois ag díriú a airde airsean seachas Trump mar iarrthóir Uachtaránachta. Tá baol mór ann anois do Trump go n-amharcfaidh an páirtí airsean mar an chúis nár éirigh chomh maith leo, an oiread sin go bhfuil daoine ag iarraidh ar Trump gan aon fhógairt a dhéanamh maidir leis an Uachtaránacht a dhéanamh sula mbeidh an t-atoghchán don Seanad críochnaithe in Georgia, ar eagla go ndaingneodh sé vóta na nDaonlathaithe. Is comhartha sóirt den athrú atá ann cheana go raibh ‘Trumpty Dumpty’ mar cheannlíne ag an New York Post, nuachtán a thacaigh le Trump go dtí seo.

Taobh amuigh den olc a chuir Trump ar vótálaithe forásacha ar eite chlé na nDaonlathaithe, bhí cúis eile a raibh an locht ar eite dheis na bPoblachtach as an toradh patuar a fuair siad. D’aithin mná, den chéad uair le tamall, is dócha, go raibh na cearta s’acu á gcreimeadh le cinneadh na Cúirte Uachtaraí dul siar ar bhreithiúnas Roe v Wade, a chuir bonn faoi chearta atáirgthe.

Tá rogha le déanamh ag na Poblachtaigh go luath. An mbeidh de chroí acu bata agus bóthar a thabhairt do Trump nó an mbeadh scoilt sa pháirtí dá dtarlódh sin? Mar a deir an seanfhocal, Marbh le tae agus marbh gan é.

Close
Close