Concubhar Ó Liatháin
An bhliain seo caite agus mé ag ceiliúradh mo bhreithlae, bliain le cois an leathchéid, thit mé taobh amuigh d’ionad siopadóireachta in iarthar Bhéal Feirste.
Corr coise ar liopa an chosáin agus síos liom mar thona brící... plab!
Earraí grósaeireachta i ngach áit, mo fhón ag eitilt as mo lámh... ouch, tá sin tinn!
Níor gortaíodh mé, nó sin shíl mé ag an am, ach baineadh an anáil díom agus fuair mé amach an oíche chéanna gur dhócha go raibh an galar diaibéiteas orm.
Tar éis gur éiríos i mo sheasamh go hatuirseach tinn agus mo bhród gonta níos measa ná mo cholainn, phiocas suas mo shiopadóireacht, d’aimsigh mé mo fhón póca agus ghlaoigh mé ar thacsaí chun mé a thabhairt abhaile.
Nuair a shroicheas an baile, isteach liom agus shuigh mé os comhair na tine.
Agus mé ag dul chun na leapan níos déanaí an oíche sin, mhothaigh mé righneas i mo chnámha ach dúras liom féin nach raibh an scéal ródhona agus ghléas mé mé féin don chodladh.
Ní raibh ar mo chumas dul a chodladh.
Bhí gearranál orm.
Tar éis tamaill ghlaoigh mé ar an tseirbhís otharchairr agus chinn siad criú a chur i mo threo chun an scéal a fhiosrú.
Níorbh fhada gur tháinig siad agus rinne siad scrúdú orm - an deáscéal, ní raibh mé gortaithe go dona.
Ní raibh m’easnacha briste ná aon dochar déanta do mo scamhóga mar a shamhlaigh mé.
Ach, de réir na tástála fola, bhí leibhéal siúcra an-ard agam.
Bhí sé ag 14 - ba chóir dó bheith faoi 7.
“B’fhearr duit chuig an dochtúir chun sin a fhiosrú,” a comhairlíodh dom.
Ghlac sé cúpla seachtain ach chuaigh mé chuig mo dhochtúir agus rinneadh tástálacha fola eile orm.
Luan a raibh ann agus lá arna mhárach, ar an Mháirt, fuair me glaoch uaidh ag iarraidh orm teacht isteach ar an bpointe boise.
Ní raibh aon am le cur amú, dúirt sé liom.
An uair seo bhí mo choibhneas siúcra san fhuil níos airde arís - 16.
“Tá diaibéiteas ort, a Choncubhair,” dúirt sé liom istigh ina oifig tamall gairid ina dhiaidh sin.
Ní raibh a chaint borb ná feargach ach ba léir go raibh sé ag iarraidh bheith chomh tromchúiseach is a d'fhéadfadh sé bheith.
“Tá tú ag crosbhóthar i do shaol,” ar seisean.
“Má leanann tú ort mar atá, ní ar do leas a bheidh sé. Ach is féidir leat do chúrsa a athrú.”
Chuir sé ar na scálaí mé - 324 punt! A leithéid de mheáchan.
Tá scalaí i mo sheomra folctha ach seachnaím iad de ghnáth.
Níor mhaith liom an drochscéal a bheadh le tuairisciú ag na scálaí dom!
Bheadh orm éirí as an tseacláid agus na milseáin agus na cístí agus uachtar reoite is a leithéid.
Bheadh orm réimeas nua sláinte a thabhairt isteach i mo shaol.
Bia folláin gan siúcra ann.
Téigh isteach in ollmhargadh agus pioc suas rud ar bith agus feicfidh tú go bhfuil siúcra i ngach mór gach táirge.
An rud a tharlaíonn le diabeitéas (cineál 2) ná go bhfuil an iomarca geire timpeall ar an bpaincréas agus stopann sé sin an inslin a ghineann an corp scaipeadh ar fud an choirp le dul i ngleic leis an siúcra - ar nimh de short é má bhíonn an iomarca ann.
Is féidir leis an diaibéiteas mar sin galair eile a chur ar siúl i do chorp - galar croí an chontúirt is mó ach d’fhéadfadh sé an t-imshruthú fola a mhoilliú agus dá dtiocfadh galarú ar do ghéag, d’fhéadfadh morgadh teacht air agus ansin bheithfeá i mbaol cos nó lámh nó méar nó méar coise a chailliúint.
Mar a dúirt mé roimhe, níl mé ach bliain le cois an leathchéid, táim óg go fóill.
Nó sin a shamhlaím i mo chroí istigh.
Is maith liom rothaíocht, snámh agus go leor aclaíochta eile.
Ach bhí mé níos troime ná go leor eile ón am go raibh mé an-óg.
Tá fadhb sláinte agam ó bhíos an-óg sa mhéid is nach ngineann m’fhaireog thíoróideach a dhóthain tíorocsaín.
Nuair a saolaíodh mé ní raibh mé ábalta tada a ithe gan é a chaitheamh aníos arís agus ba dhóbair ná gur cailleadh mé is mé sa chliabhán.
Glacaim taibléid tíorocsaín anois ach go fóill tá mo chorp agus mo ghoile as tiúin.
Ithim an iomarca agus ní dhónn mo chorp an fuinneamh sara n-ithim arís.
Uaireanta eile ní ithim mo dhóthain.
Is oideas é seo a bhfuil raimhreacht is easláinte mar thoradh air.
Agus tú á léamh seo, d’fhéadfá a shamhlú go bhfuilim ag cumadh leithscéalta faoi cén fath go bhfuil mé ramhar.
Ní bheifeá míchruinn is dócha cé go bhfuil an scéal beagáinín níos casta ná an gnáthmhíniú - ag ithe níos mó ná mo chuid.
Is gaol mífholláin le bia atá i gceist a bhfuil cúinsí leighis ag a fhréamh, ach tá go leor drochnósanna pioctha suas agam freisin.
Ba é an rud a thug an diagnóis diaibéitis orm a dhéanamh ná stop go tobann ar an gcúrsa ar a raibh mé.
D’athraigh mé mo chúrsa go tobann agus go buan.
Ón lá a raibh an dochtúir ag labhairt liom, tá mé tar eis staonadh de na drochnósanna go léir.
Táim ag freastal ar ‘Slimming World’ gach Luan agus chaill mé meáchan gach seachtain go dtí seo - tá ocht bpunt déag caillte agam san iomlán ag an bpointe seo agus tá súil agam leanúint orm leis dul chun cinn seo.
Tá mé tiomanta don sprioc atá agam - mo shláinte a athshealbhú.
An tástáil fola deireannach a rinne mé - bhí mo leibhéal siúcra laghdaithe go dtí 8.
D’iarr mé ar an mbanalta an gciallódh sé dá n-éireodh liom an siúcra a thabhairt faoi 7 go mbeinn leigheasta.
“Ní bheadh, ná baol air,” a dúirt sí.
“Mura dtagann athrú substaintiúil ar do shláinte agus an t-uafás meáchain a chailliúint, beidh diaibéiteas ort i gcónaí.”
Saol gan seacláid is rudaí deasa dá leithéid!
I mbéal na Nollag.
Ní sin todhchaí a shamhlaigh mé cúpla mí ó shin.
Ní chronaím é an oiread is a shamhlaigh mé - agus uaireanta géillim don chathú.
Ach don chuid is mó cloím leis an mbóthar díreach.
Tá mé ar bhóthar mo leasa anois, a bhuíochas le diaibéiteas agus corr coise i gclós an ollmhargaidh... nach ormsa atá an t-ádh!