Michaeline Donnelly
Le cúpla bliain anuas bhí lucht tionchair - nó ‘influencers’ - in ard a réime ar Facebook, Instagram, Snapchat, YouTube agus Twitter.
Bhí m’amlíne féin ar Instagram lán le haischlibeanna agus postálacha urraithe ag tae díthocsainithe, comhlachtaí próitéine agus cibé eile a raibh na blagálaithe sásta a n-aimneacha a chur leis.
Ach le seachtain anuas is cosúil go bhfuil an talamh ag bogadh faoina gcosa le líomhaintí faoi ró-úsáid Photoshop agus máinliacht chosmaideach chomh maith le bheith ag díol earraí ar chaighdeán íseal ag praghsanna iomarcacha agus ag blocáil daoine nach n-aontaíonn le tuairimí s’acu.
Thosaigh sé le leathanach amháin, @Bullshitcallouter ar Instagram, agus anois tá leathanaigh nua ag teacht ar an saol gach lá ó shin.
Déanann an leathanach seo comparáid idir íomhánna a chuir na blagálaithe féin in airde agus pictiúir a ghlacadh díobh ag na himeachtaí céanna.
Léirigh seo cé chomh fairsing is a bhí leithéidí FaceTune agus Photoshop, chomh maith le scagairí na suíomhanna féin.
Go minic bhí difear suntasach idir na pictiúir - corruair cúpla cloch meáchain fiú.
Agus seo iad na daoine céanna atá ag díol cúrsaí 8 seachtaine nó tae díthocsainithe ag geallúint go gcaillfidh tú dhá chloch.
Ní hamháin go bhfuil na pictiúir a n-athrú ach go minic ní bhíonn na daoine (cailíní go minic) seo fiú ionraic faoi na hathruithe atá déanta acu.
Is léir ó chuid de na leathanaigh seo go bhfuil obair déanta ar choirp na ndaoine seo, idir ionchlannán cíche, Botox, agus an rud is coitianta, líonú liopa.
Níl aon fhadhb agam le duine ar bith ag fáil obair den chineál seo déanta, ach thiocfadh leo ar a laghad a bheith ionraic leis na leantóirí s’acu faoi.
Mar a luaigh go leor daoine ó thosaigh an plé seo ar fad, tá neamhoird itheacháin agus fadhbanna meabhairshláinte ag dul in airde an t-am ar fad i measc óige na tíre.
Is minic a mhothaigh mé féin cac faoi mo shaol féin i gcomparáid le daoine áirithe ar Instagram, gan trácht ar dhéagóirí nach bhfuil an taithí saoil, nó an tuiscint acu nach ionann na meáin shóisialta agus an fíorshaol.
Is dócha go bhfuil muid uilig ciontach go pointe den rud céanna.
Is beag pictiúr a chuirfinn féin suas díom féin ar Instagram nó ar Facebook gan eagarthóireacht éigin a dhéanamh air.
Ach ní bheadh duine ar bith ag amharc ar smideadh s’agamsa ag iarraidh é a athchruthú, nó ag iarraidh réim aclaíochta s’agam a leanúint!
Agus níl mé ag díol rud ar bith le duine ar bith, a chuirfidh ag smaoineamh iad go gcaillfidh siad meáchan, nó go mbeidh craiceann s’acu foirfe.
Nuair a thosaigh an raic ar fad, tháinig go leor do na daoine seo (ar bhlagálaithe áilleachta nó folláine iad) le chéile le cur i gcoinne an ‘feachtas bulaíochta’ seo, mar a chuir siad féin air.
Ach caithfidh mé a rá, níl a fhios agam an féidir ‘bulaíocht’ a chur air seo.
Cinnte, tá trua agam dóibh ar bhealach - déanaimid ar fad meancóga agus tá an dráma seo ag tarlú os comhair na mílte leantóirí.
Ar an lámh eile, sílim go raibh rud éigin mar seo de dhíth le léiriú do dhaoine go bhfuil bréagacht éigin bainteach leis na cuntais seo.
Nuair a thosaigh na blagálaithe faisin ar dtús, chuir mé an-spéis iontu.
Ba bhreá liom a bheith ag dul fríd na pictiúir s’acu le smaointe a fháil do m’éadaí féin agus tháitin sé liom gur fíordhaoine iad, seachas na mainicíní foirfe a chonaic mé sna hirisí - mhothaigh mé go raibh faisean ag iarraidh níos daonlathaí ar bhealach.
Ach de réir mar a chuaigh an t-am ar aghaidh, chail mé spéis iontu, agus anois ní leanaim ach cúpla duine acu.
Go minic, mothaím go bhfuil an t- ábharachas imithe go hiomlán as smacht leo, agus go bhfuil siad chomh ‘airbrushed’ céanna is a bhí na mainicíní sin.
Caitheann siad éadaí uair amháin (nó faigheann siad mar bhronntanas iad) agus díolann siad iad ar shuíomh eile, le cúpla punt a dhéanamh.
Ní chuirfeadh sé lá iontais orm dá mbeadh daoine amuigh ansin atá i ndiaidh iad féin a chur i bhfiacha leis an stíl bheatha seo a athchruthú.
Ó thosaigh an plé seo ar fad, tá rudaí eile i ndiaidh teacht chun solais mar gheall ar an lucht tionchair; fuarthas amach go bhfuil cuid acu ag díol earraí a rinneadh sa tSín, agus atá ar fáil ar shuíomh idirlín eile, faoina n-ainmneacha féin, agus ag praghasanna iomarcacha.
Tá cuid de na hearraí seo ar chaighdeán íseal, agus go minic is beag seirbhís custaiméara atá ar fáil má dhéanann daoine gearán leis na blagálaithe.
Chonaic mé go leor daoine ag rá fosta gur blocáladh iad ó na leathanaigh seo i ndiaidh gearán a dhéanamh, nó nuair nár aontaigh siad le cibé rud a bhí á rá ag an duine sin.
Tuigim go bhfuil sé de cheart ag na blagálaithe troill a bhlocáil, agus nár cheart dóibh cur suas le bulaíocht, ach ní léiriú maith orthu mura bhfuil siad fiú sásta éisteacht le tuairimí difriúla.
Leis an oiread tionchair atá ag na blagálaithe, sílim gur cheart go dtuigeann siad go bhfuil freagracht acu do na leantóirí s’acu, agus go háirithe do dhaoine óga atá faoi gheasa acu.
Ó mo thaobhsa féin, sílim go bhfuil díthocsainiú de dhíth ar na ‘influencers’ féin seachas an tae a ól!