Ciarán Ó Pronntaigh
Cad é a bhí ag dul trí intinn Rishi Sunak agus é ag iarraidh réiteach a fháil ar cheist an Phrótacail? An raibh mianta an DUP ag cur ó chodladh na hoíche é? Nó an raibh na tuairiscí laethúla faoi mheath an gheilleagair i ndiaidh an Bhreatimeachta ag déanamh tinnis dó? Ar chúl a intinne, i rith an ama, bhí Boris Johnson agus na toghcháin áitiúla a bheas ar siúl i mí na Bealtaine, ócáid a chuirfidh deireadh lena réimeas má bhíonn tubaiste iomlán ag na Coimeádaithe.
Sa deireadh thiar thall, d’éirigh leis an phríomh-aire a fhógairt go mbeidh cruinniú aige le Ursula van der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, le séala a chur ar an chomhaontú ar cheist an Phrótacail. Tuairiscítear go mbeidh lánaí glasa ann mar aon le lánaí dearga, beidh caolú ar údarás na Cúirte Breithiúnais Eorpaí agus beidh maolú ar na rialacha a bhaineann le cúnamh stáit do chomhlachtaí. Tá seans ag Sunak anois an Breatimeacht a gheall Boris Johnson a chur i gcrích agus tá súil aige go bhfuil deireadh curtha leis an mheath shíoraí a bhí ar vótaí a pháirtí.
An cheist is práinní sa taobh seo tíre an leor seo don DUP agus an mbeidh siad sásta dul ar ais san Fheidhmeannas ag am a bhfuil géarchéim sna córais sláinte, oideachais agus leasa shóisialaigh? Beidh daoine sa pháirtí sin, na hidé-eolaithe nach nglacfaidh le creimeadh dá laghad sa nasc leis an Bhreatain, a thabharfaidh droim láimhe do mhargadh ar bith nach teorainn chrua ar thalamh na hÉireann is toradh dó.
Ach bhí nóta comhaontaithe i gcaint Jeffrey Donaldson nuair a tháinig sé amach as cainteanna le Rishi Sunak in Óstán Culloden tuilleadh agus seachtain ó shin. Beidh mé flaithiúil sa chur síos seo, nó níl aon fhianaise go raibh Sunak le plé a dhéanamh ar an chomhaontú a bhí go bunúsach faoi réir faoin am sin. Ní raibh i gceist ach an pacáistiú – cén dóigh a dtiocfadh leo an chuma a chur ar an scéal go raibh an comhaontú ag teacht le seacht dteist an DUP?
Dúirt Donaldson ag an am go raibh dul chun cinn déanta i dtrí nó ceithre cinn de na teisteanna ach go raibh obair le déanamh fós. Ceann de na rudaí a luaitear an ceannas a bheadh ag an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach i gcúrsaí na sé chontae, rud a bheadh ag teacht salach ar cheannas na Breataine. Tugadh le fios oíche Shathairn go mbeadh ‘suíochán ag an tábla’ ag an DUP sa phróiseas sin. Ar an chéad léamh, shílfí gur ceart crosta a bheadh ag an DUP ach ní miste an dara hamharc a thabhairt. Bhí caint ann ó chéad lá an Phrótacail go mbeadh vóta sa Tionól ar chur i bhfeidhm na rialacha a bhain leis an tuaisceart. Ní miste a chur san áireamh nach bhfuil móramh ag na hAontachtaithe sa Tionól mar atá rudaí anois ach thiocfadh le Donaldson a mhaíomh gur réiteach é ar cheist cheannas na hEorpa sa Ríocht Aontaithe.
Dá mbeadh ciall ag an DUP, dhéanfadh siad buaileam sciath de na hathruithe móra atá sa mhargadh atá beartaithe agus é a úsáid lena chur in iúl dá lucht vótálaithe gurbh iadsan a thiomáin an leasú. Chaillfeadh sé cuid de na daoine ar an imeall, Nigel Dodds, mar shampla, daoine a bhfuil saol polaitiúil ar an taobh eile de Mhuir Éireann acu, agus bhéarfadh sé deis do Jim Allister cuid acu a mhealladh. Ach bheadh deis aige chomh maith cuid den talamh láir a bhaint ar ais don pháirtí agus seo a dhíol mar bhua polaitiúil.
Seans go mbeidh air tamall a ghlacadh agus nach gcluinfimid freagra dearfach uaidh go ceann roinnt seachtainí. Is comhartha é seo go bhfuil sé fós ar an aistear. Ní maith liom é a lua ach an mbeidh ar na páirtithe eile cuid den ualach a thógáil leis an mhargadh a dhíol le cosaint a thabhairt don DUP lena mealladh ar ais san fheidhmeannas? Ar ndóigh, thiocfadh leis an DUP dul ar ais san Fheidhmeannas gan séala a thabhairt don chomhaontú ar an Phrótacal nach n-aontaíonn a pháirtí leis. Léirigh an dlúthpháirtíocht idir na páirtithe i ndiaidh an ionsaithe uafásaigh ar John Cardwell ar an Ómaigh go bhfuil spás ann don DUP bheith níos báúla faoin pholaitíocht ‘ar mhaithe le dea-chaidreamh’ sa phobal in am an ghátair. Agus Donaldson ag cur rudaí sa mheá, is léir go mbeidh teannas mór sa pháirtí cibé dóigh a léimeann sé.