Léaró beag dóchais?

Ciarán Ó Pronntaigh

Seo linn arís agus iarracht eile againn teacht ar réiteach.

Ach beidh rudaí difriúil an iarraidh seo, dar leis an dá rialtas.

“Seachtainí seachas míonna,” arsa an Tánaiste, Simon Coveney.

“Níl an dá thaobh chomh fada sin óna chéile,” arsa an Státrúnaí, ag léiriú a dóchais as na cainteanna a thosófar Dé Céadaoin.

Bhí ceist ann an mbeadh Sinn Féin páirteach sna cainteanna nua ach tá siad sásta seans a thabhairt don iarracht úr seo.

Agus tá athrú tagtha ar an atmaisféar polaitiúil le tamall beag, go háirithe i ndiaidh na díospóireachta sibhialta idir John O’Dowd agus Edwin Poots ar an chlár teilifíse, The View, le gairid.

Dar leis na páirtithe, níl aon athrú tagtha ar na príomhphointí aighnis, Acht na Gaeilge, pósadh comhghnéis agus oidhreacht na coimhlinte.

Níor mhiste a lua, ag an phointe seo, cad chuige a bhfuil Acht na Gaeilge neamhspleách chomh tábhachtach don chothromóid seo agus cad chuige nach nglacfar le hacht cultúir a chuimseodh gnéithe eile den chultúr, Albainis Uladh san áireamh.

Sa chéad dul síos, tá Acht na Gaeilge geallta go sonraíoch i gComhaontú Chill Rìmhinn.

Cé go luaitear Albainis Uladh níl luaitear acht léi.

Ach ar mhaithe leis an chomhaontú nár chóir do lucht na Gaeilge giota beag a chomhghéilleadh agus Acht na dTeangacha a aithint mar bhealach idir eatarthu?

An freagra a bheadh agam ná níor chóir.

Ní ceist chomhghéillte atá ann ar chor ar bith.

Níl Albainis Uladh ar aon chomhchéim leis an Ghaeilge ó thaobh forbartha de.

Níl scoileanna sa teanga, níl meáin chumarsáide sa teanga agus, go bhfios domsa, níl foclóir caighdeánach ar fáil sa teanga.

Agus dírím d’aird ar an rud a dúirt Nelson McCausland nuair a bhí sé ina Aire Cultúir agus é ag caint go poiblí ag comhdháil teangacha i mBéal Feirste.

Luaigh sé go raibh staid Albainis Uladh i bhfad níos measa ná staid na Gaeilge agus gur mhaith leis-sean an scéal a chur ina cheart.

Mar gheall air sin, dar leis, bheadh sé ag díriú ar Albainis Uladh d’fhonn go mbeadh sí ar chomhchéim leis an Ghaeilge.

Sin an chontúirt atá le hAcht na dTeangacha ó thuaidh.

Ní bhainfeadh an Ghaeilge rud ar bith amach go dtí go sroichfeadh Albainis Uladh an leibhéal forbartha céanna amach; mura bhfuil Albainis Uladh ag an staid sin go fóill beidh ar an Ghaeilge fanacht go dtí go mbeidh.

Agus má tá cearta ag an Ghaeilge nach bhfuil ag Albainis Uladh, nár chóir iad a chreimeadh chomh maith sa dóigh go mbeadh an dá theanga ar chomhchéim?

Ach cuirim an cheist seo: Nach dtiocfadh leis an dá thaobh suí síos i gcoirnéal beag agus rud éigin cruthaitheach a oibriú amach?

Acht na Gaeilge neamhspleách AGUS reachtaíocht eile a chuideodh le forbairt agus stádas Albainis Uladh.

Tá a fhios ag an saol mór cad atá ó lucht na Gaeilge.

Thiocfadh labhairt le lucht Albainis Uladh faoin cheist, cé go bhfuil siad mórán ina dtost fúithi.

Thiocfadh go mbeadh stádas Arlene Foster mar cheannaire ar an DUP ina fhachtóir sna cainteanna chomh maith.

Ar roinnt cúiseanna ní thig le ceannaire an DUP feidhmiú gan post tofa a bheith aici.

Má dhíscoirtear Stormont ní bheidh suíochán mar Bhall Tionóil ag Arlene agus beidh an lámh in uachtar ag an ‘drong thrioblóideach’, an t-ainm a tugadh ar an chuid sin den pháirtí nach raibh róthugtha do roinnt na cumhachta.

Tá an chuid is mó acu in Westminster, áit nach dtiocfadh leo mórán dochair a dhéanamh... a fhad is a bhí an Feidhmeannas in Stormont ag dul.

Tá áit níos tábhachtaí acu anois mar gheall ar an chomhaontú leis na Coimeádaithe agus is beag an spéis atá acu sna cainteanna.

Dé Sathairn, dúirt Gregory Campbell sa Belfast Telegraph go raibh sé éadóchasach go mbeadh comhaontú ann sna cainteanna.

Níl a fhios agam an mbeadh daoine níos liobrálaí sa DUP, amhail Simon Hamilton, ar an téad chéanna, agus a dtodhchaí pholaitiúil ag brath ar Stormont.

Beidh dúshlán ann, amach anseo, teacht ar chomhaontú ach feicim léaró beag dóchais ann.

An argóint is mó ar a shon go bhfuil cúrsaí ag athrú chomh gasta sin anois, le Breatimeacht, laige na dTóraithe agus cúrsaí suaite ó dheas, go n-aithníonn gach páirtí nach gá go mairfeadh cibé comhaontú a dtiocfar air ach seal beag gairid.

Close
Close