Moladh ann £2 mhilliún a bhaint de 261 Ionad Pobail

Tá ionaid Ghaeilge i measc na seirbhísí atá i mbaol de bharr moladh nua ón Roinn Pobal ó thuaidh.

Faoi láthair cuireann Stormont ciste ar fáil le dul i ngleic le bochtanas agus díothacht, agus baineann ionad teaghlaigh mar Ionad Uíbh Eachach agus an Droichead i mBéal Feirste, mar aon le 259 ionad pobail eile, leas as an mhaoiniú seo.

Ach tá baol ann anois go ngearrfear £2 mhilliún ón chiste seo sa chéad bhliain airgeadais eile agus go ndruidfear na seirbhísí.

In 2017-2018 bronnadh £18 milliún ar 261 grúpa pobail agus iad ar fad sna ceantair is boichte i dTuaisceart na hÉireann.

Ó thosaigh an sceim gearradh an buiséad ón £24 milliún a bhí ar fáil ar dtús go £18 milliún. 

Anois tá sé tar éis teacht chun cinn go bhfuil státseirbhísigh sa Roinn Pobal ag amharc ar bhealaí le gearradh siar ar an chiste arís.

Ní hamháin gur ionaid teaghlaigh atá i mbaol; grúpaí ban, cumainn áitritheoirí agus clubanna óige.

Cuireadh na moltaí nua in iúl dóibh uilig an mhí seo caite.

‘An Ciste Athnuachana Ceantair’ is teideal don chiste agus é de sprioc aige éagothroime i limistéir uirbeach a laghdú. 

Chuaigh an scéim i bhfeidhm ar 10% de na ceantair is boichte ó thuaidh, nó duine as gach seisear.

In 2008/2009 cuireadh maoiniú de £24 milliún ar fáil do ghrúpaí pobail.

Nuair a rinneadh measúnacht ar thairbhe na scéime/an chiste in 2014 fógraíodh gur tháinig feabhas le gnóthachtáil acadúil agus go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar cheist toirchis daoine faoi aois. 

I dtuairisc a foilsíodh i mí Eanair na bliana seo ag lucht léinn Ollscoil na Banríona, fógraíodh gur tháinig laghdú ar bhochtaineacht bhreosla chomh maith. 

Tá an cás ag cur imní ar roinnt páirtithe, Sinn Féin, an SDLP agus an DUP ina measc.

Ach dúirt an Roinn Pobal leis Meon Eile nach bhfuil cinneadh ar bith déanta agus go ndéanfar cinntí ó thaobh maoinithe ar bhonn cás ar chás. 

D’éist Leasrúnaí na Roinne, Ian Snowden, le cúis imní na ngrúpaí nuair a chas sé leo ag crúinniú ar 31 Eanair.

Eagraíodh an cruinniú sin ag NICVA (Comhairle Ghníomhanna Deonacha Thuaisceart Éireann) – bratchomhlacht a dhéanann ionadaíocht ar an earnáil phobail agus dheonach. 

Dheimhnigh urlabhraí ón Roinn go bhfuil sé i gceist acu £2 mhilliún a ghearradh ón Chiste Athnuachana Ceantair. 

Dúirt an t-urlabhraí céanna linn, “No decisions can be made on next year’s budget for Neighbourhood Renewal funding until overall budget allocations to the Department for Communities and other departments have been determined.  We cannot yet confirm when this will happen.” 

Nuair a d'fhiafraigh muid den Roinn faoi thodhchaí na seirbhísí atá i mbaol, dúradh:

“The Department does not have responsibility for childcare and afterschool clubs and therefore cannot comment on this type of support for the Irish medium sector. The purpose of the Neighbourhood Renewal Strategy is to address the social and economic inequalities which characterise the most deprived areas.  In doing so it works in partnership with communities to identify and prioritise needs and coordinate interventions designed to address the underlying causes of poverty.”

Labhair Meon Eile le Sue Pentel ó Ionad Uíbh Eachach agus le Pól Deeds ó An Droichead faoi na himpleachtaí a bheidh ag an chiorrú seo ar sheirbhísí s’acu agus faoin tionchar a bheidh ann ar na pobail thart orthu.

Close
Close