John Hume - Beart, briathar agus breithiúnas

Níor ghá go mbeadh an ceart ag John Hume maidir le cad is cogaíocht ann agus cad is moráltacht ann. Chonaic muintir Dhoire an oiread de bhrúidiúlacht an stáit ag tús na dtrioblóidí gur dhoiligh a rá le duine óg gan gunna a thógáil lena phobal a chosaint. Thuig John Hume sin agus dá mbeadh sé le tionchar a imirt ar chúrsaí, bheadh air tabhairt faoi sin, ar dtús.

Níor leor dó díspeagadh agus cáineadh a dhéanamh ar Ghluaiseacht na Poblachta as cogadh a fhearadh ina bhfuair daoine bás. Rinne sé cáineadh, go cinnte, agus rinne sé é go láidir. Ach bhí rud sa bhreis ag John Hume a shainigh é mar mhórphearsa stairiúil an fichiú haois, ní mar pholaiteoir náisiúnach a ghlac taobh amháin sa choimhlint. Bhí argóint láidir ar son na síochána aige ar chloígh sé léi i rith a shaoil, ach, in éineacht leis sin, rinne sé beart de réir a bhriathair – chuaigh sé i ngleic leis na hargóintí a bhí ag na daoine nár aontaigh sé leo. Ar a bharr sin is uile, bhí de bhreithiúnas ann cinnte a dhéanamh de go mbeadh toradh ar an iarracht a bhí sé a dhéanamh.

Chonaic John Hume go leor den leatrom a bhí ar Chaitlicigh agus é ag fás aníos agus, ina dhiaidh sin, ina shaol proifisiúnta chomh maith. Ba sna luathlaethanta múinteoireachta sin, chomh maith, a chonaic muid imir den chur chuige a bhí sé le húsáid níos moille anonn. Ba spéisiúil éisteacht le hiarscoláirí dá chuid agus iad ar bhóithrín na smaointe ar na meáin seachtain an tórraimh. Gach duine acu, mhaígh siad go raibh modheolaíocht phraiticiúil aige ina chuid ranganna. Níor leor dátaí agus fíricí ina rang staire, mar shampla. Ba mhinic a thug sé an rang uilig amach chuig suíomh ina raibh an stair ag tarlú, an chúirt áitiúil nó fóram éigin daonlathach. Sa rang Fraincise aige, ba i bhFraincis a d’iarr sé ar na daltaí labhairt le linn an ranga. Gníomh in áit na cainte.

Agus bhí a shliocht sin ar an chur chuige a d’úsáid sé maidir leis an fheachtas mhíleata a bhí ar siúl ag an IRA. Labhair sé leis na ceannairí Poblachtacha agus tháinig sé ar thuiscint ar cad é a bheadh de dhíth le cúl a thabhairt leis an fheachtas armtha. Dúradh leis nach raibh bealach ar bith eile ann le saoirse a bhaint amach seachas an cogadh. Dúshlán a bhí ann, ar ndóigh, ach ní dúshlán dosháraithe, dar leis. Le linn na gcainteanna fada, tháinig sé ar chomhaontú a chuirfeadh deireadh leis an fheachtas armtha ach comhaontú a thug treo nua do na Poblachtaigh, iomaire a bhí siad a threabhadh go rathúil ó shin i leith.

Ní áibhéil a rá gur chuir John a shláinte féin i mbaol le linn na gcainteanna le Gerry Adams. Cáineadh go géar é, fiú taobh istigh dá pháirtí féin. Bhí cartún ar an Irish Independent ag an am a léirigh é mar dhuine le fuil ar a lámha. Bhí an brú ag dul i méad i rith an ama. Ach bhí John Hume daingean diongbháilte – ní ghéillfeadh sé orlach dá dtiocfadh leis duais na síochána a bhaint amach. Sa deireadh thiar, bhí toradh ar an obair. Bhí síocháin ann agus comhaontú a d’fhág an pobal i gcruth níos cothroime.


Agus iad ag iarraidh áit John Hume sa stair a mheas, chuir roinnt tráchtairí i gcomórtas le Daniel O’Connell é, ar a mhéad a bhí de thionchar aige ar shaol na hÉireann. Agus an ceart acu. Bhí tonnta na staire ag bualadh ar ais ar a chéile in Ardeaglais Naomh Eugene i nDoire ar lá a thórraimh. Ba é Daniel O’Connell, ar ndóigh, a stiúir an feachtas chun an tAcht Faoisimh do Chaitlicigh a thabhairt isteach, an t-acht a thug cead do Chaitlicigh tosú ar thógáil na hardeaglaise sa bhliain 1849.


Ach cáineadh O’Connell ag an am as cás na gCaitliceach a chur roimh aisghairm Acht an Aontaithe. Ba chuma cá mhéad ollslua a bhí aige, cuireadh i leith O’Connell gur feachtas Caitliceach a bhí ann. Sa deireadh, fuair Daniel O’Connell bás gan sprioc na haisghairme a bhaint amach. An bua a bhí ag John Hume, áfach, gur thug sé rialacha nua isteach sa chluiche, rialacha a n-aontaíonn móramh mór an phobail leo. Is cluiche neamh-mharfach atá ann anois.


As sin, ní mór dúinn uilig bheith buíoch.

Close
Close