Is ionann muid agus an nádúr, dá n-éistfeadh muid leis níos mó bheadh an saol níos éasca

Le Katie McGreal

Tá an t-earrach tagtha agus an samhradh ar an mbealach agus aithníonn muid ar fad na bláthanna agus plandaí ag fás agus an ghrian ag éirí níos luaithe ar maidin. Tá an saol thart timpeall orainn níos gile agus airím féin go bhfuil níos mó fuinnimh agam anois ná a bhí le míonna beaga anuas agus níl iontas ar bith orm.

Is ionann muidne agus an nádúr. Is mar chuid den nádúr muid, is ainmhí muid, agus go minic le linn an gheimhridh tógann ainmhí sos, ach ní sin mar atá sé don duine daonna. Bíonn an córas caipitlíoch ag iarraidh orainn a bheith ag obair an t-am ar fad, agus má tá an t-ádh linn, tugtar 20 lá saor sa bhliain dúinn, am saor a thógann muid go minic sa samhradh agus muid ag iarraidh dul ar saoire go háit atá beagán níos teo ná ár dtír álainn féin. Ciallaíonn sin go bhfuil muid ag obair go dian dícheallach an chuid eile den bhliain. Ach dá mba rud é gur ainmhí muid bheadh muid ag leanúint na séasúr agus na gréine agus bheadh muid inár gcodladh níos mó sa gheimhreadh toisc nach bhfuil mórán de sholas an lae ann le rudaí a fheiceáil.

Ach tháinig daoine aníos le réiteach na faidhbe sin. Chruthaigh muid leictreachas le gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag obair agus ag déanamh rudaí fiú nuair nach bhfuil solas an lae ann. Táimid in ann neamhaird a dhéanamh ar an domhan thart timpeall orainn agus leanúint orainn ag déanamh ár dtascanna rialta.

Teastaíonn sos uainn agus nuair a dhéanann muid neamhaird air sin, éiríonn muid tinn. Tinn sa chorp agus tinn san intinn agus muid ag mothú in ísle brí. Tarlaíonn seo mar táimid ag dul in aghaidh nádúr an duine.

Go minic deir do chorp leat go dteastaíonn sos uait ach deir d’intinn go gcaithfidh tú leanúint ar aghaidh ag obair. Bealach simplí le sosanna leanúnacha a thógáil agus le d'intinn agus do chorp a chur ar an tuiscint chéanna ná cleachtadh aireachais rialta a bheith agat. Ciallaíonn cleachtadh aireachais go gcuireann tú cúpla nóiméad ar leataobh gach lá nó gach seachtain le suí leis na súile dúnta agus gan a bheith ag déanamh aon rud. Leis an gcleachtadh seo, aithneoidh tú go bhfuil go leor leor smaointe agat, ní stopfaidh na smaointe ach beidh do chorp ag stopadh ar bhonn rialta agus beidh tú in ann na smaointe seo a aithint agus a aithint cé chomh gnóthach is atá siad. 

Tabharfaidh sé deis duit a aithint nuair atá tuirse ort agus nuair a theastaíonn sos ceart agus beidh tú in ann pleanáil thart air sin ar bhealach cuí. Muna n-éisteann muid lenár gcorp, ní aithneoidh muid go bhfuil sos uainn go dtí go bhfuil sé rómhall agus táimid dubh dóite nó tinn.

Cleachtadh maith agus simplí eile gur féidir leat a dhéanamh ná a bheith airdeallach ar an nádúr timpeall ort. Má tá na plandaí agus an ghrian agus na hainmhithe ar fad ina luí go luath, b'fhéidir gur cheart duitse smaoineamh ar dhul a luí fosta.

Close
Close