Is gá do na fir a bheith mar chuid den réiteach

MaryClaire Nic Uilliam

Ar ghabh sé leithscéal toisc go raibh aiféala air nó toisc gur cáineadh é? Ceist a bhí orainn uilig a chuir orainn féin an tseachtain seo agus fear eile ina dhiaidh an líne a thrasnú, duine éigin a ghortú agus raic a thoiseacht ar líne go háirithe. In eagrán de chuid Have a Word, podchraoladh a taifeadadh siar in 2025, rinne Vittorio Angelone jóc dírithe faoi íospartach éignithe. Ní hamháin sin ach scaip sé gearrthóg ar na meáin shóisialta ar nós gur údar bróid a bhí ann. Ó shin, ghabh sé leithscéal go poiblí ar na meáin shóisialta agus leis an íospartach í féin. Deir sé go dtuigeann sé anois nach raibh sé greannmhar agus go bhfuil aiféala air - an leithscéal a bhí muid ag dúil leis. 

Níor chuir sé iontas ar dhaoine go ndearna fear a leithéid áfach. Tá mná agus íospartaigh cleachtaithe le córas agus sochaí a dhéanann neamhaird orthu, a chuireann iad ina dtost agus a cheistíonn iad muna gcomhlíonann siad na critéir sheafóideacha i dtaca leis an ‘íospartach ceart’. Bheinn ag ceistiú cad é mar a thiocfadh le fear sa lá atá inniu ann peann a chur ar pháipéar agus jóc a scríobh maidir le héigniú? Cad é atá greannmhar faoi? Shíl mé go raibh muid uilig den tuairim go bhfuil sé doghlactha a leithéid a úsáid mar ábhar grinn, go háirithe sa chomhthéacs ina bhfuil muid. Tá na staitisticí agus scéalta dosheachanta, go háirithe ó thuaidh. 30 bean maraithe idir 2019 agus 2024 i dTuaisceart na hÉireann. Cúrsaí ag dul in olcas ó dheas fosta agus beagnach 24,000 duine a chuaigh i dteagmháil le hionaid de chuid Rape Crisis Ireland i mBaile Átha Cliath in 2025. 

Chuir Vittorio Angelone iontas ar dhaoine áfach. Feirsteach atá ina dhiaidh roinnt airde a tharraingt le blianta beaga anuas go háirithe as an dóigh a seasann sé i ndlúthpháirtíocht le grúpaí éagsúla. Daniel Sloss fosta. Fuirseoir eile a bhí sna trithí gáire nuair a d’inis Angelone a ‘jóc’. Fear a sheas ar stáitse in 2019 agus a d’impigh ar fhir a bheith níos fearr agus dúshlán a gcairde a thabhairt nuair a thrasnaíonn siad an líne toisc gur theip air féin déanamh amhlaidh. Bhí muid den tuairim gur cairde móra dár gcuid a bhí iontu. Agus is é sin an rud a chuireann déistin agus díomá orainn achan uile uair a tharlaíonn sé.

Mar ghirsigh óga, chuala muid uilig an chomhairle chéanna. Ná siúlaigí abhaile libh féin. Ná habair leis an tiománaí tacsaí cén t-árasán ina bhfuil tú i do chónaí. Ná téigh ar do ghutháin agus tú amuigh leat féin ionas go mbeidh tú airdeallach ar do thimpeallacht. Chuala muid faoin ‘namhaid’. Strainséirí amuigh sa dorchadas, curtha i bhfolach sa chúlsráid. Is ann dóibh go cinnte ach an rud a nochtaigh an scéal seo ná an fhírinne, an taobh millteanach mailíseach den tsochaí ar chóir dúinn uilig a bheith ar an eolas faoi. Is iad na daoine a oibríonn linn, atá mar chuid den chlub céanna, atá cairdiúil lenár gcairde nó níos measa, atá mar chara s’againne. Ní bhíonn muid ag dúil leis agus nochtann siad iad féin trí jóc a insíonn siad, téarmaí a dhíríonn siad ar mhná nó fuirseoirí a leanann siad ar na meáin shóisialta.

Dóibh siúd a deir gur jóc a bhí ann, nochtann jócanna mar seo an meon atá ann sa lá atá inniu ann maidir le foréigean in éadan na mban, mar nuair a fhaightear ar shiúl le jóc mar seo, tugtar le fios nach bhfuil meas nó dínit tuilte ag íospartaigh agus leanann an roth ag tiontú, ag dul in olcas agus níos mó gránach ag teacht amach as an phobal le ráitis níos measa ná rud ar bith a dúirt fuirseoir ar stáitse. Sin ráite, níl saol an mhadadh bháin ag na fir ach oiread. Go háirithe gasúir óga agus iad ag fás aníos. Is íospartaigh iad agus na tionchairí móra, Andrew Tate agus a leithéid, ag díriú ar ghasúir óga, leochaileacha, uaigneacha a bhíonn ag iarraidh cairde agus pobal a aimsiú ar líne. Baintear leas as roinnt daoine san fháinne fí seo, beag beann ar inscne a léiríonn cé chomh fíochmhar is atá an saol sa lá atá inniu ann.

Bheadh sé furasta a rá gur chóir dúinn an chluas bhodhar a thabhairt do Vittorio Angelone, Daniel Sloss agus achan duine eile a nochtann iad féin mar seo. Agus le bheith soiléir, níor chóir go mbeadh an dualgas ar mhná oideachas a chur ar fhir faoin dóigh chun meas agus dínit a léiriú ach tá spás de shórt éigin de dhíth chun leithscéal a ghabháil, foghlaim agus gníomh a ghlacadh. Ní leor é leithscéal amháin. Caithfear beart de réir briathair a dhéanamh agus a chruthú go bhfuil tú ag seasamh linn in áit inár n-éadan mar muna bhfuil tú mar chuid den réiteach, tá tú go cinnte mar chuid den fhadhb.

Close
Close