Is féidir linn muid féin a chosaint ar COVID-19

Máire Treasa Ní Cheallaigh

Tá sé in am againn féachaint go grinn ar an gcoróinvíreas nua, nó COVID-19 mar atá baistithe air anois, agus tuiscint de bheagán a fháil air.

Fógraídh le linn na seachtaine seo caite gur thaisteal bean ar ais ó thuaisceart na hÍodáile agus í curtha chun na hotharlainne i mBéal Feirste as siocair go raibh sí ag fulaingt le siomptóim an choróinvíris - an chéad chás in Éirinn.

Agus le linn an deireadh seachtaine deimhníodh go bhfuil an chéad chás den víreas tagtha go deiseart na tíre i ndiaidh d'fhear seal a chaitheamh sa limistéar tíre céanna san Iodáil.

Ó thús na bliana, thosaigh an víreas ag taisteal siar ón tSín agus, faoin tráth seo, ní fada go mbeidh sé ag tairseach ár ndoirse féin.

Ní le beagán a dhéanamh den tinneas seo, go háirithe agus daoine maraithe aige, ach an rud is measa a d’fhéadfaí a dhéanamh ná an cnaipe práinne a bhrú.

Níl aon fhianaise againn go bhfuil sé tada níos measa ná an fliú a thagann i ráigeanna gach geimhreadh.

Tiocfaidh biseach ar an gcuid is mó de na daoine a tholgann é, díreach mar a tharlaíonn leis an bhfliú. Bhí an Gearshiondróm Trom Riospráide, nó SARS, agus go deimhin víreas eile a thosaigh sa Mheán Oirthear (MERS), i bhfad níos marfaí ná COVID-19.

Chomh maith leis sin, bí cinnte go bhfuil na mílte cás den víreas seo ar fud an domhain faoi láthair, nach bhfuil muid fiú ar an eolas fúthu, de bharr nach bhfuil an té a bhfuil sé air buailte go dona aige.

Maraíonn an fliú i bhfad níos mó daoine chuile bhliain beo.

Tá vacsaín againn dó, agus ina ainneoin sin ní bhacann le go leor é a fháil, agus diúltaíonn go leor eile dó.

Cé go bhfuil a fhios againn go bhfuil sé ábalta an drochbhail céanna a chur orainn agus atá COVID-19, ní bhíonn an faitíos céanna againn faoi.

Tá sé soiléir gurb é an easpa eolais atá ag cur scanradh orainn. Agus ní chuidíonn físeáin de dhaoine thart timpeall na Síne ag caitheamh púicíní ar a mbéal, agus bailte agus cathracha coinnithe faoi ghlas linn ach oiread. D’fhéadfaí an rud céanna a dhéanamh nuair a thosnaíonn ráig den fhliú san Astráil. Ach ní dhéantar.

Tá cúpla údar dóchais againn. Níor thóg sé i bhfad ar eolaithe bealach a aimsiú chun tástáil a dhéanamh ar an víreas. Ciallaíonn sé sin nár cheart go mbeadh mórán moille ar vacsaín.

Go dtí seo, níl maraithe aige ach daoine atá go dona cheana féin, nó daoine a bhfuil tinnis eile ag dul dóibh. Arís, nílim ag déanamh beagán de seo. Tá daoine básaithe dá bharr agus is tragóid é sin. Ach, faraor, maraíonn víris, nó ionfhabhtuithe a bhuaileann san ospidéal nó sa bhaile iad, na daoine seo freisin.

Tá an fhios againn gur galar riospráide é agus go dtaistealaíonn sé ar ár lámha. Mar sin, coinnigh do lámha glan, agus seachnóidh tú go leor, chomh maith le COVID-19, tá súil agam.

Close
Close